+Airteagal 18 Bord um Chomhar na nÚdarás Maoirseachta Náisiúnta
---+Airteagal 18 1
---+Airteagal 18 2
---+Airteagal 18 3
---+Airteagal 18 4

Airteagal 18 Bord um Chomhar na nÚdarás Maoirseachta Náisiúnta

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil
Airteagal 18 1

1.   Bunaítear leis seo Bord um Chomhar na nÚdarás Maoirseachta Náisiúnta.

Airteagal 18 2

2.   Déanfaidh Bord um Chomhar na nÚdarás Maoirseachta Náisiúnta an méid seo a leanas:

(a)

faisnéis a mhalartú faoi obair na n-údarás maoirseachta náisiúnta agus faoi phrionsabail chinnteoireachta, dea-chleachtais agus nósanna imeachta i ndáil le cur chun feidhme an Rialacháin;

(b)

moltaí a sholáthar do BAF maidir leis an ábhar treorach agus na tuarascálacha atá le heisiúint aige;

(c)

moltaí a sholáthar do BAF maidir le míreanna comhlántacha i gclár oibre bliantúil BAF.

Airteagal 18 3

3.   Beidh Bord um Chomhar na nÚdarás Maoirseachta Náisiúnta comhdhéanta d’ionadaí agus malartach ó údarás maoirseachta náisiúnta gach Ballstáit, agus is é an t-údarás maoirseachta náisiúnta a ainmneoidh an bheirt acu. Toghfaidh Bord um Chomhar na nÚdarás Maoirseachta Náisiúnta cathaoirleach agus leaschathaoirleach as measc a chomhaltaí. Glacfaidh Bord um Chomhar na nÚdarás Maoirseachta Náisiúnta a chinntí trí thromlach simplí dá chomhaltaí. Féadfaidh an Coimisiún freastal ar chruinnithe Bhord um Chomhar na nÚdarás Maoirseachta Náisiúnta, gan cearta vótála a bheith aige. Féadfar cuireadh a thabhairt do BAF freastal ar na cruinnithe sin, ar bhonn ad hoc, gan cearta vótála a bheith aige. Féadfar cuireadh a thabhairt do thríú tíortha freastal ar na cruinnithe sin, ar bhonn ad hoc, gan cearta vótála a bheith aige, faoi réir chomhaontú comhthoiliúil chomhaltaí Bhord um Chomhar na nÚdarás Maoirseachta Náisiúnta.

Airteagal 18 4

4.   Soláthróidh an Rúnaíocht dá dtagraítear in Airteagal 17 an tacaíocht riaracháin agus theicniúil is gá do Bhord um Chomhar na nÚdarás Maoirseachta Náisiúnta.

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas
  • Builddate: 11.11.2024 00:00:00 -Doknr: CELEX:32024R2803
  • EULAW -

    EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.

    DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.