+Airteagal 13 Cur chuige rioscabhunaithe agus céim ar chéim
---+Airteagal 13 1
---+Airteagal 13 2
---+Airteagal 13 3
---+Airteagal 13 4

Airteagal 13 Cur chuige rioscabhunaithe agus céim ar chéim

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil
Airteagal 13 1

1.   Áiritheoidh na Ballstáit go ndéanfar na rioscaí do shláinte an duine agus don chomhshaol a bhaineann le láithreáin a d’fhéadfadh a bheith éillithe agus láithreáin éillithe a shainaithint agus a bhainistiú, agus go gcoimeádfar ar leibhéil inghlactha iad, agus tionchar comhshaoil, sóisialta agus eacnamaíoch an éillithe ithreach agus na mbeart laghdúcháin riosca arna nglacadh de bhun Airteagal 16(4) á gcur san áireamh. Féadfar meastóireacht a dhéanamh ar na rioscaí sin agus an úsáid talún atá ann faoi láthair agus atá beartaithe á cur san áireamh le linn gach ceann de na céimeanna dá dtagraítear i mír 2 den Airteagal seo.

Bunóidh na Ballstáit ordlathas freagrachta chun an páirtí nó na páirtithe atá freagrach as cur chun feidhme láithreánsonrach mhír 2, pointí (b) agus (c), den Airteagal seo a chinneadh.

Airteagal 13 2

2.   Gan dochar do cheanglais níos déine a eascraíonn as dlí an Aontais nó as an dlí náisiúnta, déanfaidh na Ballstáit, faoin 17 Nollaig 2029, cur chuige rioscabhunaithe agus céim ar chéim a bhunú maidir leis an méid seo a leanas:

(a)

láithreáin a d’fhéadfadh a bheith éillithe a shainaithint i gcomhréir le hAirteagal 14;

(b)

imscrúdú a dhéanamh ar láithreáin a d’fhéadfadh a bheith éillithe i gcomhréir le hAirteagal 15;

(c)

an measúnú riosca láithreánsonrach ar láithreáin éillithe agus bainistiú na láithreán éillithe i gcomhréir le hAirteagal 16.

Airteagal 13 3

3.   Tabharfar deiseanna luatha éifeachtacha don phobal lena mbaineann an méid seo a leanas a dhéanamh:

(a)

barúlacha a thabhairt ar bhunú agus ar chur i bhfeidhm nithiúil an chur chuige rioscabhunaithe agus céim ar chéim dá dtagraítear i mír 2;

(b)

faisnéis a sholáthar atá ábhartha do na gníomhaíochtaí dá dtagraítear i bpointe (a), amhail bithfhaireachán daonna nó sonraí faireacháin comhshaoil ó thionscadail taighde;

(c)

faisnéis a sholáthar d’fhonn an fhaisnéis atá sa chlár dá dtagraítear in Airteagal 17 a cheartú.

Cuirfear barúlacha a thugtar faoi phointe (a) den mhír seo san áireamh agus an cur chuige rioscabhunaithe agus céim ar chéim á bhunú agus á chur i bhfeidhm ag na Ballstáit.

Airteagal 13 4

4.   Chun críocha mhír 3, áiritheoidh na Ballstáit go soláthrófar faisnéis ábhartha don phobal ar bhealach tráthúil, leormhaith agus éifeachtach, lena n-áirítear trí fhógraí poiblí agus trí mheáin leictreonacha.

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas
  • Builddate: 26.11.2025 00:00:00 -Doknr: CELEX:32025L2360
  • EULAW -

    EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.

    DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.