Gan dochar do mhír 3 den Airteagal seo ná d’Airteagal 17 de Rialacháin Foirne Oifigigh an Aontais Eorpaigh, a leagtar síos i Rialachán (CEE, Euratom, CEGC) Uimh. 259/68 ón gComhairle (
2
), cuirfidh eu-LISA rialacha iomchuí rúndachta gairmiúla nó dualgais choibhéiseacha eile rúndachta i bhfeidhm maidir lena chuid ball foirne ar gá dóibh oibriú le sonraí API agus sonraí eile PNR arna dtarchur tríd an ródaire. Beidh feidhm ag an oibleagáid sin chomh maith tar éis do bhaill foirne den sórt sin imeacht as oifig nó scor den fhostaíocht nó tar éis fhoirceannadh a ngníomhaíochtaí.