+Airteagal 10 Comhlachtaí deimhniúcháin
---+Airteagal 10 1
---+Airteagal 10 2
---+Airteagal 10 3
---+Airteagal 10 4

Airteagal 10 Comhlachtaí deimhniúcháin

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil
Airteagal 10 1

1.   Maidir le comhlachtaí deimhniúcháin a cheaptar trí scéimeanna deimhniúcháin, déanfaidh comhlacht creidiúnaithe náisiúnta iad a chreidiúnú de bhun Rialachán (CE) Uimh. 765/2008 nó aithneoidh údarás inniúil náisiúnta iad mar chomhlachtaí atá inniúil chun raon feidhme an Rialacháin seo nó raon feidhme sonrach na scéime deimhniúcháin a chumhdach.

Airteagal 10 2

2.   Maidir le comhlachtaí deimhniúcháin:

(a)

beidh siad inniúil ar na hiniúchtaí deimhniúcháin agus na hiniúchtaí athdheimhniúcháin a dhéanamh;

(b)

beidh siad neamhspleách, ar bhonn dlíthiúil agus airgeadais, ar oibreoir nó ar ghrúpa oibreoirí; agus

(c)

na gníomhaíochtaí a cheanglaítear faoin Rialachán seo, déanfaidh siad iad chun leas an phobail.

Airteagal 10 3

3.   Chun críocha mhír 2, pointe (b), maidir le comhlachtaí deimhniúcháin agus aon chuid díobh:

(a)

ní bheidh siad ina n-oibreoir nó ina ngrúpa oibreoirí, ina n-úinéir oibreora nó ina n-úinéir grúpa oibreoirí, ná faoina n-úinéireacht;

(b)

ní bheidh siad i gcaidrimh le hoibreoir nó le grúpa oibreoirí a d’fhéadfadh difear a dhéanamh dá neamhspleáchas agus dá neamhchlaontacht.

Airteagal 10 4

4.   Déanfaidh na Ballstáit maoirseacht ar oibriú comhlachtaí deimhniúcháin.

Tíolacfaidh comhlachtaí deimhniúcháin, arna iarraidh sin do na húdaráis inniúla náisiúnta, an fhaisnéis ábhartha uile is gá chun maoirseacht a dhéanamh ar a n-oibriú, lena n-áirítear dáta, am agus suíomh an iniúchta deimhniúcháin agus an iniúchta athdheimhniúcháin.

I gcás ina n-aimsíonn na Ballstáit saincheisteanna maidir le neamhchomhlíonadh, cuirfidh siad an comhlacht deimhniúcháin agus an scéim deimhniúcháin ábhartha ar an eolas faoi sin gan mhoill.

Foilseofar an fhaisnéis faoi shaincheisteanna maidir le neamhchomhlíonadh sa chlárlann deimhniúcháin nó i gclárlann an Aontais ach í a bheith bunaithe.

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas
  • Builddate: 06.12.2024 00:00:00 -Doknr: CELEX:32024R3012
  • EULAW -

    EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.

    DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.