+Airteagal 14 Pleananna athchóirithe náisiúnta a ullmhú
---+Airteagal 14 1
---+Airteagal 14 2
---+Airteagal 14 3
---+Airteagal 14 4
---+Airteagal 14 5
---+Airteagal 14 6
---+Airteagal 14 7
---+Airteagal 14 8
---+Airteagal 14 9
---+Airteagal 14 10
---+Airteagal 14 11
---+Airteagal 14 12
---+Airteagal 14 13
---+Airteagal 14 14
---+Airteagal 14 15
---+Airteagal 14 16
---+Airteagal 14 17
---+Airteagal 14 18
---+Airteagal 14 19
---+Airteagal 14 20
|
Airteagal 14 Pleananna athchóirithe náisiúnta a ullmhú
1. Forbhreathnú
| Teideal |
Rialáil |
|
Airteagal 14 1
|
1. Ullmhóidh gach Ballstát plean athchóirithe náisiúnta agus déanfaidh siad an faireachán agus an taighde ullmhúcháin is gá chun na bearta athchóiriúcháin a shainaithint atá riachtanach chun na spriocanna athchóiriúcháin agus na hoibleagáidí a leagtar amach in Airteagail 4 go 13 a bhaint amach agus a chomhlíonadh, agus chun rannchuidiú le cuspóirí agus spriocanna uileghabhálacha an Aontais a leagtar amach in Airteagal 1, agus an fhianaise eolaíoch is déanaí á cur san áireamh.
|
|
Airteagal 14 2
|
2. Cainníochtóidh na Ballstáit an limistéar nach mór a athchóiriú chun na spriocanna athchóiriúcháin a leagtar amach in Airteagail 4 agus 5 a chomhlíonadh, agus bail na gcineálacha gnáthóige dá dtagraítear in Airteagal 4(1) agus (4) agus Airteagal 5(1) agus (2) agus cáilíocht agus cainníocht ghnáthóga na speiceas dá dtagraítear in Airteagal 4(7) agus Airteagal 5(5) atá sna héiceachórais a chumhdaítear le hAirteagal 2 á gcur san áireamh. Bunófar an cainníochtú, inter alia, ar an bhfaisnéis seo a leanas:
|
(a)
|
maidir le gach cineál gnáthóige:
|
(i)
|
an limistéar gnáthóige iomlán agus léarscáil de dháileadh an limistéir faoi láthair;
|
|
(ii)
|
an limistéar gnáthóige nach bhfuil dea-bhail air;
|
|
(iii)
|
an limistéar tagartha fabhrach, agus na taifid ar dháileadh stairiúil á gcur san áireamh, mar aon leis na hathruithe réamh-mheasta ar dhálaí comhshaoil mar gheall ar an athrú aeráide;
|
|
(iv)
|
na limistéir is oiriúnaí chun cineálacha gnáthóige a athbhunú i bhfianaise na n-athruithe leanúnacha agus réamh-mheasta ar dhálaí comhshaoil mar gheall ar an athrú aeráide;
|
|
|
(b)
|
cáilíocht leordhóthanach agus cainníocht leordhóthanach ghnáthóga na speiceas is gá chun stádas caomhantais fabhrach a bhaint amach, agus na limistéir is oiriúnaí d’athbhunú na ngnáthóg sin á gcur san áireamh, chomh maith leis an nascacht is gá eatarthu chun go mbeidh rath ar dhaonraí na speiceas, agus na hathruithe leanúnacha agus réamh-mheasta ar dhálaí comhshaoil mar gheall ar an athrú aeráide, riachtanais na ngnáthóg agus na speiceas, ar riachtanais iad atá in iomaíocht le chéile, agus talamh feirme a bhfuil ardluach ó thaobh an dúlra air a bheith ann.
|
Chun críche an limistéir de gach cineál gnáthóige is gá a athchóiriúa chainníochtú chun na spriocanna athchóiriúcháin a leagtar amach in Airteagal 4(1), pointe (a), agus in Airteagal 5(1), pointe (a), a chomhlíonadh, ní áireofar sa limistéar gnáthóige nach bhfuil dea-bhail air dá dtagraítear sa chéad fhomhír, pointe (a)(ii), den mhír seo ach na limistéir sin arb eol an bhail atá ar an gcineál gnáthóige ina leith.
Chun an limistéar de gach cineál gnáthóige is gá a athchóiriú a chainníochtú chun na spriocanna athchóiriúcháin a leagtar amach in Airteagal 4(1), pointe (b), agus in Airteagal 5(1), pointí (b), (c) agus (d), a chomhlíonadh, ní áireofar sa limistéar gnáthóige nach bhfuil dea-bhail air dá dtagraítear sa chéad fhomhír, pointe (a)(ii), den mhír seo ach na limistéir sin arb eol an bhail atá ar an gcineál gnáthóige nó a mbeifear ar an eolas faoin mbail atá air ina leith de bhun Airteagal 4(9) agus Airteagal 5(7).
