+Airteagal 78 4

Airteagal 78 4

4.   I gcás ina bhfuil an bonneagar lena mbaineann lonnaithe i gcríoch níos mó ná Ballstáit amháin, féadfaidh ACER tuairim chomhairleach a chur chuig údaráis rialála na mBallstát i gceist laistigh de 2 mhí ón dáta a fuair an t-údarás deireadh de na húdaráis sin an iarraidh ar dhíolúine. Féadfar tuairim chomhairleach den sórt sin a úsáid mar bhunús le tuairim na n-údarás rialála.

I gcás ina dtiocfaidh na húdaráis rialála go léir lena mbaineann ar chomhaontú i leith na hiarrata ar dhíolúine laistigh de 6 mhí ón dáta a fuair an t-údarás deireanach de na húdaráis rialála í, cuirfidh siad a gcinneadh in iúl do ACER. I gcás inar líne tharchuir idir Ballstát agus tríú tír an bonneagar lena mbaineann, féadfaidh údarás rialála, nó, i gcás inarb iomchuí, údarás inniúil eile de chuid an Bhallstáit ina bhfuil an chéad phointe idirnaisc chuig gréasán an Bhallstáit eile, dul i gcomhairle le húdarás ábhartha an tríú tír sin sula nglacfar cinneadh maidir leis an díolmhú, d’fhonn a áirithiú, maidir leis an mbonneagar lena mbaineann, go gcuirfear an Rialachán seo i bhfeidhm go comhsheasmhach i gcríoch an Bhallstáit agus, i gcás inarb infheidhme, in uiscí teorann an Bhallstáit sin. I gcás ina ndeachthas i gcomhairle le húdarás an tríú tír, agus sa chás nach bhfreagraíonn sé don chomhairliúchán laistigh de thréimhse réasúnta nó faoin spriocdháta nach faide ná 3 mhí é, féadfaidh an t-údarás rialála lena mbaineann an cinneadh is gá a ghlacadh.

Feidhmeoidh ACER, i gcomhréir le hAirteagal 10 de Rialachán (AE) 2019/942, na cúraimí a leagfar de bhun an Airteagail seo ar údaráis rialála na mBallstát lena mbaineann:

(a)

i gcás nach mbeidh na húdaráis rialála go léir lena mbaineann in ann teacht ar chomhaontú laistigh de thréimhse 6 mhí ón dáta a fuair an t-údarás deireanach de na húdaráis rialála sin an iarraidh ar dhíolúine; nó

(b)

arna iarraidh sin go comhpháirteach do na húdaráis rialála lena mbaineann.

Féadfaidh na húdaráis rialála go léir lena mbaineann a iarraidh, go comhpháirteach, go gcuirfear síneadh suas le 3 mhí leis an tréimhse dá dtagraítear sa tríú fomhír, pointe (a).

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas
  • Builddate: 15.07.2024 00:00:00 -Doknr: CELEX:32024R1789
  • EULAW -

    EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.

    DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.