+Airteagal 17 Measúnú ar an bplean athchóirithe náisiúnta
---+Airteagal 17 1
---+Airteagal 17 2
---+Airteagal 17 3
---+Airteagal 17 4
---+Airteagal 17 5
---+Airteagal 17 6

Airteagal 17 Measúnú ar an bplean athchóirithe náisiúnta

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil
Airteagal 17 1

1.   Déanfaidh an Coimisiún measúnú ar an dréachtphlean athchóirithe náisiúnta laistigh de 6 mhí ón dáta a gheofar é. Nuair a bheidh an measúnú sin á dhéanamh aige, gníomhóidh an Coimisiún i ndlúthchomhar leis an mBallstát.

Airteagal 17 2

2.   Agus measúnú á dhéanamh ar an dréachtphlean athchóirithe náisiúnta, déanfaidh an Coimisiún meastóireacht ar an méid seo a leanas:

(a)

comhlíonadh an phlean maidir le hAirteagal 15;

(b)

leordhóthanacht an phlean maidir leis na spriocanna a leagtar amach in Airteagail 4 go 13 a bhaint amach agus na hoibleagáidí a leagtar amach in Airteagail 4 go 13 a chomhlíonadh;

(c)

rannchuidiú an phlean le hoibleagáidí agus spriocanna uileghabhálacha an Aontais dá dtagraítear in Airteagal 1, na cuspóirí sonracha dá dtagraítear in Airteagal 9(1) chun 25 000 km ar a laghad d’aibhneacha a athchóiriú ina n-aibhneacha saorchúrsála san Aontas faoi 2030 agus an gealltanas faoi Airteagal 13 maidir le 3 bhilliún crann breise a chur san Aontas faoi 2030.

Airteagal 17 3

3.   Chun críche an mheasúnaithe ar na dréachtphlean athchóirithe náisiúnta, tabharfaidh saineolaithe nó EEA cúnamh don Choimisiún.

Airteagal 17 4

4.   Féadfaidh an Coimisiún a bharúlacha maidir leis an ndréachtphlean athchóirithe náisiúnta a chur faoi bhráid an Bhallstáit laistigh de 6 mhí ón dáta a gheofar an dréachtphlean athchóirithe náisiúnta.

Airteagal 17 5

5.   Tabharfaidh an Ballstát aird ar aon bharúil ón gCoimisiún ina phlean athchóirithe náisiúnta críochnaitheach.

Airteagal 17 6

6.   Cuirfidh an Ballstát an plean athchóirithe náisiúnta i gcrích, foilseoidh siad é agus cuirfidh siad faoi bhráid an Choimisiún é laistigh de 6 mhí ón dáta a gheofar barúlacha ón gCoimisiún.

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas
  • Builddate: 29.07.2024 00:00:00 -Doknr: CELEX:32024R1991
  • EULAW -

    EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.

    DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.