I gcás ina bhfuil sé beartaithe ag Ballstát an maolú a leagtar síos in Airteagal 4(2) a chur i bhfeidhm, sainaithneoidh an Ballstát sin na céatadáin dá dtagraítear san Airteagal sin.
I gcás ina bhfuil sé beartaithe ag Ballstát an maolú a leagtar síos in Airteagal 4(5) agus Airteagal 5(3) a chur i bhfeidhm, sainaithneoidh an Ballstát sin na céatadáin níos ísle a roghnaíodh de bhun na nAirteagal sin.
|
|
Airteagal 14 3
|
3. Maidir le grúpa 7 de na cineálacha gnáthóige a liostaítear in Iarscríbhinn II, socróidh na Ballstáit an céatadán dá dtagraítear in Airteagal 5(1), pointe (d).
|
|
Airteagal 14 4
|
4. Déanfaidh na Ballstáit limistéir éiceachórais uirbigh dá dtagraítear in Airteagal 8 a chinneadh agus a mhapáil dá gcathracha agus dá mbailte agus dá mbruachbhailte go léir.
Áireofar an méid seo a leanas i limistéar éiceachórais uirbigh cathrach nó baile agus bruachbhaile:
|
(a)
|
an chathair nó an baile agus an bruachbhaile ar fad; nó
|
|
(b)
|
codanna den chathair nó den bhaile agus den bhruachbhaile, lena n-áirítear ar a laghad a lárionaid uirbeacha, a bhraislí uirbeacha agus, má mheasann an Ballstát lena mbaineann go bhfuil sé iomchuí, a limistéir pheirea-uirbeacha.
|
Féadfaidh na Ballstáit na limistéir éiceachórais uirbigh in dhá cheann nó níos mó de chathracha cóngaracha, nó in dhá cheann nó níos mó de bhailte agus bruachbhailte cóngaracha, nó an dá cheann, a chomhiomlánú in aon limistéar éiceachórais uirbigh amháin is coiteann do na cathracha, nó na bailte agus na bruachbhailte sin, faoi seach.
|
|
Airteagal 14 5
|
5. Faoi 2030, socróidh na Ballstáit, trí phróiseas agus measúnú oscailte éifeachtach a bheidh bunaithe ar an bhfianaise eolaíoch is déanaí, ar an gcreat treorach dá dtagraítear in Airteagal 20(10) agus, má tá fáil air, ar an gcreat treorach dá dtagraítear in Airteagal 20(11) leibhéil shásúil don mhéid seo a leanas:
|
(a)
|
do dhaonraí na bpailneoirí dá dtagraítear in Airteagal 10(1) agus don táscaire dá dtagraítear in Airteagal 12(2);
|
|
(b)
|
do gach ceann de na táscairí roghnaithe dá dtagraítear in Airteagal 11(2);
|
|
(c)
|
do gach ceann de na táscairí roghnaithe dá dtagraítear in Airteagal 12(3);
|
|
(d)
|
do spás glas uirbeach dá dtagraítear in Airteagal 8(2); agus
|
|
(e)
|
do chlúdach téastair crann uirbeach dá dtagraítear in Airteagal 8(3).
|
|
|
Airteagal 14 6
|
6. Déanfaidh na Ballstáit na limistéir thalmhaíochta agus foraoise a bhfuil athchóiriú de dhíth orthu a shainaithint agus a mhapáil, go háirithe na limistéir a bhfuil nascacht fheabhsaithe agus éagsúlacht tírdhreacha de dhíth orthu mar gheall ar ghéarú nó tosca bainistíochta eile.
|
|
Airteagal 14 7
|
7. Féadfaidh gach Ballstát, faoin 19 Lúnasa 2025, modheolaíocht a fhorbairt chun an mhodheolaíocht dá dtagraítear in Iarscríbhinn IV a chomhlánú, chun faireachán a dhéanamh ar ghnéithe tírdhreacha ard-bhithéagsúlachta nach gcumhdaítear faoin modh coiteann dá dtagraítear sa tuairisc ar ghnéithe tírdhreacha ard-bhithéagsúlachta san Iarscríbhinn sin. Cuirfidh an Coimisiún treoir ar fáil maidir leis an gcreat chun modheolaíochtaí den sórt sin a fhorbairt faoin 19 Meán Fómhair 2024.
|
|
Airteagal 14 8
|
8. Cinnfidh na Ballstáit, i gcás inarb infheidhme, a mhéid a laghdófar méid na dtailte móna a dhéanfar a athfhliuchadh faoi úsáid talmhaíochta, dá dtagraítear in Airteagal 11(4), an cúigiú fomhír.
