+Airteagal 14 Comhdhéanamh BAF
---+Airteagal 14 1
---+Airteagal 14 2
---+Airteagal 14 3
---+Airteagal 14 4
---+Airteagal 14 5

Airteagal 14 Comhdhéanamh BAF

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil
Airteagal 14 1

1.   Seachtar comhaltaí a bheidh ar BAF, lena n-áirítear cathaoirleach BAF. Is náisiúnaigh de chuid an Aontais nó náisiúnaigh tríú tíortha a bhfuil comhaontú tugtha i gcrích ag an Aontas leo, ar comhaontú é faoina gcuireann na tíortha sin rialacha ábhartha dhlí an Aontais i bhfeidhm i réimse na bainistíochta aerthráchta agus na scéimeanna feidhmíochta agus muirearaithe a bheidh i gcomhaltaí BAF. Is téarma oifige 5 bliana nach féidir a athnuachan a bheidh ag comhaltaí BAF.

Airteagal 14 2

2.   Ceapfar comhaltaí BAF, lena n-áirítear an Cathaoirleach, ar bhonn fiúntais agus scileanna agus taithí a bhaineann le bainistíocht aerthráchta, seirbhísí aerloingseoireachta nó rialáil eacnamaíoch tionscal gréasán, i gcomhréir leis na critéir roghnúcháin agus incháilitheachta a shainítear sa ghníomh cur chun feidhme arna ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 20. Áiritheofar leis an bpróiseas ceapacháin i gcás comhaltaí den sórt sin go mbeidh an ionadaíocht cothrom i dtaca le hinniúlacht agus saineolas, chomh maith le hinscne agus tionscnamh geografach.

Airteagal 14 3

3.   Tar éis glao poiblí ar léiriú spéise, bunóidh an Coimisiún liosta iarrthóirí le bheith ina gcomhaltaí de BAF, agus ina gCathaoirleach ar BAF, a chomhlíonann na coinníollacha a leagtar amach i mír 2.

Is é an Coimisiún a cheapfaidh comhaltaí agus Cathaoirleach BAF ón liosta sin, tar éis dó dul i gcomhairle leis na Ballstáit agus tar éis nós imeachta roghnúcháin arna bhunú ar bhonn Airteagal 20.

Airteagal 14 4

4.   Féadfaidh an Coimisiún liosta ionadaithe a bhunú ar bhonn an liosta dá dtagraítear i mír 3, an chéad fhomhír.

I gcás comhalta nach bhfuil ábalta rannchuidiú go héifeachtach a thuilleadh le hobair BAF, a éiríonn as oifig nó nach gcomhlíonann na coinníollacha a leagtar amach san Airteagal seo a thuilleadh, cuirfear duine ón liosta ionadaithe in ionad an chomhalta sin, duine a cheaptar i gcomhréir leis an nós imeachta dá dtagraítear i mír 3, an dara fomhír, ar feadh a bhfuil fágtha de théarma oifige an chomhalta sin.

Airteagal 14 5

5.   Cuirfidh an Coimisiún torthaí na nglaonna ar iarratais agus na liostaí dá dtagraítear i míreanna 3 agus 4 in iúl do na Ballstáit.

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas
  • Builddate: 11.11.2024 00:00:00 -Doknr: CELEX:32024R2803
  • EULAW -

    EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.

    DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.