+Airteagal 26
---+Airteagal 26 1.
---+Airteagal 26 2.
---+Airteagal 26 3.
---+Airteagal 26 4.

Airteagal 26

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil
Airteagal 26 1.
Óstálfaidh eu-LISA an ródaire ar a shuíomhanna teicniúla.
Airteagal 26 2.
Beidh eu-LISA freagrach as bainistiú teicniúil an ródaire, lena n-áirítear a chothabháil agus a fhorbairtí teicniúla, ar bhealach lena n-áiritheofar go ndéanfar na sonraí API agus sonraí eile PNR a tharchur go slán, go héifeachtach agus go tapa tríd an ródaire, i gcomhréir leis an Rialachán seo.

Is é a bheidh i gceist le bainistiú teicniúil an ródaire na cúraimí uile agus na réitigh theicniúla uile is gá maidir le feidhmiú cuí an ródaire i gcomhréir leis an Rialachán seo a dhéanamh, gan bhriseadh, 24 uair an chloig sa lá, 7 lá sa tseachtain. Cuimseofar ann an obair chothabhála agus na forbairtí teicniúla is gá chun a áirithiú go bhfeidhmeoidh an ródaire ar leibhéal sásúil cáilíochta teicniúla, go háirithe maidir le hinfhaighteacht, cruinneas agus iontaofacht tharchur na sonraí API agus sonraí eile PNR, i gcomhréir leis na sonraíochtaí teicniúla agus, a mhéid is féidir, i gcomhréir le riachtanais oibríochtúla na PIUnna agus na n-aeriompróirí.

Airteagal 26 3.
Ní bheidh rochtain ag foireann eu-LISA ar aon cheann de na sonraí API ná sonraí eile PNR arna dtarchur tríd an ródaire. Mar sin féin, ní chuirfidh an toirmeasc sin bac ar fhoireann eu-LISA rochtain den sórt sin a bheith acu a mhéid a bhfuil fíorghá leis chun an ródaire a chothabháil agus a bhainistiú go teicniúil.
Airteagal 26 4.
Gan dochar do mhír 3 den Airteagal seo ná d’Airteagal 17 de Rialacháin Foirne Oifigigh an Aontais Eorpaigh, a leagtar síos i Rialachán (CEE, Euratom, CEGC) Uimh. 259/68 ón gComhairle ( 2 ), cuirfidh eu-LISA rialacha iomchuí rúndachta gairmiúla nó dualgais choibhéiseacha eile rúndachta i bhfeidhm maidir lena chuid ball foirne ar gá dóibh oibriú le sonraí API agus sonraí eile PNR arna dtarchur tríd an ródaire. Beidh feidhm ag an oibleagáid sin chomh maith tar éis do bhaill foirne den sórt sin imeacht as oifig nó scor den fhostaíocht nó tar éis fhoirceannadh a ngníomhaíochtaí.

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas
  • Builddate: 08.01.2025 00:00:00 -Doknr: CELEX:32025R0013
  • EULAW -

    EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.

    DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.