+Airteagal 10 Daonraí na bpailneoirí a athchóiriú
---+Airteagal 10 1
---+Airteagal 10 2
---+Airteagal 10 3
---+Airteagal 10 4
---+Airteagal 10 5

Airteagal 10 Daonraí na bpailneoirí a athchóiriú

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil
Airteagal 10 1

1.   Trí bhearta iomchuí agus éifeachtacha a chur i bhfeidhm go tráthúil, déanfaidh na Ballstáit éagsúlacht pailneoirí a fheabhsú, cuirfidh siad an meath ar dhaonraí na bpailneoirí ina cheart faoi 2030 ar a dhéanaí agus bainfidh siad amach ina dhiaidh sin treocht mhéadaitheach maidir le daonraí na bpailneoirí, a thomhaisfear gach 6 bliana ar a laghad ó 2030, go dtí go mbainfear leibhéil shásúla amach, mar a leagtar amach i gcomhréir le hAirteagal 14(5).

Airteagal 10 2

2.   Tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 23 chun an Rialachán seo a fhorlíonadh trí mhodh eolaíochtbhunaithe a bhunú agus a thabhairt cothrom le dáta chun faireachán a dhéanamh ar éagsúlacht na bpailneoirí agus ar dhaonraí na pailneoirí. Glacfaidh an Coimisiún an chéad cheann de na gníomhartha tarmligthe sin lena mbunófar an modh sin faoin 19 Lúnasa 2025.

Airteagal 10 3

3.   Leis an modh dá dtagraítear i mír 2, soláthrófar cur chuige caighdeánaithe chun sonraí bliantúla a bhailiú maidir le flúirse agus éagsúlacht speiceas pailneoirí ar fud na n-éiceachóras, agus chun measúnú a dhéanamh ar threochtaí i ndaonra na bpailneoirí agus ar éifeachtacht na mbeart athchóiriúcháin arna nglacadh ag na Ballstáit i gcomhréir le mír 1.

Airteagal 10 4

4.   Agus úsáid á baint acu as an modh dá dtagraítear i mír 2, áiritheoidh na Ballstáit go dtiocfaidh na sonraí faireacháin ó líon leordhóthanach láithreán chun ionadaíochas a áirithiú ar fud a gcríoch. Cuirfidh na Ballstáit eolaíocht na saoránach chun cinn agus sonraí faireacháin á mbailiú i gcás inarb iomchuí agus cuirfidh siad acmhainní leordhóthanacha ar fáil chun na cúraimí sin a chur i gcrích.

Airteagal 10 5

5.   Déanfaidh an Coimisiún agus gníomhaireachtaí ábhartha an Aontais, go háirithe EEA, an tÚdarás Eorpach um Shábháilteacht Bia agus an Ghníomhaireacht Eorpach Ceimiceán, i gcomhréir lena sainorduithe faoi seach, a ngníomhaíochtaí a bhaineann le pailneoirí a chomhordú agus faisnéis a sholáthar chun tacú leis na Ballstáit, arna iarraidh sin dóibh, agus a n-oibleagáidí faoin Airteagal seo á gcomhlíonadh acu. Chuige sin, bunóidh an Coimisiún, inter alia, tascfhórsa tiomnaithe agus scaipfidh sé faisnéis agus saineolas ábhartha ar na Ballstáit ar bhealach comhordaithe.

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas
  • Builddate: 29.07.2024 00:00:00 -Doknr: CELEX:32024R1991
  • EULAW -

    EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.

    DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.