+Airteagal 72 Cóid ghréasáin a bhunú le haghaidh hidrigine
---+Airteagal 72 1
---+Airteagal 72 2
---+Airteagal 72 3
---+Airteagal 72 4
---+Airteagal 72 5
---+Airteagal 72 6
---+Airteagal 72 7
---+Airteagal 72 8
---+Airteagal 72 9
---+Airteagal 72 10
---+Airteagal 72 11
---+Airteagal 72 12
---+Airteagal 72 13
---+Airteagal 72 14
---+Airteagal 72 15

Airteagal 72 Cóid ghréasáin a bhunú le haghaidh hidrigine

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil
Airteagal 72 1

1.   Tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 80 chun an Rialachán seo a fhorlíonadh trí chóid ghréasáin a bhunú sna réimsí seo a leanas:

(a)

éifeachtúlacht fuinnimh maidir leis na gréasáin hidrigine agus na comhpháirteanna chomh maith le héifeachtúlacht fuinnimh maidir le pleanáil gréasáin agus infheistíochtaí lena gcumasaítear an réiteach is éifeachtúla ó thaobh fuinnimh de, de réir peirspictíocht córais;

(b)

rialacha idir-inoibritheachta le haghaidh an ghréasáin hidrigine, lena n-áirítear aghaidh a thabhairt ar na comhaontuithe idirnasctha, aonaid, malartú sonraí, trédhearcacht, cumarsáid, soláthar faisnéise agus comhar idir rannpháirtithe ábhartha sa mhargadh chomh maith le cáilíocht hidrigine, lena n-áirítear sonraíochtaí comhchoiteanna ag pointí idirnaisc agus caighdeánú, bolú, measúnuithe costais is tairbhe ar dheireadh a chur le srianta ar shreabhadh trasteorann i ngeall ar dhifríochtaí cáilíochta hidrigine agus tuairisciú ar an gcáilíocht hidrigine;

(c)

rialacha le haghaidh an chórais cúitimh airgeadais don bhonneagar hidrigine trasteorann dá dtagraítear in Airteagal 59 de Threoir (AE) 2024/1788;

(d)

rialacha maidir le leithdháileadh acmhainne agus bainistiú ar phlódú lena n-áirítear rialacha maidir le comhoibriú maidir le nósanna imeachta cothabhála agus ríomh acmhainne lena ndéantar difear do leithdháileadh acmhainne, caighdeánú táirgí agus aonad acmhainne lena n-áirítear cuachadh, an mhodheolaíocht leithdháilte lena n-áirítear algartaim ceant, seicheamh agus nós imeachta le haghaidh acmhainn atá ann cheana, acmhainn incriminteach, dhocht agus in-idirbhriste, ardáin áirithinte acmhainne, scéimeanna ró-éilimh nó athcheannaigh, scéimeanna ‘mura n-úsáidfear í caillfear í’ gearrthéarmacha nó fadtéarmacha nó aon scéim bainistithe eile ar phlódú lena gcuirtear cosc ar chnapaireacht acmhainne;

(e)

rialacha maidir le struchtúir tharaife chomhchuibhithe ar rochtain ar ghréasán hidrigine, lena n-áirítear taraifí ag pointí idirnaisc dá dtagraítear in Airteagal 7(8), rialacha maidir le cur i bhfeidhm modheolaíochta praghsála tagartha, na ceanglais ghaolmhara a bhaineann le comhairliúchán agus foilsiú, lena n-áirítear ioncam ceadaithe nó sprioc-ioncam, chomh maith le ríomh praghsanna cúltaca ar tháirgí acmhainne caighdeánacha agus ioncam ceadaithe;

(f)

rialacha maidir le luach na sócmhainní a aistríodh agus an mhuirir thiomanta a chinneadh;

(g)

rialacha maidir le leithdháileadh na gcostas idir-ama a chinneadh;

(h)

rialacha maidir le cothromúchán lena n-áirítear rialacha gréasánbhunaithe maidir le nós imeachta ainmniúcháin, rialacha maidir le muirir i leith éagothroime agus rialacha maidir le cothromúchán oibríochtúil idir gréasáin oibreoirí gréasáin hidrigine, muirir i leith éagothroime, próisis réitigh a bhaineann leis an muirear i leith éagothroime laethúil agus leis an gcothromúchán idir gréasáin hidrigine ghréasáin na n-oibreoirí;

(i)

gnéithe cibearshlándála na sreafaí hidrigine trasteorann, lena n-áirítear rialacha maidir le híoscheanglais choiteanna, pleanáil, faireachán, tuairisciú agus bainistiú géarchéime.

