+Airteagal 21 Tuairisciú
---+Airteagal 21 1
---+Airteagal 21 2
---+Airteagal 21 3
---+Airteagal 21 4
---+Airteagal 21 5
---+Airteagal 21 6
---+Airteagal 21 7
---+Airteagal 21 8
|
Airteagal 21 Tuairisciú
1. Forbhreathnú
| Teideal |
Rialáil |
|
Airteagal 21 1
|
1. Faoin 30 Meitheamh 2028 agus ar a laghad gach 3 bliana ina dhiaidh sin, tuairisceoidh na Ballstáit don Choimisiún go leictreonach na sonraí seo a leanas:
|
(a)
|
an limistéar atá faoi réir na mbeart athchóiriúcháin dá dtagraítear in Airteagail 4 go 12;
|
|
(b)
|
fairsinge na limistéar ina bhfuil meathlú suntasach tagtha ar chineálacha gnáthóige agus ar ghnáthóga speiceas agus suíomh na limistéar atá faoi réir bearta cúitimh arna ndéanamh faoi Airteagal 4(13);
|
|
(c)
|
na bacainní dá dtagraítear in Airteagal 9 a baineadh; agus
|
|
(d)
|
a rannchuidiú leis an ngealltanas dá dtagraítear in Airteagal 13.
|
|
|
Airteagal 21 2
|
2. Faoin 30 Meitheamh 2031, le haghaidh na tréimhse suas go dtí 2030, agus gach 6 bliana ar a laghad ina dhiaidh sin, tuairisceoidh na Ballstáit don Choimisiún go leictreonach na sonraí agus an fhaisnéis seo a leanas, le cúnamh ó EEA:
|
(a)
|
an dul chun cinn a dhéantar i dtaca leis an bplean athchóirithe náisiúnta a chur chun feidhme, na bearta athchóiriúcháin a chur i bhfeidhm agus na spriocanna a leagtar amach in Airteagail 4 go 13 a bhaint amach agus na hoibleagáidí a leagtar amach in Airteagail 4 go 13 a chomhlíonadh;
|
|
(b)
|
faisnéis faoi na nithe seo a leanas:
|
(i)
|
suíomh na limistéar ina bhfuil meathlú suntasach tagtha ar chineálacha gnáthóige nó ar ghnáthóga speiceas agus suíomh na limistéar atá faoi réir bearta cúitimh arna ndéanamh faoi Airteagal 4(13);
|
|
(ii)
|
tuairisc ar éifeachtacht na mbeart cúitimh arna ndéanamh faoi Airteagal 4(13) chun a áirithiú nach mbeidh aon mheathlú suntasach ar chineálacha gnáthóige ná ar ghnáthóga speiceas ar leibhéal gach réigiúin bhithgheografaigh ina gcríoch;
|
|
(iii)
|
tuairisc ar éifeachtacht na mbeart cúitimh arna ndéanamh faoi Airteagal 4(13) chun a áirithiú nach gcuirfear baint amach na spriocanna ná comhlíonadh na gcuspóirí a leagtar amach in Airteagail 1, 4 agus 5 i mbaol.
|
|
|
(c)
|
torthaí an fhaireacháin a rinneadh i gcomhréir le hAirteagal 20, lena n-áirítear, i gcás thorthaí an fhaireacháin a rinneadh i gcomhréir le hAirteagal 20(1), pointí (h) agus (i), léarscáileanna ina bhfuil tagairtí geografacha;
|
|
(d)
|
suíomh agus fairsinge na limistéar atá faoi réir na mbeart athchóiriúcháin dá dtagraítear in Airteagail 4 agus 5, agus Airteagal 11(4), lena n-áirítear léarscáileanna de na limistéir dá bhfuil tagairtí geografacha;
|
|
(e)
|
fardal nuashonraithe na mbacainní dá dtagraítear in Airteagal 9(1);
|
|
(f)
|
faisnéis faoin dul chun cinn atá déanta i dtreo riachtanais mhaoiniúcháin a bhaint amach, i gcomhréir le hAirteagal 15(3), pointe (u), lena n-áirítear athbhreithniú ar infheistíocht iarbhír i gcomparáid le toimhdí infheistíochta tosaigh.
