+Airteagal 7 Tuairisceoirí ithreach, critéir maidir le riocht sláintiúil ithreach, agus táscairí séalaithe ithreach agus bainte ithreach
---+Airteagal 7 1
---+Airteagal 7 2
---+Airteagal 7 3
---+Airteagal 7 4
---+Airteagal 7 5
---+Airteagal 7 6
---+Airteagal 7 7
---+Airteagal 7 8

Airteagal 7 Tuairisceoirí ithreach, critéir maidir le riocht sláintiúil ithreach, agus táscairí séalaithe ithreach agus bainte ithreach

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil
Airteagal 7 1

1.   Agus faireachán agus measúnú á ndéanamh ar shláinte ithreach, cuirfidh na Ballstáit na tuairisceoirí ithreach a liostaítear in Iarscríbhinn I, Codanna A, B agus C, i bhfeidhm.

Agus faireachán á dhéanamh ar shéalú ithreach agus ar bhaint ithreach, cuirfidh na Ballstáit na táscairí séalaithe ithreach agus bainte ithreach a liostaítear in Iarscríbhinn I, Cuid D, i bhfeidhm.

Airteagal 7 2

2.   Agus measúnú á dhéanamh ar shláinte ithreach, úsáidfidh na Ballstáit critéir maidir le riocht sláintiúil ithreach ina bhfuil an méid seo a leanas:

(a)

spriocluachanna inbhuanaithe neamhcheangailteacha a liostaítear in Iarscríbhinn I, Codanna A agus B; agus

(b)

truicearluachanna oibríochtúla a shocraítear i gcomhréir le mír 6.

Airteagal 7 3

3.   Leagfaidh na Ballstáit síos liosta d’éilleáin orgánacha don tuairisceoir ithreach a bhaineann le héilliú ithreach dá dtagraítear in Iarscríbhinn I, Cuid B. Chun na críche sin, féadfaidh na Ballstáit an liosta táscach d’éilleáin ithreach dá dtagraítear in Airteagal 8 a chur san áireamh.

Airteagal 7 4

4.   Leagfaidh na Ballstáit síos liosta d’éilleáin do na tuairisceoirí ithreach a bhaineann le héilliú ithreach dá dtagraítear in Iarscríbhinn I, Cuid C, lena n-áirítear lotnaidicídí, a meitibilítí agus substaintí sárfhluarailcile agus polafluarailcile (PFAS), lena ngabhann an riosca is airde do shláinte an duine agus don chomhshaol, agus an liosta táscach d’éilleáin ithreach dá dtagraítear in Airteagal 8 á chur san áireamh chomh maith le faisnéis ábhartha maidir leis an méid seo a leanas, má tá fáil uirthi:

(a)

tocsaineacht an éilleáin ithreach;

(b)

marthanacht agus soghluaisteacht an éilleáin ithreach;

(c)

foinsí féideartha agus láithreacht an éilleáin ithreach;

(d)

sonraí cainníochtúla maidir le táirgeadh, úsáid, tomhaltas nó méideanna díolacháin na substaintí lena mbaineann sna Ballstáit lena mbaineann;

(e)

sonraí bithfhaireacháin dhaonna ó thionscadail taighde, agus láithreacht éilleán i meáin chomhshaoil.

Airteagal 7 5

5.   Socróidh na Ballstáit na spriocluachanna inbhuanaithe neamhcheangailteacha le haghaidh na dtuairisceoirí ithreach a liostaítear in Iarscríbhinn I, Cuid B, i gcomhréir leis na forálacha a leagtar amach in Iarscríbhinn I, Cuid B, an tríú colún.

Airteagal 7 6

6.   Socróidh na Ballstáit truicearluach oibríochtúil amháin nó níos mó le haghaidh gach tuairisceora ithreach a liostaítear in Iarscríbhinn I, Codanna A agus B, lena léirítear leibhéil díghrádaithe ithreach ar ar a mbonn atá gá le tacaíocht do shláinte ithreach agus d’athléimneacht ithreach i gcomhréir le hAirteagal 11.

Féadfaidh na Ballstáit an truicearluach oibríochtúil le haghaidh tuairisceoir ithreach amháin nó níos mó a shocrú ar an leibhéal céanna leis an spriocluach inbhuanaithe neamhcheangailteach le haghaidh na dtuairisceoirí ithreach sin.

Airteagal 7 7

7.   Féadfaidh na Ballstáit tuairisceoirí ithreach agus táscairí séalaithe ithreach agus bainte ithreach a shocrú sa bhreis orthu siúd a liostaítear in Iarscríbhinn I.

Airteagal 7 8

8.   Cuirfidh na Ballstáit an Coimisiún ar an eolas nuair a shocraíonn siad nó nuair a oiriúnaíonn siad tuairisceoirí ithreach, táscairí séalaithe ithreach agus bainte ithreach nó critéir maidir le riocht sláintiúil ithreach i gcomhréir le míreanna 2 go 8.

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas
  • Builddate: 26.11.2025 00:00:00 -Doknr: CELEX:32025L2360
  • EULAW -

    EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.

    DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.