+Airteagal 4 Cibearmhoil Náisiúnta
---+Airteagal 4 1.
---+Airteagal 4 2.
---+Airteagal 4 3.
---+Airteagal 4 4.

Airteagal 4 Cibearmhoil Náisiúnta

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil
Airteagal 4 1.
I gcás ina gcinnfidh Ballstát a bheith rannpháirteach sa Chóras Eorpach um Rabhadh Cibearshlándála, ainmneoidh sé nó, i gcás inarb infheidhme, bunóidh sé Cibearmhol Náisiúnta chun críocha an Rialacháin seo.
Airteagal 4 2.

Eintiteas aonair a bheidh i gCibearmhol Náisiúnta agus é ag gníomhú faoi údarás Ballstáit. Féadfaidh CSIRT, nó, i gcás inarb infheidhme, údarás náisiúnta bainistíochta cibirghéarchéime nó údarás inniúil eile arna ainmniú nó arna bhunú de bhun Airteagal 8(1) de Threoir (AE) 2022/2555, nó eintiteas eile a bheith i gceist. Beidh na nithe seo a leanas fíor i leith an Chibearmhoil Náisiúnta:

(a) 

beidh sé d’acmhainneacht aige gníomhú mar phointe tagartha agus mar thairseach chuig eagraíochtaí poiblí agus príobháideacha eile ar an leibhéal náisiúnta chun faisnéis faoi chibearbhagairtí agus cibirtheagmhais a bhailiú agus a anailísiú agus chun rannchuidiú le Cibearmhol Trasteorann dá dtagraítear in Airteagal 5; agus

(b) 

beidh sé in ann sonraí agus faisnéis atá ábhartha do chibearbhagairtí agus do chibirtheagmhais a bhrath, a chomhiomlánú agus a anailísiú, amhail faisnéis maidir le cibearbhagairtí, trí theicneolaíochtaí úrscothacha go háirithe a úsáid, agus é mar aidhm aige teagmhais a chosc.

Airteagal 4 3.
Mar chuid de na feidhmeanna dá dtagraítear i mír 2 den Airteagal seo, féadfaidh Cibearmhoil Náisiúnta comhoibriú le heintitis san earnáil phríobháideach chun sonraí agus faisnéis ábhartha a mhalartú chun cibearbhagairtí agus cibirtheagmhais a bhrath agus a chosc, lena n-áirítear comhoibriú le pobail earnála agus trasearnála de chuid eintiteas fíor-riachtanach agus tábhachtach dá dtagraítear in Airteagal 3 de Threoir (AE) 2022/2555. I gcás inarb iomchuí agus i gcomhréir le dlí an Aontais agus leis an dlí náisiúnta, féadfar sonraí teiliméadrachta, braiteora agus logála a áireamh san fhaisnéis a iarrann nó a fhaigheann Cibearmhoil Náisiúnta.
Airteagal 4 4.
Geallfaidh Ballstát arna roghnú de bhun Airteagal 9(1) iarratas a dhéanamh ar a Chibearmhol Náisiúnta a bheith rannpháirteach i gCibearmhol Trasteorann.

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas
  • Builddate: 15.01.2025 00:00:00 -Doknr: CELEX:32025R0038
  • EULAW -

    EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.

    DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.