+Airteagal 29
---+Airteagal 29 1.
---+Airteagal 29 2.
---+Airteagal 29 3.
---+Airteagal 29 4.

Airteagal 29

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil
Airteagal 29 1.
Amhail ón 28 Eanáir 2025, soláthróidh an Grúpa Comhairleach API-PNR, a bunaíodh de bhun Airteagal 27(1), pointe (de), de Rialachán (AE) 2018/1726, an saineolas is gá a bhaineann le API-PNR do Bhord Bainistíochta eu-LISA go háirithe i gcomhthéacs ullmhú a chláir oibre bhliantúil agus a thuarascála bliantúla ar ghníomhaíochtaí.
Airteagal 29 2.
Aon uair a bheidh siad ar fáil, déanfaidh eu-LISA leaganacha de na sonraíochtaí teicniúla agus de na tacair tástála comhlíontachta dá dtagraítear in Airteagal 25(1), (2) agus (4), fiú leaganacha idirmheánacha díobh, a sholáthar don Ghrúpa Comhairleach API-PNR.
Airteagal 29 3.

Feidhmeoidh an Grúpa Comhairleach API-PNR na feidhmeanna seo a leanas:

(a) 

saineolas a sholáthar do eu-LISA agus do Bhord Bainistíochta an Chláir maidir le dearadh agus forbairt an ródaire i gcomhréir le hAirteagal 25;

(b) 

saineolas a sholáthar do eu-LISA maidir le hóstáil agus bainistiú teicniúil an ródaire i gcomhréir le hAirteagal 26;

(c) 

a thuairim a sholáthar do Bhord Bainistíochta an Chláir, arna iarraidh sin dó, maidir le dul chun cinn dhearadh agus fhorbairt an ródaire, lena n-áirítear maidir le dul chun cinn na sonraíochtaí teicniúla agus na dtacar tástála comhlíontachta dá dtagraítear i mír 2.

Airteagal 29 4.
Ní bheidh aon chumhacht chinnteoireachta ag an nGrúpa Comhairleach API-PNR, ná ní bheidh aon sainordú aige ionadaíocht a dhéanamh thar ceann Bhord Bainistíochta eu-LISA ná a chomhaltaí.

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas
  • Builddate: 08.01.2025 00:00:00 -Doknr: CELEX:32025R0013
  • EULAW -

    EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.

    DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.