+Airteagal 9 Deimhniú comhlíontachta
---+Airteagal 9 1
---+Airteagal 9 2
---+Airteagal 9 3
---+Airteagal 9 4
---+Airteagal 9 5

Airteagal 9 Deimhniú comhlíontachta

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil
Airteagal 9 1

1.   Chun iarratas a dhéanamh ar dheimhniú um chomhlíonadh an Rialacháin seo, cuirfidh oibreoir nó grúpa oibreoirí iarratas faoi bhráid scéim deimhniúcháin.

Ar ghlacadh leis an iarratas sin, cuirfidh an t-oibreoir nó an grúpa oibreoirí plean gníomhaíochta faoi bhráid comhlacht deimhniúcháin ina n-áirítear fianaise ar chomhlíonadh Airteagail 4 go 7 agus an glantairbhe aistrithe carbóin a bhfuiltear ag súil leis nó an glantairbhe laghdaithe astaíochtaí ithreach a bhfuiltear ag súil leis a ghintear leis an ngníomhaíocht, agus plean faireacháin.

Sonróidh grúpaí oibreoirí freisin cén chaoi a soláthraítear seirbhísí comhairleacha, go háirithe d’oibreoirí feirmeoireachta carbóin ar mionscála.

Maidir le gníomhaíochtaí feirmeoireachta carbóin, féadfaidh na Ballstáit comhairle a thabhairt d’fheirmeoirí faoi chuimsiú na seirbhísí comhairleacha feirme dá dtagraítear in Airteagal 15 de Rialachán (AE) 2021/2115.

Chun idir-inoibritheacht na mbunachar sonraí ábhartha maidir le feirmeoireacht carbóin a chur chun cinn, i gcás inarb infheidhme, féadfaidh na Ballstáit a áireamh, sa chóras aitheantais le haghaidh dáileachtaí talmhaíochta dá dtagraítear in Airteagal 68 de Rialachán (AE) 2021/2116, faisnéis bhunriachtanach a liostaítear in Iarscríbhinn II a ghabhann leis an Rialachán seo, lena n-áirítear cleachtais bhainistíochta a bhaineann leis an ngníomhaíocht feirmeoireachta carbóin, dáta tosaigh agus dáta deiridh na gníomhaíochta, uimhir uathúil nó cód uathúil an deimhnithe comhlíontachta, ainm an chomhlachta deimhniúcháin agus ainm na scéime deimhniúcháin.

Airteagal 9 2

2.   Ceapfaidh an scéim deimhniúcháin comhlacht deimhniúcháin, a dhéanfaidh iniúchadh deimhniúcháin chun a fhíorú go bhfuil an fhaisnéis a thíolactar i gcomhréir le mír 1 den Airteagal seo cruinn agus iontaofa, agus chun a dheimhniú go gcomhlíonann an ghníomhaíocht Airteagail 4 go 7.

Nuair atá, mar thoradh ar an iniúchadh deimhniúcháin sin, comhlíontacht na faisnéise a tíolacadh i gcomhréir le mír 1 den Airteagal seo fíoraithe, eiseoidh an comhlacht deimhniúcháin tuarascáil iniúchta deimhniúcháin ina n-áirítear achoimre, agus eiseoidh sé deimhniú comhlíontachta ina bhfuil, ar a laghad, an fhaisnéis a leagtar amach in Iarscríbhinn II.

Déanfaidh an scéim deimhniúcháin athbhreithniú ar an tuarascáil iniúchta deimhniúcháin agus ar an deimhniú comhlíontachta, agus cuirfidh sí an tuarascáil iniúchta deimhniúcháin, ina hiomláine nó, i gcás inar gá chun rúndacht faisnéise atá íogair ó thaobh na tráchtála de a chaomhnú, i bhfoirm achoimrithe, agus an deimhniú comhlíontachta ar fáil go poiblí ina clárlann deimhniúcháin nó i gclárlann an Aontais dá bhforáiltear in Airteagal 12 ach í a bheith bunaithe (‘clárlann an Aontais’).

Airteagal 9 3

3.   Gach 5 bliana ar a laghad, nó níos minice i gcás ina sonraítear amhlaidh sa mhodheolaíocht deimhniúcháin is infheidhme bunaithe ar shaintréithe na gníomhaíochta ábhartha, déanfaidh an comhlacht deimhniúcháin iniúchtaí athdheimhniúcháin chun a athdhearbhú go gcomhlíonann an ghníomhaíocht Airteagail 4 go 7 agus chun an glantairbhe carbóin nó an glantairbhe laghdaithe astaíochtaí ithreach a ghintear leis an ngníomhaíocht a fhíorú. Mar thoradh ar an iniúchadh athdheimhniúcháin sin, eiseoidh an comhlacht deimhniúcháin tuarascáil iniúchta athdheimhniúcháin ina n-áirítear achoimre, agus, i gcás inarb iomchuí, eiseoidh sé deimhniú comhlíontachta nuashonraithe.

Déanfaidh an scéim deimhniúcháin athbhreithniú ar an tuarascáil iniúchta athdheimhniúcháin agus ar an deimhniú comhlíontachta nuashonraithe, agus cuirfidh sí an tuarascáil iniúchta athdheimhniúcháin, ina hiomláine nó, i gcás inar gá chun rúndacht faisnéise atá íogair ó thaobh na tráchtála de a chaomhnú, i bhfoirm achoimrithe, agus an deimhniú comhlíontachta nuashonraithe ar fáil go poiblí ina clárlann deimhniúcháin nó i gclárlann an Aontais ach í a bheith bunaithe.

Eiseoidh clárlann deimhniúcháin na scéime deimhniúcháin nó clárlann an Aontais, ach í a bheith bunaithe, aonaid dheimhnithe bunaithe ar an deimhniú comhlíontachta nuashonraithe atá mar thoradh ar an iniúchadh athdheimhniúcháin.

Airteagal 9 4

4.   Tacóidh an t-oibreoir nó an grúpa oibreoirí leis an gcomhlacht deimhniúcháin le linn an iniúchta deimhniúcháin agus an iniúchta athdheimhniúcháin, go háirithe trí rochtain a thabhairt ar áitreabh na gníomhaíochta agus trí aon sonraí agus doiciméid a theastaíonn ón gcomhlacht deimhniúcháin sin a sholáthar.

Airteagal 9 5

5.   Glacfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme chun struchtúr, formáid agus mionsonraí teicniúla an phlean gníomhaíochta agus an phlean faireacháin dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo, agus na dtuarascálacha iniúchta deimhniúcháin agus na dtuarascálacha iniúchta athdheimhniúcháin dá dtagraítear i míreanna 2 agus 3 den Airteagal seo, a leagan amach. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 17.

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas
  • Builddate: 06.12.2024 00:00:00 -Doknr: CELEX:32024R3012
  • EULAW -

    EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.

    DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.