+Airteagal 1 Ábhar agus cuspóirí
---+Airteagal 1 1.
---+Airteagal 1 2.
---+Airteagal 1 3.
---+Airteagal 1 4.
---+Airteagal 1 5.
---+Airteagal 1 6.
|
Airteagal 1 Ábhar agus cuspóirí
1. Forbhreathnú
| Teideal |
Rialáil |
|
Airteagal 1 1.
|
Leis an Rialachán seo, leagtar síos bearta chun acmhainneachtaí a neartú san Aontas chun cibearbhagairtí agus cibirtheagmhais a bhrath, chun ullmhú dóibh agus chun freagairt orthu, go háirithe tríd an méid seo a leanas a dhéanamh:
(a)
líonra uile-Eorpach de chibearmhoil (Córas Eorpach um Rabhadh Cibearshlándála) a bhunú chun cumais braite chomhordaithe agus feasachta coitinne staide a fhorbairt agus a fheabhsú;
(b)
Sásra um Éigeandáil Chibearshlándála a bhunú chun tacú leis na Ballstáit ullmhú do theagmhais shuntasacha chibearshlándála agus teagmhais mhórscála chibearshlándála, freagairt orthu, tionchar na dteagmhas sin a mhaolú agus téarnamh uathu a thionscnamh agus chun tacú le húsáideoirí eile freagairt ar theagmhais shuntasacha chibearshlándála nó ar theagmhais chibearshlándála choibhéiseacha ar mhórscála;
(c)
Sásra Eorpach um Athbhreithniú ar Theagmhais Chibearshlándála a bhunú chun athbhreithniú agus measúnú a dhéanamh ar theagmhais shuntasacha chibearshlándála nó ar theagmhais mhórscála chibearshlándála.
|
|
Airteagal 1 2.
|
Saothraítear leis an Rialachán seo na cuspóirí ginearálta maidir le seasamh iomaíoch tionscail agus seirbhísí san Aontas a threisiú ar fud an gheilleagair dhigitigh, lena n-áirítear micrifhiontair agus fiontair bheaga agus mheánmhéide mar aon le gnólachtaí nuathionscanta, agus rannchuidiú le ceannasacht theicneolaíoch agus uathriail straitéiseach oscailte an Aontais i réimse na cibearshlándála, lena n-áirítear trí bhorradh a chur faoin nuálaíocht sa Mhargadh Aonair Digiteach. Saothraítear leis na cuspóirí sin trí dhlúthpháirtíocht a neartú ar leibhéal an Aontais, an t-éiceachóras cibearshlándála a threisiú, cibear-athléimneacht na mBallstát a fheabhsú agus scileanna, fios gnó, cumais agus inniúlachtaí an lucht saothair a fhorbairt i ndáil leis an gcibearshlándáil.
|
|
Airteagal 1 3.
|
Déanfar gnóthú na gcuspóirí ginearálta dá dtagraítear i mír 2 a shaothrú leis na cuspóirí sonracha seo a leanas:
(a)
acmhainneachtaí braite comhordaithe coiteanna an Aontais agus feasacht choiteann staide ar chibearbhagairtí agus ar chibirtheagmhais a neartú;
(b)
ullmhacht eintiteas a oibríonn in earnálacha ardchriticiúlachta nó eintiteas a oibríonn in earnálacha criticiúla eile a threisiú ar fud an Aontais agus an dlúthpháirtíocht a neartú trí thástáil chomhordaithe ullmhachta agus acmhainneachtaí feabhsaithe freagartha agus téarnaimh a fhorbairt chun teagmhais shuntasacha chibearshlándála, teagmhais mhórscála chibearshlándála nó teagmhais chibearshlándála choibhéiseacha ar mhórscála a láimhseáil, lena n-áirítear an fhéidearthacht tacaíocht freagartha ar theagmhais chibearshlándála an Aontais a chur ar fáil do thríú tíortha atá comhlachaithe le CED;
(c)
feabhas a chur ar athléimneacht an Aontais agus rannchuidiú le freagairt éifeachtach ar theagmhais trí athbhreithniú agus measúnú a dhéanamh ar theagmhais shuntasacha chibearshlándála nó teagmhais mhórscála chibearshlándála, lena n-áirítear ceachtanna a foghlaimíodh agus, i gcás inarb iomchuí, moltaí a thabhairt.
|
|
Airteagal 1 4.
|
Déanfar na gníomhaíochtaí faoin Rialachán seo agus aird chuí á tabhairt ar inniúlachtaí na mBallstát agus beidh siad comhlántach leis na gníomhaíochtaí a dhéanann líonra CSIRTanna, EU-CyCLONe agus an Grúpa Comhair maidir le Slándáil Gréasáin agus Faisnéise.
|
|
Airteagal 1 5.
|
Tá an Rialachán seo gan dochar do na feidhmeanna bunriachtanacha Stáit atá ag na Ballstáit, lena n-áirítear iomláine chríochach an Stáit a áirithiú, an smacht reachta a chaomhnú agus an tslándáil náisiúnta a choimirciú. Fanfaidh an tslándáil náisiúnta, go háirithe, ina freagracht ar gach Ballstát faoi leith agus air siúd amháin.
|
|
Airteagal 1 6.
|
Beidh comhroinnt nó malartú faisnéise atá rúnda faoin Rialachán seo de bhun rialacha an Aontais nó rialacha náisiúnta teoranta don mhalartú sin atá ábhartha agus comhréireach le cuspóir na comhroinnte nó an mhalartaithe sin. Le comhroinnt nó malartú faisnéise den sórt sin, caomhnófar rúndacht na faisnéise, agus cosnófar slándáil agus leasanna tráchtála na n-eintiteas lena mbaineann. Ní bhéarfaidh sé soláthar faisnéise a mbeadh a nochtadh contrártha do leasanna bunúsacha na mBallstát maidir leis an tslándáil náisiúnta, leis an tslándáil phoiblí nó leis an gcosaint.
|
,
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
- Builddate: 15.01.2025 00:00:00 -Doknr: CELEX:32025R0038
- EULAW -
EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.
DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.
|