+Airteagal 21 2
|
Airteagal 21 2
2. Faoin 30 Meitheamh 2031, le haghaidh na tréimhse suas go dtí 2030, agus gach 6 bliana ar a laghad ina dhiaidh sin, tuairisceoidh na Ballstáit don Choimisiún go leictreonach na sonraí agus an fhaisnéis seo a leanas, le cúnamh ó EEA:
|
(a)
|
an dul chun cinn a dhéantar i dtaca leis an bplean athchóirithe náisiúnta a chur chun feidhme, na bearta athchóiriúcháin a chur i bhfeidhm agus na spriocanna a leagtar amach in Airteagail 4 go 13 a bhaint amach agus na hoibleagáidí a leagtar amach in Airteagail 4 go 13 a chomhlíonadh;
|
|
(b)
|
faisnéis faoi na nithe seo a leanas:
|
(i)
|
suíomh na limistéar ina bhfuil meathlú suntasach tagtha ar chineálacha gnáthóige nó ar ghnáthóga speiceas agus suíomh na limistéar atá faoi réir bearta cúitimh arna ndéanamh faoi Airteagal 4(13);
|
|
(ii)
|
tuairisc ar éifeachtacht na mbeart cúitimh arna ndéanamh faoi Airteagal 4(13) chun a áirithiú nach mbeidh aon mheathlú suntasach ar chineálacha gnáthóige ná ar ghnáthóga speiceas ar leibhéal gach réigiúin bhithgheografaigh ina gcríoch;
|
|
(iii)
|
tuairisc ar éifeachtacht na mbeart cúitimh arna ndéanamh faoi Airteagal 4(13) chun a áirithiú nach gcuirfear baint amach na spriocanna ná comhlíonadh na gcuspóirí a leagtar amach in Airteagail 1, 4 agus 5 i mbaol.
|
|
|
(c)
|
torthaí an fhaireacháin a rinneadh i gcomhréir le hAirteagal 20, lena n-áirítear, i gcás thorthaí an fhaireacháin a rinneadh i gcomhréir le hAirteagal 20(1), pointí (h) agus (i), léarscáileanna ina bhfuil tagairtí geografacha;
|
|
(d)
|
suíomh agus fairsinge na limistéar atá faoi réir na mbeart athchóiriúcháin dá dtagraítear in Airteagail 4 agus 5, agus Airteagal 11(4), lena n-áirítear léarscáileanna de na limistéir dá bhfuil tagairtí geografacha;
|
|
(e)
|
fardal nuashonraithe na mbacainní dá dtagraítear in Airteagal 9(1);
|
|
(f)
|
faisnéis faoin dul chun cinn atá déanta i dtreo riachtanais mhaoiniúcháin a bhaint amach, i gcomhréir le hAirteagal 15(3), pointe (u), lena n-áirítear athbhreithniú ar infheistíocht iarbhír i gcomparáid le toimhdí infheistíochta tosaigh.
|
1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
- Builddate: 29.07.2024 00:00:00 -Doknr: CELEX:32024R1991
- EULAW -
EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.
DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.
|