|
|
Airteagal 14 9
|
9. Sainaithneoidh na Ballstáit sineirgí le maolú ar an athrú aeráide, le hoiriúnú don athrú aeráide, le neodracht ó thaobh díghrádú talún agus le cosc tubaistí, agus cuirfidh siad bearta athchóiriúcháin in ord tosaíochta dá réir. Cuirfidh na Ballstáit an méid seo a leanas san áireamh freisin:
|
(a)
|
a bpleananna comhtháite náisiúnta fuinnimh agus aeráide dá dtagraítear in Airteagal 3 de Rialachán (AE) 2018/1999;
|
|
(b)
|
a straitéis fhadtéarmach dá dtagraítear in Airteagal 15 de Rialachán (AE) 2018/1999;
|
|
(c)
|
sprioc fhoriomlán cheangailteach an Aontais le haghaidh 2030 a leagtar amach in Airteagal 3 de Threoir (AE) 2018/2001.
|
|
|
Airteagal 14 10
|
10. Sainaithneoidh na Ballstáit sineirgí le talmhaíocht agus foraoiseacht. Sainaithneoidh siad freisin cleachtais thalmhaíochta agus foraoiseachta atá ann cheana, lena n-áirítear idirghabhálacha CBT, lena rannchuidítear le cuspóirí an Rialacháin seo.
|
|
Airteagal 14 11
|
11. Ní fhágfaidh cur chun feidhme an Rialacháin seo go mbeidh oibleagáid ar na Ballstáit aon chistiú faoi CBT, faoi CBI nó faoi chláir agus ionstraimí cistiúcháin talmhaíochta agus iascaigh eile faoi CAI 2021-2027 a athchlárú.
|
|
Airteagal 14 12
|
12. Féadfaidh na Ballstáit úsáid scéimeanna tacaíochta príobháideacha nó poiblí a chur chun cinn chun tairbhe na ngeallsealbhóirí a chuireann na bearta athchóiriúcháin dá dtagraítear in Airteagail 4 go 12 chun feidhme, lena n-áirítear bainisteoirí agus úinéirí talún, feirmeoirí, foraoiseoirí agus iascairí.
|
|
Airteagal 14 13
|
13. Comhordóidh na Ballstáit forbairt na bpleananna athchóirithe náisiúnta agus mapáil na limistéar is gá chun ar a laghad a rannchuidiú náisiúnta i dtreo sprioc 2030 don fhuinneamh in-athnuaite a chomhlíonadh agus, i gcás inarb ábhartha, na limistéar luathaithe fuinnimh in-athnuaite agus na limistéir bhonneagair thiomnaithe a ainmniú. Agus na pleananna athchóirithe náisiúnta á n-ullmhú, áiritheoidh na Ballstáit sineirgí le méadú an bhonneagair fuinnimh in-athnuaite agus fuinnimh agus le haon limistéar luathaithe fuinnimh in-athnuaite agus limistéir bhonneagair thiomnaithe atá ainmnithe cheana agus áiritheoidh siad nach dtiocfaidh aon athrú ar fheidhmiú na limistéir sin, lena n-áirítear na nósanna imeachta deonaithe ceadanna is infheidhme sna limistéir sin dá bhforáiltear i dTreoir (AE) 2018/2001, chomh maith le feidhmiú na dtionscadal eangaí is gá chun fuinneamh in-athnuaite a chomhtháthú sa chóras leictreachais agus sa nós imeachta deonaithe ceadaithe faoi seach.
|
|
Airteagal 14 14
|
14. Agus a bpleananna athchóirithe náisiúnta á n-ullmhú ag na Ballstáit, cuirfidh na Ballstáit an méid seo a leanas san áireamh go háirithe:
|
(a)
|
na bearta athchóiriúcháin arna mbunú le haghaidh láithreáin Natura 2000 i gcomhréir le Treoir 92/43/CEE;
|
|
(b)
|
creataí gníomhaíochta tosaíochta arna n-ullmhú i gcomhréir le Treoir 92/43/CEE;
|
|
(c)
|
bearta chun dea-stádas cainníochtúil, éiceolaíoch agus ceimiceach a bhaint amach do dhobharlaigh a áirítear i gcláir beart agus i bpleananna bainistithe abhantracha arna n-ullmhú i gcomhréir le Treoir 2000/60/CE agus pleananna bainistithe riosca tuilte arna mbunú i gcomhréir le Treoir 2007/60/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (47);
|
|
(d)
|
i gcás inarb infheidhme, straitéisí muirí chun dea-stádas comhshaoil a bhaint amach do réigiúin mhuirí uile an Aontais arna n-ullmhú i gcomhréir le Treoir 2008/56/CE;
|
|
(e)
|
cláir náisiúnta maidir le truailliú aeir a rialú arna n-ullmhú faoi Threoir (AE) 2016/2284;
|
|
(f)
|
straitéisí náisiúnta bithéagsúlachta agus pleananna gníomhaíochta a ullmhaítear i gcomhréir le hAirteagal 6 den Choinbhinsiún maidir leis an mBithéagsúlacht;
|
|
(g)
|
i gcás inarb infheidhme, bearta caomhnaithe agus bainistíochta arna nglacadh faoi CBI;
|
|
(h)
|
pleananna straitéiseacha CBT arna dtarraingt suas i gcomhréir le Rialachán (AE) 2021/2115;
|
|
|
Airteagal 14 15
|
15. Agus a bpleananna athchóirithe náisiúnta á n-ullmhú ag na Ballstáit, cuirfidh siad san áireamh freisin tionscadail amhábhar straitéiseach criticiúil i gcás ina n-aithnítear iad faoi dhlí an Aontais.
