+Airteagal 25
---+Airteagal 25 1.
---+Airteagal 25 2.
---+Airteagal 25 3.
---+Airteagal 25 4.
---+Airteagal 25 5.
---+Airteagal 25 6.

Airteagal 25

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil
Airteagal 25 1.
Beidh eu-LISA freagrach as ailtireacht fhisiceach an ródaire a dhearadh, lena n-áirítear a chuid sonraíochtaí teicniúla a shainiú.
Airteagal 25 2.
Beidh eu-LISA freagrach as an ródaire a fhorbairt, lena n-áirítear as aon oiriúnuithe teicniúla is gá d’oibriú an ródaire.

Is é a bheidh i bhforbairt an ródaire forbairt agus cur chun feidhme na sonraíochtaí teicniúla, tástáil agus bainistiú agus comhordú foriomlán an tionscadail ag an gcéim forbartha.

Airteagal 25 3.
Áiritheoidh eu-LISA go ndéanfar an ródaire a dhearadh agus a fhorbairt sa chaoi go ndéanfaidh an ródaire na feidhmiúlachtaí a shonraítear sa Rialachán seo a sholáthar, agus go gcuirfidh an ródaire tús le hoibríochtaí a luaithe is féidir tar éis don Choimisiún na gníomhartha tarmligthe dá bhforáiltear in Airteagal 4(12), Airteagal 5(3), Airteagal 7(2), agus na gníomhartha cur chun feidhme dá bhforáiltear in Airteagal 11(5), Airteagal 12(4), Airteagal 23(2) agus Airteagal 24(2) den Rialachán seo, agus na gníomhartha cur chun feidhme dá bhforáiltear in Airteagal 16(3) de Threoir (AE) 2016/681 a ghlacadh, agus tar éis measúnú tionchair ar chosaint sonraí a dhéanamh i gcomhréir le hAirteagal 35 de Rialachán (AE) 2016/679.
Airteagal 25 4.
Déanfaidh eu-LISA tacar tástála comhlíontachta a sholáthar do na PIUnna, d’údaráis ábhartha eile de chuid na mBallstát agus d’aeriompróirí. Áireofar sa tacar tástála comhlíontachta timpeallacht tástála, ionsamhlóir, tacair sonraí tástála agus plean tástála. Leis an tacar tástála comhlíontachta, beifear in ann tástálacha cuimsitheacha a dhéanamh ar an ródaire dá dtagraítear i míreanna 5 agus 6 agus beidh sé ar fáil tar éis na tástálacha sin a chur i gcrích.
Airteagal 25 5.
I gcás ina measann eu-LISA gur cuireadh an chéim forbartha i gcrích i ndáil leis na sonraí API, déanfaidh sé, gan moill mhíchuí, tástáil chuimsitheach ar an ródaire, i gcomhar leis na PIUnna agus le húdaráis ábhartha eile de chuid na mBallstát agus le haeriompróirí, agus cuirfidh sé toradh na tástála sin in iúl don Choimisiún.
Airteagal 25 6.
I gcás ina measann eu-LISA gur cuireadh an chéim forbartha i gcrích i ndáil le sonraí eile PNR, déanfaidh sé, gan moill mhíchuí, tástálacha cuimsitheacha ar an ródaire chun iontaofacht naisc an ródaire le haeriompróirí agus na PIUnna a áirithiú, chun tarchur caighdeánaithe riachtanach na sonraí eile PNR ag aeriompróirí a áirithiú agus chun aistriú agus tarchur sonraí eile PNR a áirithiú i gcomhréir le hAirteagal 16 de Threoir (AE) 2016/681, lena n-áirítear úsáid a bhaint as na prótacail choiteanna agus formáidí caighdeánaithe sonraí tacaithe dá dtagraítear in Airteagal 16, míreanna 2 agus 3 den Treoir sin chun inléiteacht na sonraí eile PNR a áirithiú. Déanfar tástálacha den sórt sin i gcomhar leis na PIUnna agus le húdaráis ábhartha eile de chuid na mBallstát agus le haeriompróirí. Cuirfidh eu-LISA toradh na dtástálacha sin in iúl don Choimisiún.

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas
  • Builddate: 08.01.2025 00:00:00 -Doknr: CELEX:32025R0013
  • EULAW -

    EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.

    DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.