+Airteagal 14 2

Airteagal 14 2

2.   Cainníochtóidh na Ballstáit an limistéar nach mór a athchóiriú chun na spriocanna athchóiriúcháin a leagtar amach in Airteagail 4 agus 5 a chomhlíonadh, agus bail na gcineálacha gnáthóige dá dtagraítear in Airteagal 4(1) agus (4) agus Airteagal 5(1) agus (2) agus cáilíocht agus cainníocht ghnáthóga na speiceas dá dtagraítear in Airteagal 4(7) agus Airteagal 5(5) atá sna héiceachórais a chumhdaítear le hAirteagal 2 á gcur san áireamh. Bunófar an cainníochtú, inter alia, ar an bhfaisnéis seo a leanas:

(a)

maidir le gach cineál gnáthóige:

(i)

an limistéar gnáthóige iomlán agus léarscáil de dháileadh an limistéir faoi láthair;

(ii)

an limistéar gnáthóige nach bhfuil dea-bhail air;

(iii)

an limistéar tagartha fabhrach, agus na taifid ar dháileadh stairiúil á gcur san áireamh, mar aon leis na hathruithe réamh-mheasta ar dhálaí comhshaoil mar gheall ar an athrú aeráide;

(iv)

na limistéir is oiriúnaí chun cineálacha gnáthóige a athbhunú i bhfianaise na n-athruithe leanúnacha agus réamh-mheasta ar dhálaí comhshaoil mar gheall ar an athrú aeráide;

(b)

cáilíocht leordhóthanach agus cainníocht leordhóthanach ghnáthóga na speiceas is gá chun stádas caomhantais fabhrach a bhaint amach, agus na limistéir is oiriúnaí d’athbhunú na ngnáthóg sin á gcur san áireamh, chomh maith leis an nascacht is gá eatarthu chun go mbeidh rath ar dhaonraí na speiceas, agus na hathruithe leanúnacha agus réamh-mheasta ar dhálaí comhshaoil mar gheall ar an athrú aeráide, riachtanais na ngnáthóg agus na speiceas, ar riachtanais iad atá in iomaíocht le chéile, agus talamh feirme a bhfuil ardluach ó thaobh an dúlra air a bheith ann.

Chun críche an limistéir de gach cineál gnáthóige is gá a athchóiriúa chainníochtú chun na spriocanna athchóiriúcháin a leagtar amach in Airteagal 4(1), pointe (a), agus in Airteagal 5(1), pointe (a), a chomhlíonadh, ní áireofar sa limistéar gnáthóige nach bhfuil dea-bhail air dá dtagraítear sa chéad fhomhír, pointe (a)(ii), den mhír seo ach na limistéir sin arb eol an bhail atá ar an gcineál gnáthóige ina leith.

Chun an limistéar de gach cineál gnáthóige is gá a athchóiriú a chainníochtú chun na spriocanna athchóiriúcháin a leagtar amach in Airteagal 4(1), pointe (b), agus in Airteagal 5(1), pointí (b), (c) agus (d), a chomhlíonadh, ní áireofar sa limistéar gnáthóige nach bhfuil dea-bhail air dá dtagraítear sa chéad fhomhír, pointe (a)(ii), den mhír seo ach na limistéir sin arb eol an bhail atá ar an gcineál gnáthóige nó a mbeifear ar an eolas faoin mbail atá air ina leith de bhun Airteagal 4(9) agus Airteagal 5(7).

I gcás ina bhfuil sé beartaithe ag Ballstát an maolú a leagtar síos in Airteagal 4(2) a chur i bhfeidhm, sainaithneoidh an Ballstát sin na céatadáin dá dtagraítear san Airteagal sin.

I gcás ina bhfuil sé beartaithe ag Ballstát an maolú a leagtar síos in Airteagal 4(5) agus Airteagal 5(3) a chur i bhfeidhm, sainaithneoidh an Ballstát sin na céatadáin níos ísle a roghnaíodh de bhun na nAirteagal sin.

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas
  • Builddate: 29.07.2024 00:00:00 -Doknr: CELEX:32024R1991
  • EULAW -

    EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.

    DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.