+Airteagal 13 Bunú agus ról an Bhoird Athbhreithnithe Feidhmíochta
---+Airteagal 13 1
---+Airteagal 13 2
---+Airteagal 13 3
---+Airteagal 13 4

Airteagal 13 Bunú agus ról an Bhoird Athbhreithnithe Feidhmíochta

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil
Airteagal 13 1

1.   Bunaítear leis seo Bord Athbhreithnithe Feidhmíochta (BAF) comhairleach atá neamhspleách agus neamhchlaonta. Déanfaidh cathaoirleach BAF ionadaíocht thar a cheann agus tacóidh rúnaíocht leis.

Airteagal 13 2

2.   Is é an ról a bheidh ag BAF cúnamh a thabhairt don Choimisiún agus a chúraimí a bhaineann le feidhmiú mionsonraithe na scéimeanna feidhmíochta agus muirearaithe a leagtar síos in Airteagail 21 go 27 agus in Airteagail 29 go 32, faoi seach, agus faoi Airteagal 34, agus sna gníomhartha cur chun feidhme dá dtagraítear in Airteagail 28 agus 33, á ndéanamh aige. Chun na críche sin, soláthróidh BAF tuairimí, moltaí, ábhar treorach agus tuarascálacha don Choimisiún, i gcomhréir leis na tosaíochtaí arna sainiú ag an gCoimisiún.

Airteagal 13 3

3.   Eiseoidh BAF ábhar treorach chun tacú le húdaráis mhaoirseachta náisiúnta, agus, arna iarraidh sin, tabharfaidh sé cúnamh do na húdaráis sin chun na scéimeanna feidhmíochta agus muirearaithe a chur chun feidhme.

Airteagal 13 4

4.   Na tuairimí, na moltaí, na tuarascálacha agus an t-ábhar treorach arna nglacadh nó arna soláthar ag BAF, ní bheidh siad ceangailteach. Is ról comhairleach amháin a bheidh ag BAF. Ní bheidh aon fheidhm rialála ná aon chumhacht chinnteoireachta eile aige seachas a thuairimí, a mholtaí, a ábhar treorach agus a thuarascálacha a ghlacadh.

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas
  • Builddate: 11.11.2024 00:00:00 -Doknr: CELEX:32024R2803
  • EULAW -

    EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.

    DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.