+Airteagal 69 1

Airteagal 69 1

1.   Féadfaidh an Coimisiún sonraíochtaí comhchoiteanna a leagan síos i gcód gréasáin de bhun Airteagal 72(1), pointe (b), den Rialachán seo nó féadfaidh sé gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh lena mbunaítear sonraíochtaí comhchoiteanna maidir leis na ceanglais a leagtar síos in Airteagal 50 de Threoir (AE) 2024/1788, sna cásanna seo a leanas:

(a)

mura gcumhdaítear na ceanglais sin le caighdeáin chomhchuibhithe, nó le codanna díobh, a bhfuil na tagairtí díobh foilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh;

(b)

go bhfuil sé iarrtha ag an gCoimisiún, de bhun Airteagal 10(1) de Rialachán (AE) Uimh. 1025/2012, ar cheann amháin nó níos mó de na heagraíochtaí Eorpacha um chaighdeánú caighdeán comhchuibhithe a dhréachtú do na ceanglais sin agus ceann amháin ar a laghad de na coinníollacha seo a leanas comhlíonta:

(i)

nár ghlac aon cheann de na heagraíochtaí Eorpacha um chaighdeánú an iarraidh ón gCoimisiún,

(ii)

go bhfeiceann an Coimisiún go bhfuil moill mhíchuí le glacadh na gcaighdeán comhchuibhithe iarrtha;

(iii)

go bhfuil caighdeán seachadta ag eagraíocht Eorpach um chaighdeánú nach bhfreagraíonn go hiomlán don iarraidh ón gCoimisiúin; nó

(c)

go bhfuil cinneadh déanta ag an gCoimisiún i gcomhréir leis an nós imeachta dá dtagraítear in Airteagal 11(5) de Rialachán (AE) Uimh. 1025/2012 chun na caighdeáin chomhchuibhithe nó codanna díobh lena gcumhdaítear na ceanglais sin a choinneáil ar bun le srian nó na tagairtí do na caighdeáin sin, nó do chodanna díobh, a tharraingt siar.

Glacfar na gníomhartha cur chun feidhme dá dtagraítear sa chéad fhomhír den mhír seo i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 81(3).

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas
  • Builddate: 15.07.2024 00:00:00 -Doknr: CELEX:32024R1789
  • EULAW -

    EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.

    DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.