|
|
|
Airteagal 21 3
|
3. Bunóidh an Coimisiún an fhormáid, an struchtúr agus na socruithe mionsonraithe chun an fhaisnéis dá dtagraítear i míreanna 1 agus 2 den Airteagal seo a chur i láthair trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 24(2). Agus an fhormáid, an struchtúr agus na socruithe mionsonraithe le haghaidh an tuairiscithe leictreonaigh á ndréachtú aige, tabharfaidh EEA cúnamh don Choimisiún
|
|
Airteagal 21 4
|
4. Faoin 31 Nollaig 2028 agus gach 3 bliana ina dhiaidh sin, tabharfaidh EEA forléargas teicniúil don Choimisiún ar an dul chun cinn i dtreo na spriocanna a leagtar amach sa Rialachán seo a bhaint amach agus na hoibleagáidí a leagtar amach sa Rialachán seo a chomhlíonadh, ar bhonn na sonraí a chuirfidh na Ballstáit ar fáil i gcomhréir le mír 1 den Airteagal seo agus le hAirteagal 20(8).
|
|
Airteagal 21 5
|
5. Faoin 30 Meitheamh 2032 agus gach 6 bliana ina dhiaidh sin, tabharfaidh EEA tuarascáil theicniúil uile-Aontais don Choimisiún ar an dul chun cinn i dtreo na spriocanna a leagtar amach sa Rialachán seo a bhaint amach agus na hoibleagáidí a leagtar amach sa Rialachán seo a chomhlíonadh, ar bhonn na sonraí a chuirfidh na Ballstáit ar fáil i gcomhréir le míreanna 1, 2 agus 3 den Airteagal seo. Féadfaidh an EEA freisin úsáid a bhaint as faisnéis arna tuairisciú faoi Airteagal 17 de Threoir 92/43/CEE, Airteagal 15 de Threoir 2000/60/CE, Airteagal 12 de Threoir 2009/147/CE, agus Airteagal 17 de Threoir 2008/56/CE.
|
|
Airteagal 21 6
|
6. Ón 19 Lúnasa 2029, agus gach 6 bliana ina dhiaidh sin, tuairisceoidh an Coimisiún do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle maidir le cur chun feidhme an Rialacháin seo.
|
|
Airteagal 21 7
|
7. Faoin 19 Lúnasa 2025, déanfaidh an Coimisiún, i gcomhairle leis na Ballstáit, tuarascáil a chur faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle ina mbeidh an méid seo a leanas:
|
(a)
|
forléargas ar na hacmhainní airgeadais atá ar fáil ar leibhéal an Aontais chun críche an Rialacháin seo a chur chun feidhme;
|
|
(b)
|
measúnú ar na riachtanais chistiúcháin chun Airteagail 4 go 13 a chur chun feidhme, agus chun an cuspóir a leagtar amach in Airteagal 1(2) a bhaint amach;
|
|
(c)
|
anailís chun aon bhearnaí cistiúcháin i gcur chun feidhme na n-oibleagáidí a leagtar amach sa Rialachán seo a shainaithint;
|
|
(d)
|
i gcás inarb iomchuí, tograí le haghaidh bearta leordhóthanacha, lena n-áirítear bearta airgeadais chun aghaidh a thabhairt ar na bearnaí a sainaithníodh, amhail cistiú tiomnaithe a bhunú, agus gan dochar do shainchumais na gcomhreachtóirí le haghaidh ghlacadh an chreata airgeadais ilbhliantúil tar éis 2027.
|
|
|
Airteagal 21 8
|
8. Áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh an fhaisnéis dá dtagraítear i míreanna 1 agus 2 den Airteagal seo leordhóthanach agus cothrom le dáta agus go mbeidh sí ar fáil don phobal i gcomhréir le Treoracha 2003/4/CE, 2007/2/CE agus (AE) 2019/1024.
|
,
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
- Builddate: 29.07.2024 00:00:00 -Doknr: CELEX:32024R1991
- EULAW -
EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.
DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.
|