+Airteagal 18 Athbhreithniú
---+Airteagal 18 1
---+Airteagal 18 2
---+Airteagal 18 3
---+Airteagal 18 4

Airteagal 18 Athbhreithniú

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil
Airteagal 18 1

1.   Déanfar an Rialachán seo a choinneáil faoi athbhreithniú i ngach gné, agus an méid seo a leanas á chur san áireamh:

(a)

forbairtí ábhartha a bhaineann le dlí an Aontais, lena n-áirítear a mhéid atá sé comhsheasmhach le Rialacháin (AE) 2018/841, (AE) 2018/842 agus (AE) 2021/1119 agus Treoracha 2003/87/CE agus (AE) 2018/2001;

(b)

forbairtí ábhartha a bhaineann le UNFCCC agus Comhaontú Pháras, lena n-áirítear rialacha agus treoirlínte a bhaineann le hAirteagal 6 den Chomhaontú sin a chur chun feidhme;

(c)

dul chun cinn teicneolaíoch agus eolaíoch, dea-chleachtais agus forbairtí margaidh i réimse na n-aistrithe carbóin;

(d)

an acmhainneacht maidir le buanstóráil carbóin i dtríú tíortha, faoi réir comhaontuithe idirnáisiúnta dá dtagraítear i gCaibidil III de Rialachán (AE) 2024/1735 a bheith ann, agus foráil á déanamh ag an am céanna maidir le coinníollacha atá coibhéiseach leo siúd a leagtar síos i dTreoir 2009/31/CE chun a áirithiú go mbeidh stóráil gheolaíoch CO2 a ghabhtar slán go buan agus sábháilte go buan ó thaobh an chomhshaoil de;

(e)

tionchar na húsáide méadaithe bithmhaise ar an gcomhshaol atá mar thoradh ar chur i bhfeidhm an Rialacháin seo, lena n-áirítear an tionchar ar dhíghrádú talún agus ar athbhunú éiceachórais;

(f)

an tionchar ar shlándáil bia an Aontais agus ar amhantraíocht talún; agus

(g)

costas an phróisis deimhniúcháin.

Airteagal 18 2

2.   Faoin 27 Nollaig 2027, agus ina dhiaidh sin laistigh de 6 mhí ó thoradh gach athbhreithnithe dhomhanda a chomhaontaítear faoi Airteagal 14 de Chomhaontú Pháras, tuairisceoidh an Coimisiún do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle maidir le cur i bhfeidhm an Rialacháin seo.

Airteagal 18 3

3.   Faoin 31 Iúil 2026, déanfaidh an Coimisiún athbhreithniú ar chur i bhfeidhm an Rialacháin seo maidir le hastaíochtaí a laghdú ó chatagóir foinse IPCC ‘an talmhaíocht’, fochatagóir 3.A ‘coipeadh eintreach’ agus fochatagóir 3.B ‘bainistiú aoiligh’, arna gcinneadh de bhun Rialachán (AE) 2018/1999 agus na ngníomhartha cur chun feidhme arna nglacadh de bhun an Rialacháin sin, agus costais deiseanna, éabhlóid an chreata rialála, éifeachtaí diúltacha féideartha as a dtiocfaidh méadú ar astaíochtaí gáis ceaptha teasa agus sprioc aeráide 2040 an Aontais á gcur san áireamh mar a mholtar i gcomhréir le hAirteagal 4(3) de Rialachán (AE) 2021/1119, agus cuirfidh sé tuarascáil faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle. Beidh an tuarascáil sin bunaithe, inter alia, ar mhodheolaíocht deimhniúcháin phíolótach le haghaidh gníomhaíochtaí lena laghdaítear astaíochtaí talmhaíochta ó choipeadh eintreach agus bainistiú aoiligh.

Déanfaidh an Coimisiún, i gcás inarb iomchuí, togra reachtach a thíolacadh a bheidh ag gabháil leis an tuarascáil sin chun raon feidhme na ngníomhaíochtaí a chumhdaítear faoin Rialachán seo a leathnú chuig laghdú astaíochtaí i gcatagóir foinse IPCC ‘an talmhaíocht’, fochatagóir 3.A ‘coipeadh eintreach’ agus fochatagóir 3.B ‘bainistiú aoiligh’, arna chinneadh de bhun Rialachán (AE) 2018/1999.

Airteagal 18 4

4.   Faoin 31 Iúil 2026, déanfaidh an Coimisiún measúnú ar na ceanglais bhreise is gá chun an Rialachán seo a ailíniú le hAirteagal 6 de Chomhaontú Pháras agus le dea-chleachtais, lena n-áirítear coigeartuithe comhfhreagracha, údarú an pháirtí óstaigh agus modheolaíochtaí. Sa mheasúnú sin, déanfaidh an Coimisiún athbhreithniú ar úsáid aonad deimhnithe chun astaíochtaí a ghintear lasmuigh de NDC an Aontais agus de chuspóirí aeráide an Aontais. Beidh togra reachtach ag gabháil leis an measúnú sin, i gcás inarb iomchuí.

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas
  • Builddate: 06.12.2024 00:00:00 -Doknr: CELEX:32024R3012
  • EULAW -

    EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.

    DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.