Airteagal 72 2

2.   Féadfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh trí chóid ghréasáin a bhunú i réimse rialacha trédhearcachta lena gcuirtear chun feidhme Airteagal 66, lena n-áirítear mionsonraí breise maidir le hábhar, minicíocht agus foirm an tsoláthair faisnéise a dhéanann oibreoirí gréasáin hidrigine agus lena gcuirtear chun feidhme phointe 4 d’Iarscríbhinn I, lena n-áirítear mionsonraí fhormáid agus ábhar na faisnéise is gá d’úsáideoirí gréasáin chun rochtain éifeachtach a fháil ar an ngréasán, faisnéis a bheidh le foilsiú ag pointí ábhartha, agus mionsonraí na sceideal ama.

Maidir leis na gníomhartha cur chun feidhme dá dtagraítear sa chéad fhomhír den mhír seo, déanfar iad a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta comhairliúcháin dá dtagraítear in Airteagal 81(2).

Airteagal 72 3

3.   Tar éis dó dul i gcomhairle le ACER, le ENNOH agus, i gcás inarb ábhartha, le ENTSO don Ghás nó le heintiteas AE do OCDanna, chomh maith le geallsealbhóirí ábhartha eile, bunóidh an Coimisiún liosta tosaíochta gach 3 bliana, lena sainaithneofar na réimsí a leagtar amach i míreanna 1 agus 2 den Airteagal seo mar réimsí a bheidh le háireamh i bhforbairt na gcód gréasáin. Bunóidh an Coimisiún an chéad liosta tosaíochta chun cóid ghréasáin hidrigine a fhorbairt laistigh de bhliain amháin ó bhunú ENNOH mar a leagtar amach in Airteagal 57.

Airteagal 72 4

4.   Iarrfaidh an Coimisiún ar ACER creat-treoirlínte neamhcheangailteacha a chur faoina bhráid, laistigh de thréimhse réasúnta nach faide ná 6 mhí ón iarraidh a fháil ón gCoimisiún, ina leagfar amach prionsabail shoiléire agus oibiachtúla maidir le forbairt cód gréasáin a bhaineann leis na réimsí arna sainaithint sa liosta tosaíochta. Féadfar dálaí a chuimsiú san iarraidh sin ón gCoimisiún a dtabharfar aghaidh orthu sa chreat-treoirlíne. Rannchuideoidh na creat-treoirlínte sin le comhtháthú an mhargaidh, neamh-idirdhealú, iomaíocht éifeachtach agus feidhmiú cuí an mhargaidh. Ar iarraidh réasúnaithe ó ACER, féadfaidh an Coimisiún an tréimhse maidir le creat-treoirlínte a chur isteach a fhadú.

Airteagal 72 5

5.   Rachaidh ACER i gcomhairle le ENNOH agus, i gcás inarb ábhartha, le ENTSO don Ghás, chomh maith le geallsealbhóirí ábhartha eile maidir leis an gcreat-treoirlíne, ar feadh tréimhse nach giorra ná 2 mhí, ar bhealach oscailte agus trédhearcach.

Airteagal 72 6

6.   Déanfaidh ACER creat-treoirlínte a chur faoi bhráid an Choimisiúin i gcás ina n-iarrfar sin uirthi faoi mhír 4.

Airteagal 72 7

7.   Má mheasann an Coimisiún nach rannchuidíonn na creat-treoirlínte le comhtháthú an mhargaidh, neamh-idirdhealú, iomaíocht éifeachtach ná feidhmiú cuí an mhargaidh, féadfaidh sé a iarraidh ar ACER athbhreithniú a dhéanamh ar na creat-treoirlínte laistigh de thréimhse réasúnach agus iad a chur faoi bhráid an Choimisiúin athuair.

Airteagal 72 8

8.   Má mhainníonn ACER creat-treoirlínte a chur faoi bhráid an Choimisiúin nó iad a chur faoina bhráid athuair laistigh den tréimhse arna socrú ag an gCoimisiún faoi mhír 4 nó faoi mhír 7, déanfaidh an Coimisiún na creat-treoirlínte atá i gceist a fhorbairt.

