+Airteagal 2 Sainmhínithe

Airteagal 2 Sainmhínithe

Airteagal 2

Sainmhínithe

Chun críocha an Rialacháin seo, tá feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:

(1) 

ciallaíonn ‘Cibearmhol Trasteorann’ ardán iltíre, arna bhunú le comhaontú cuibhreannais i scríbhinn lena dtugtar le chéile i struchtúr gréasáin comhordaithe Cibearmhoil Náisiúnta ó thrí Bhallstát ar a laghad, agus atá ceaptha chun faireachán, brath agus anailís ar chibearbhagairtí a fheabhsú chun teagmhais a chosc agus chun tacú le táirgeadh faisnéise maidir le cibearbhagairtí, go háirithe trí shonraí agus faisnéis ábhartha agus, i gcás inarb iomchuí, anaithnidithe a mhalartú, chomh maith le huirlisí úrscothacha a chomhroinnt agus cibearbhrath, anailís agus cumais choisc agus chosanta a fhorbairt go comhpháirteach i dtimpeallacht iontaofa;

(2) 

ciallaíonn ‘Cuibhreannas Óstach’ cuibhreannas atá comhdhéanta de Bhallstáit rannpháirteacha, a chomhaontaigh Cibearmhol Trasteorann a bhunú agus rannchuidiú le fáil uirlisí, bonneagair nó seirbhísí le haghaidh Cibearmhol Trasteorann agus lena oibriú.

(3) 

ciallaíonn ‘CSIRT’ CSIRT arna ainmniú nó arna bhunú de bhun Airteagal 10 de Threoir (AE) 2022/2555;

(4) 

ciallaíonn ‘eintiteas’ eintiteas mar a shainmhínítear in Airteagal 6, pointe (38), de Threoir (AE) 2022/2555;

(5) 

ciallaíonn ‘eintitis a oibríonn in earnálacha ardchriticiúlachta’ na cineálacha eintiteas a liostaítear in Iarscríbhinn I a ghabhann le Treoir (AE) 2022/2555;

(6) 

ciallaíonn ‘eintitis a oibríonn in earnálacha criticiúla eile’ na cineálacha eintiteas a liostaítear in Iarscríbhinn II a ghabhann le Treoir (AE) 2022/2555;

(7) 

ciallaíonn ‘riosca’ riosca mar a shainmhínítear in Airteagal 6, pointe (9), de Threoir (AE) 2022/2555;

(8) 

ciallaíonn ‘cibearbhagairt’ cibearbhagairt mar a shainmhínítear in Airteagal 2, pointe (8), de Rialachán (AE) 2019/881;

(9) 

ciallaíonn ‘teagmhas’ teagmhas mar a shainmhínítear in Airteagal 6, pointe (6), de Threoir (AE) 2022/2555;

(10) 

ciallaíonn ‘teagmhas suntasach cibearshlándála’ teagmhas lena gcomhlíontar na critéir a leagtar amach in Airteagal 23(3) de Threoir (AE) 2022/2555;

(11) 

ciallaíonn ‘mórtheagmhas’ mórtheagmhas mar a shainmhínítear in Airteagal 3, pointe (8), de Rialachán (AE, Euratom) 2023/2841 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle ( 1 );

(12) 

ciallaíonn ‘teagmhas mórscála cibearshlándála’ teagmhas mórscála cibearshlándála mar a shainmhínítear in Airteagal 6, pointe (7), de Threoir (AE) 2022/2555;

(13) 

ciallaíonn ‘teagmhas cibearshlándála coibhéiseach ar mhórscála’, i gcás institiúidí, comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí de chuid an Aontais, mórtheagmhas agus, i gcás tríú tíortha atá comhlachaithe le CED, teagmhas is cúis le leibhéal suaite is mó ná acmhainneacht tríú tír atá comhlachaithe le CED freagairt air;

(14) 

ciallaíonn ‘tríú tír atá comhlachaithe le CED’ tríú tír ar páirtí í i gcomhaontú leis an Aontas lena gceadaítear di a bheith rannpháirteach sa Chlár don Eoraip Dhigiteach de bhun Airteagal 10 de Rialachán (AE) 2021/694;

(15) 

ciallaíonn ‘údarás conarthach’ an Coimisiún nó, a mhéid atá oibriú agus riar Chúltaca Cibearshlándála an Aontais curtha de chúram ar ENISA de bhun Airteagal 14(5), ENISA;

(16) 

ciallaíonn ‘soláthraí seirbhísí slándála bainistithe’ soláthraí seirbhísí slándála bainistithe mar a shainmhínítear in Airteagal 6, pointe (40), de Threoir (AE) 2022/2555;

(17) 

ciallaíonn ‘soláthraithe iontaofa seirbhísí slándála bainistithe’ soláthraithe seirbhísí slándála bainistithe a roghnaítear le háireamh i gCúltaca Cibearshlándála an Aontais i gcomhréir le hAirteagal 17.

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas
  • Builddate: 15.01.2025 00:00:00 -Doknr: CELEX:32025R0038
  • EULAW -

    EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.

    DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.