|
|
Airteagal 14 16
|
16. Agus a bpleananna athchóirithe náisiúnta á n-ullmhú acu, déanfaidh na Ballstáit an méid seo a leanas:
|
(a)
|
féadfaidh na Ballstáit úsáid a bhaint as na samplaí éagsúla de na bearta athchóiriúcháin a liostaítear in Iarscríbhinn VII, de réir dálaí sonracha náisiúnta agus áitiúla, agus de réir na fianaise eolaíche is déanaí;
|
|
(b)
|
beidh sé d’aidhm ag na Ballstáit feidhmeanna éiceolaíocha, eacnamaíocha agus sóisialta na n-éiceachóras a bharrfheabhsú chomh maith lena rannchuidiú le forbairt inbhuanaithe na réigiún ábhartha agus na bpobal ábhartha;
|
|
(c)
|
féadfaidh na Ballstáit éagsúlacht na staideanna i réigiúin éagsúla a bhaineann le riachtanais shóisialta, eacnamaíocha agus chultúrtha, saintréithe réigiúnacha agus áitiúla agus dlús daonra a chur san áireamh; i gcás inarb iomchuí, ba cheart cás sonrach na réigiún is forimeallaí san Aontas, amhail a n-iargúltacht, a n-oileánachas, a mbeagmhéid, a dtopagrafaíocht agus a n-aeráid achrannach, chomh maith lena mbithéagsúlacht shaibhir agus na costais ghaolmhara a bhaineann lena n-éiceachórais a chosaint agus a athchóiriú, a chur san áireamh.
|
|
|
Airteagal 14 17
|
17. Déanfaidh na Ballstáit, i gcás inar féidir, sineirgí a chothú le pleananna athchóirithe náisiúnta Ballstát eile, go háirithe le haghaidh éiceachórais a théann thar theorainneacha nó i gcás ina roinneann na Ballstáit réigiún muirí nó fo-réigiún muirí de réir bhrí Threoir 2008/56/CE.
|
|
Airteagal 14 18
|
18. Féadfaidh na Ballstáit, i gcás ina bhfuil sé praiticiúil agus iomchuí, chun críche pleananna athchóirithe náisiúnta a ullmhú agus a chur chun feidhme, i ndáil le héiceachórais mhuirí a athchóiriú agus a athbhunú, leas a bhaint as struchtúir chomhair institiúideacha réigiúnacha atá ann cheana.
|
|
Airteagal 14 19
|
19. I gcás ina sainaithníonn na Ballstáit saincheist ar dócha go gcuirfear cosc ar chomhlíonadh na n-oibleagáidí maidir le héiceachórais mhuirí a athchóiriú agus a athbhunú, agus lena n-éilítear bearta nach bhfuil siad inniúil ina leith, tabharfaidh siad aghaidh, ina n-aonar nó go comhpháirteach, i gcás inarb ábhartha, ar na Ballstáit, ar an gCoimisiún nó ar eagraíochtaí idirnáisiúnta, soláthróidh siad tuairisc dóibh ar an tsaincheist shainaitheanta agus ar na bearta a d’fhéadfadh a bheith ann, d’fhonn iad a bhreithniú agus féachaint an bhféadfaí iad a ghlacadh.
|
|
Airteagal 14 20
|
20. Áiritheoidh na Ballstáit go ndéanfar an plean athchóiriúcháin a ullmhú ar bhealach oscailte, trédhearcach, cuimsitheach agus éifeachtach agus go dtabharfar deiseanna luatha éifeachtacha don phobal, lena n-áirítear na geallsealbhóirí ábhartha uile, páirt a ghlacadh in ullmhú an phlean. Leis na comhairliúcháin, comhlíonfar na ceanglais a leagtar amach i dTreoir 2001/42/CE.
|
,
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
- Builddate: 29.07.2024 00:00:00 -Doknr: CELEX:32024R1991
- EULAW -
EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.
DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.
|