Airteagal 72 9

9.   Iarrfaidh an Coimisiún ar ENNOH togra a sheoladh chuig ACER, laistigh de thréimhse réasúnach nach faide ná 12 mhí ón iarraidh a fháil ón gCoimisiúin, le haghaidh cód gréasáin i gcomhréir leis na creat-treoirlínte ábhartha.

Airteagal 72 10

10.   Tionólfaidh ENNOH coiste dréachtaithe chun cúnamh a thabhairt dó i bpróiseas forbartha na gcód gréasáin. Ar an gcoiste dréachtaithe sin, beidh ionadaithe ar ACER, ar ENTSO don Ghás, ar ENTSO don Leictreachas agus, i gcás inarb iomchuí, ar eintiteas AE do OCDanna, mar aon le líon teoranta de na geallsealbhóirí is mó a ndéantar difear dóibh. Forbróidh ENNOH tograí le haghaidh cóid ghréasáin sna réimsí dá dtagraítear i míreanna 1 agus 2.

Airteagal 72 11

11.   Déanfaidh ACER athbhreithniú ar an togra le haghaidh cód ghréasáin chun a áirithiú go gcomhlíonann sé na creat-treoirlínte ábhartha agus go rannchuidíonn sé le comhtháthú an mhargaidh, neamh-idirdhealú, iomaíocht éifeachtach agus feidhmiú cuí an mhargaidh, agus tíolacfaidh sí leagan athbhreithnithe den chód gréasáin don Choimisiún laistigh de 6 mhí ón togra a fháil. Cuirfidh ACER san áireamh, sa togra a chuirfidh sé faoi bhráid an Choimisiúin, na tuairimí a fuarthas ó gach páirtí agus an togra le haghaidh cód ghréasáin á dhréachtú faoi stiúir ENNOH agus rachaidh sé i gcomhairle leis na geallsealbhóirí ábhartha maidir leis an leagan athbhreithnithe den togra le haghaidh cód gréasáin a chuirfear faoi bhráid an Choimisiúin.

Airteagal 72 12

12.   I gcás ENNOH a bheith tar éis mainneachtain cód gréasáin a fhorbairt laistigh den thréimhse a bheidh socraithe ag an gCoimisiún de bhun mhír 9, féadfaidh an Coimisiún a iarraidh ar ACER dréachtchód gréasáin a ullmhú ar bhonn na gcreat-treoirlínte ábhartha. Féadfaidh ACER dul i mbun tuilleadh comhairliúcháin chun críocha dréachtchód gréasáin a ullmhú de bhun na míre seo. Déanfaidh ACER dréachtchód gréasáin, arna ullmhú de bhun na míre seo, a chur faoi bhráid an Choimisiúin agus féadfaidh sí a mholadh go nglacfar é.

Airteagal 72 13

13.   I gcás nár éirigh le ENNOH cód gréasáin a fhorbairt, nó nár éirigh le ACER dréachtchód gréasáin a fhorbairt dá dtagraítear i mír 12, féadfaidh an Coimisiún, ar a thionscnamh féin, nó ar bhonn togra ó ACER de bhun mhír 11, cód gréasáin amháin nó níos mó a ghlacadh sna réimsí a liostaítear i míreanna 1 agus 2.

Airteagal 72 14

14.   I gcás ina mbeartóidh an Coimisiún cód gréasáin a ghlacadh ar a thionscnamh féin dá dtagraítear i mír 13, rachaidh an Coimisiún i gcomhairle le ACER, le ENNOH, le ENTSO don Ghás agus leis na geallsealbhóirí ábhartha uile maidir leis an dréachtchód gréasáin ar feadh tréimhse nach giorra ná dhá mhí.

Airteagal 72 15

15.   Beidh an tAirteagal seo gan dochar do cheart an Choimisiúin na treoirlínte a ghlacadh agus a leasú de réir mar a leagtar síos in Airteagal 74. Beidh sé gan dochar don deis atá ag ENNOH treoir neamhcheangailteach a fhorbairt sna réimsí a leagtar amach i míreanna 1 agus 2 den Airteagal seo sa chás nach mbaineann treoir den chineál sin le réimsí a chumhdaítear le hiarraidh a chuirfear chuig ENNOH ón gCoimisiún. Cuirfidh ENNOH aon treoir den chineál sin faoi bhráid ACER ionas go dtabharfaidh sí tuairim ina leith agus tabharfaidh sé aird chuí ar an tuairim sin.

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas
  • Builddate: 15.07.2024 00:00:00 -Doknr: CELEX:32024R1789
  • EULAW -

    EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.

    DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.