+Airteagal 28
---+Airteagal 28 1.
---+Airteagal 28 2.
---+Airteagal 28 3.
---+Airteagal 28 4.
---+Airteagal 28 5.
---+Airteagal 28 6.
|
Airteagal 28
1. Forbhreathnú
| Teideal |
Rialáil |
|
Airteagal 28 1.
|
Faoin 28 Eanáir 2025, bunóidh Bord Bainistíochta eu-LISA Bord Bainistíochta Cláir. Beidh sé comhdhéanta de dheichniúr comhaltaí agus is é an méid seo a leanas a bheidh ann:
(a)
seachtar comhaltaí arna gceapadh ag Bord Bainistíochta eu-LISA as measc a chomhaltaí nó a chomhaltaí malartacha;
(b)
cathaoirleach an Ghrúpa Chomhairligh API-PNR dá dtagraítear in Airteagal 29;
(c)
comhalta amháin d’fhoireann eu-LISA arna cheapadh nó arna ceapadh ag a Stiúrthóir Feidhmiúcháin; agus
(d)
comhalta amháin arna cheapadh nó arna ceapadh ag an gCoimisiún.
Maidir le pointe (a), ní thoghfar na comhaltaí arna gceapadh ag Bord Bainistíochta eu-LISA ach as measc a chomhaltaí nó a chomhaltaí malartacha as na Ballstáit sin a bhfuil feidhm ag an Rialachán seo maidir leo.
|
|
Airteagal 28 2.
|
Dréachtóidh Bord Bainistíochta an Chláir a rialacha nós imeachta atá le glacadh ag Bord Bainistíochta eu-LISA. Beidh an chathaoirleacht ag Ballstát atá ina chomhalta de Bhord Bainistíochta an Chláir.
|
|
Airteagal 28 3.
|
Déanfaidh Bord Bainistíochta an Chláir maoirseacht ar chomhlíonadh éifeachtach chúraimí eu-LISA a bhaineann le dearadh agus forbairt an ródaire i gcomhréir le hAirteagal 25. Arna iarraidh sin do Bhord Bainistíochta an Chláir, soláthróidh eu-LISA faisnéis atá mionsonraithe agus nuashonraithe faoi dhearadh agus forbairt an ródaire, lena n-áirítear faisnéis faoi na hacmhainní a leithdháileann eu-LISA.
|
|
Airteagal 28 4.
|
Déanfaidh Bord Bainistíochta an Chláir tuarascálacha i scríbhinn maidir leis an dul chun cinn atá déanta i ndearadh agus forbairt an ródaire a chur faoi bhráid Bhord Bainistíochta eu-LISA go tráthrialta, agus trí huaire in aghaidh na ráithe ar a laghad.
|
|
Airteagal 28 5.
|
Ní bheidh aon chumhacht chinnteoireachta ag Bord Bainistíochta an Chláir, ná ní bheidh aon sainordú aige chun ionadaíocht a dhéanamh thar ceann Bhord Bainistíochta eu-LISA ná a chomhaltaí.
|
|
Airteagal 28 6.
|
Scoirfidh Bord Bainistíochta an Chláir de bheith ann faoi dháta chur i bhfeidhm an Rialacháin seo dá dtagraítear in Airteagal 45, an dara mír.
|
,
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
- Builddate: 08.01.2025 00:00:00 -Doknr: CELEX:32025R0013
- EULAW -
EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.
DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.
|