+Airteagal 74 Treoirlínte
---+Airteagal 74 1
---+Airteagal 74 2
---+Airteagal 74 3
---+Airteagal 74 4
---+Airteagal 74 5

Airteagal 74 Treoirlínte

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil
Airteagal 74 1

1.   Tugtar de chumhacht don Choimisiún treoirlínte ceangailteacha a ghlacadh sna réimsí a liostaítear san Airteagal seo.

Airteagal 74 2

2.   Tugtar de chumhacht don Choimisiún treoirlínte a glacadh sna réimsí sin ina bhféadfaí na gníomhartha sin a fhorbairt freisin de réir nós imeachta na gcód gréasáin de bhun Airteagail 71 agus 72. Glacfar na treoirlínte sin i bhfoirm gníomhartha tarmligthe nó gníomhartha cur chun feidhme, ag brath ar an gcumhacht ábhartha dá bhforáiltear sa Rialachán seo.

Airteagal 74 3

3.   Tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 80 lena bhforlíontar an Rialachán seo trí threoirlínte a bhunú sna réimsí seo a leanas:

(a)

sonraí maidir leis na seirbhísí rochtana tríú páirtithe, lena n-áirítear cineál, ré agus ceanglais eile na seirbhísí sin, i gcomhréir le hAirteagail 6, 7 agus 8;

(b)

sonraí maidir leis na prionsabail is bun leis na sásraí maidir le leithdháileadh acmhainne agus sonraí maidir le cur i bhfeidhm nósanna imeachta um bainistiú ar phlódú i gcás plódú conarthach, i gcomhréir le hAirteagail 10 agus 11;

(c)

sonraí maidir le soláthar faisnéise agus sainmhíniú ar an bhfaisnéis theicniúil a bhfuil gá ag úsáideoirí gréasán léi chun rochtain éifeachtach a fháil ar an gcóras agus sainmhíniú ar na pointí ábhartha go léir a bhaineann le ceanglais trédhearcachta, lena n-áirítear an fhaisnéis is gá a fhoilsiú ag na pointí ábhartha go léir agus an sceideal ama a leanfar agus an fhaisnéis sin á foilsiú, i gcomhréir le hAirteagail 33 agus 34;

(d)

sonraí maidir leis an modheolaíocht i leith taraifí i ndáil le trádáil trasteorann gáis nádúrtha, i gcomhréir le hAirteagail 17 agus 18.

Airteagal 74 4

4.   Tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 80 chun na treoirlínte a leagtar síos in Iarscríbhinn I seo a leasú, d’fhonn an méid seo a shonrú:

(a)

na sonraí maidir leis an bhfaisnéis atá le foilsiú faoin modheolaíocht a úsáidtear chun ioncam rialáilte an oibreora córais tarchuir a shocrú, i gcomhréir le hAirteagail 33 agus 34;

(b)

na sonraí maidir le prionsabail na sásraí leithdháilte acmhainne agus nósanna imeachta bainistithe plódaithe lena gcuirtear Airteagail 10 agus 11 chun feidhme;

(c)

na sonraí maidir leis an bhfaisnéis theicniúil is gá le go mbeidh úsáideoirí gréasáin in ann rochtain éifeachtach a fháil ar an gcóras gáis nádúrtha lena gcuirtear Airteagal 33(1) chun feidhme;

(d)

na sonraí maidir le sainmhíniú na bpointí ábhartha uile, an fhaisnéis atá le foilsiú agus an sceideal ama le haghaidh ceanglais trédhearcachta lena gcuirtear Airteagal 33 chun feidhme;

(e)

na sonraí maidir le formáid agus ábhar na faisnéise teicniúla faoi rochtain ar líonra a bheidh le foilsiú ag oibreoirí gréasán hidrigine lena gcuirtear Airteagal 66 chun feidhme.

Airteagal 74 5

5.   Agus treoirlínte á leasú, rachaidh an Coimisiún i gcomhairle leo seo a leanas:

(a)

ACER, ENTSO don Ghás agus an t-eintiteas AE do OCDanna agus, i gcás inarb ábhartha, geallsealbhóirí eile le haghaidh treoirlínte a bhaineann le gás nádúrtha;

(b)

ACER, ENNOH don Ghás agus an t-eintiteas AE do OCDanna agus, i gcás inarb ábhartha, geallsealbhóirí eile do threoirlínte a bhaineann le hidrigin.

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas
  • Builddate: 15.07.2024 00:00:00 -Doknr: CELEX:32024R1789
  • EULAW -

    EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.

    DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.