|
+Airteagal 9 1 |
Airteagal 9 11. Chun iarratas a dhéanamh ar dheimhniú um chomhlíonadh an Rialacháin seo, cuirfidh oibreoir nó grúpa oibreoirí iarratas faoi bhráid scéim deimhniúcháin. Ar ghlacadh leis an iarratas sin, cuirfidh an t-oibreoir nó an grúpa oibreoirí plean gníomhaíochta faoi bhráid comhlacht deimhniúcháin ina n-áirítear fianaise ar chomhlíonadh Airteagail 4 go 7 agus an glantairbhe aistrithe carbóin a bhfuiltear ag súil leis nó an glantairbhe laghdaithe astaíochtaí ithreach a bhfuiltear ag súil leis a ghintear leis an ngníomhaíocht, agus plean faireacháin. Sonróidh grúpaí oibreoirí freisin cén chaoi a soláthraítear seirbhísí comhairleacha, go háirithe d’oibreoirí feirmeoireachta carbóin ar mionscála. Maidir le gníomhaíochtaí feirmeoireachta carbóin, féadfaidh na Ballstáit comhairle a thabhairt d’fheirmeoirí faoi chuimsiú na seirbhísí comhairleacha feirme dá dtagraítear in Airteagal 15 de Rialachán (AE) 2021/2115. Chun idir-inoibritheacht na mbunachar sonraí ábhartha maidir le feirmeoireacht carbóin a chur chun cinn, i gcás inarb infheidhme, féadfaidh na Ballstáit a áireamh, sa chóras aitheantais le haghaidh dáileachtaí talmhaíochta dá dtagraítear in Airteagal 68 de Rialachán (AE) 2021/2116, faisnéis bhunriachtanach a liostaítear in Iarscríbhinn II a ghabhann leis an Rialachán seo, lena n-áirítear cleachtais bhainistíochta a bhaineann leis an ngníomhaíocht feirmeoireachta carbóin, dáta tosaigh agus dáta deiridh na gníomhaíochta, uimhir uathúil nó cód uathúil an deimhnithe comhlíontachta, ainm an chomhlachta deimhniúcháin agus ainm na scéime deimhniúcháin. 1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí1.2 Ceanglais aitheanta1.3 Caighdeáin ghaolmhara2. Ceanglais aitheanta
3. Caighdeáin ghaolmhara
|