+Airteagal 6 Stóráil, faireachán agus dliteanas
---+Airteagal 6 1
---+Airteagal 6 2
---+Airteagal 6 3
---+Airteagal 6 4
---+Airteagal 6 5
---+Airteagal 6 6
|
Airteagal 6 Stóráil, faireachán agus dliteanas
1. Forbhreathnú
| Teideal |
Rialáil |
|
Airteagal 6 1
|
1. Léireoidh oibreoir nó grúpa oibreoirí maidir le gníomhaíocht go ndéantar carbón a bhuanstóráil léi nó go bhfuil sé d’aidhm léi carbón a stóráil go fadtéarmach.
|
|
Airteagal 6 2
|
2. Chun críocha mhír 1, beidh oibreoir nó grúpa oibreoirí:
|
(a)
|
faoi réir rialacha maidir le faireachán agus rialacha maidir le maolú a dhéanamh ar aon rioscaí sainaitheanta aisiompaithe a tharlaíonn le linn na tréimhse faireacháin;
|
|
(b)
|
faoi dhliteanas aghaidh a thabhairt, trí shásraí dliteanais iomchuí i gcomhréir leis na modheolaíochtaí deimhniúcháin is infheidhme a leagtar amach sna gníomhartha tarmligthe arna nglacadh de bhun Airteagal 8, ar aon aisiompú a tharlaíonn le linn na tréimhse faireacháin le haghaidh na gníomhaíochta sin i gcás an charbóin a gabhadh agus a stóráladh trí bhíthin gníomhaíochta.
|
|
|
Airteagal 6 3
|
3. I gcás na rialacha faireacháin dá dtagraítear i mír 2, pointe (a):
|
(a)
|
maidir le buanaistrithe carbóin, beidh siad comhsheasmhach leis na rialacha a leagtar amach in Airteagail 13 go 16 de Threoir 2009/31/CE;
|
|
(b)
|
maidir le carbón atá buancheangailte go ceimiceach i dtáirgí, beidh siad comhsheasmhach leis na rialacha arna nglacadh de bhun Airteagal 12(3b) de Threoir 2003/87/CE;
|
|
(c)
|
maidir le feirmeoireacht carbóin agus stóráil carbóin i dtáirgí, leagfar amach iad agus tabharfar údar cuí leo i gcomhréir leis na rialacha a leagtar síos sna modheolaíochtaí deimhniúcháin is infheidhme a leagtar amach sna gníomhartha tarmligthe arna nglacadh de bhun Airteagal 8.
|
|
|
Airteagal 6 4
|
4. I gcás na sásraí dliteanais dá dtagraítear i mír 2, pointe (b):
|
(a)
|
maidir le buanaistrithe carbóin, beidh siad comhsheasmhach leis na rialacha a leagtar amach in Airteagail 17 agus 18 de Threoir 2009/31/CE;
|
|
(b)
|
maidir le carbón atá buancheangailte go ceimiceach i dtáirgí, beidh siad comhsheasmhach leis na rialacha arna nglacadh de bhun Airteagal 12(3b) de Threoir 2003/87/CE;
|
|
(c)
|
maidir le feirmeoireacht carbóin agus stóráil carbóin i dtáirgí, leagfar amach iad agus tabharfar údar cuí leo sna modheolaíochtaí deimhniúcháin is infheidhme a leagtar amach sna gníomhartha tarmligthe arna nglacadh de bhun Airteagal 8 agus féadfar maoláin chomhchoiteanna nó sásraí árachais tosaigh a áireamh iontu.
|
|
|
Airteagal 6 5
|
5. Measfar an carbón a aistríodh agus a stóráladh ina dhiaidh sin trí ghníomhaíocht aistrithe carbóin a bheith scaoilte isteach san atmaisféar ag deireadh na tréimhse faireacháin, ach amháin má dhéantar an tréimhse faireacháin sin a fhadú trí dheimhniú nua ar an ngníomhaíocht nó má bhuanstóráiltear an carbón de bhun mhír 3, pointí (a) agus (b), agus mhír 4, pointí (a) agus (b).
|
|
Airteagal 6 6
|
6. Beidh gníomhaíochtaí maidir le laghduithe astaíochtaí ithreach faoi réir rialacha faireacháin agus sásraí dliteanais iomchuí mar a leagtar amach sna gníomhartha tarmligthe arna nglacadh de bhun Airteagal 8.
|
,
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
- Builddate: 06.12.2024 00:00:00 -Doknr: CELEX:32024R3012
- EULAW -
EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.
DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.
|