+Airteagal 18 3

Airteagal 18 3

3.   Faoin 31 Iúil 2026, déanfaidh an Coimisiún athbhreithniú ar chur i bhfeidhm an Rialacháin seo maidir le hastaíochtaí a laghdú ó chatagóir foinse IPCC ‘an talmhaíocht’, fochatagóir 3.A ‘coipeadh eintreach’ agus fochatagóir 3.B ‘bainistiú aoiligh’, arna gcinneadh de bhun Rialachán (AE) 2018/1999 agus na ngníomhartha cur chun feidhme arna nglacadh de bhun an Rialacháin sin, agus costais deiseanna, éabhlóid an chreata rialála, éifeachtaí diúltacha féideartha as a dtiocfaidh méadú ar astaíochtaí gáis ceaptha teasa agus sprioc aeráide 2040 an Aontais á gcur san áireamh mar a mholtar i gcomhréir le hAirteagal 4(3) de Rialachán (AE) 2021/1119, agus cuirfidh sé tuarascáil faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle. Beidh an tuarascáil sin bunaithe, inter alia, ar mhodheolaíocht deimhniúcháin phíolótach le haghaidh gníomhaíochtaí lena laghdaítear astaíochtaí talmhaíochta ó choipeadh eintreach agus bainistiú aoiligh.

Déanfaidh an Coimisiún, i gcás inarb iomchuí, togra reachtach a thíolacadh a bheidh ag gabháil leis an tuarascáil sin chun raon feidhme na ngníomhaíochtaí a chumhdaítear faoin Rialachán seo a leathnú chuig laghdú astaíochtaí i gcatagóir foinse IPCC ‘an talmhaíocht’, fochatagóir 3.A ‘coipeadh eintreach’ agus fochatagóir 3.B ‘bainistiú aoiligh’, arna chinneadh de bhun Rialachán (AE) 2018/1999.

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas
  • Builddate: 06.12.2024 00:00:00 -Doknr: CELEX:32024R3012
  • EULAW -

    EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.

    DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.