+Airteagal 5 Cibearmhoil Trasteorann
---+Airteagal 5 1.
---+Airteagal 5 2.
---+Airteagal 5 3.
---+Airteagal 5 4.
---+Airteagal 5 5.
---+Airteagal 5 6.
|
Airteagal 5 Cibearmhoil Trasteorann
1. Forbhreathnú
| Teideal |
Rialáil |
|
Airteagal 5 1.
|
I gcás ina bhfuil trí Bhallstát ar a laghad tiomanta dá áirithiú go n-oibreoidh a gCibearmhoil Náisiúnta le chéile chun a gcuid gníomhaíochtaí cibearbhraite agus faireacháin ar bhagairtí a chomhordú, féadfaidh na Ballstáit sin Cuibhreannas Óstach a bhunú chun críocha an Rialacháin seo.
|
|
Airteagal 5 2.
|
Beidh Cuibhreannas Óstach comhdhéanta de thrí Bhallstát rannpháirteacha ar a laghad a bhfuil sé comhaontaithe acu uirlisí, bonneagar agus seirbhísí a bhunú agus rannchuidiú le fáil uirlisí, bonneagair nó seirbhísí le haghaidh Cibearmhol Trasteorann, agus lena oibriú, i gcomhréir le mír 4.
|
|
Airteagal 5 3.
|
I gcás ina roghnófar Cuibhreannas Óstach i gcomhréir le hAirteagal 9(3), tabharfaidh a chomhaltaí comhaontú cuibhreannais i scríbhinn i gcrích:
(a)
lena leagfar amach na socruithe inmheánacha chun an comhaontú maidir le hóstáil agus úsáid dá dtagraítear in Airteagal 9(3) a chur chun feidhme;
(b)
lena mbunófar Cibearmhol Trasteorann an Chuibhreannais Óstaigh; agus
(c)
lena n-áireofar na clásail shonracha a cheanglaítear de bhun Airteagal 6(1) agus (2).
|
|
Airteagal 5 4.
|
Is éard a bheidh i gCibearmhol Trasteorann ardán iltíre arna bhunú le comhaontú cuibhreannais i scríbhinn dá dtagraítear i mír 3. Tabharfaidh sé le chéile i struchtúr líonra comhordaithe Cibearmhoil Náisiúnta Bhallstáit an Chuibhreannais Óstaigh. Dearfar é chun feabhas a chur ar an bhfaireachán, ar an mbrath agus ar an anailís a dhéantar ar chibearbhagairtí, chun teagmhais a chosc agus chun tacú le táirgeadh na faisnéise maidir le cibearbhagairtí, go háirithe trí shonraí agus faisnéis ábhartha agus, i gcás inarb iomchuí, anaithnidithe a mhalartú, chomh maith le trí uirlisí úrscothacha a chomhroinnt agus cumais chibearbhraite, anailíse, choisc agus chosanta a fhorbairt go comhpháirteach i dtimpeallacht iontaofa.
|
|
Airteagal 5 5.
|
Déanfaidh comhalta den Chuibhreannas Óstach comhfhreagrach, ag gníomhú dó mar chomhordaitheoir, nó an Cuibhreannas Óstach má tá pearsantacht dhlítheanach aige, ionadaíocht ar Chibearmhol Trasteorann chun críoch dlíthiúil. Leithdháilfear freagracht as comhlíontacht an Chibearmhoil Trasteorann leis an Rialachán seo agus as an gcomhaontú maidir le hóstáil agus úsáid sa chomhaontú cuibhreannais i scríbhinn dá dtagraítear i mír 3.
|
|
Airteagal 5 6.
|
Féadfaidh Ballstát dul isteach i gCuibhreannas Óstach atá ann cheana le comhaontú ó chomhaltaí an Chuibhreannais Óstaigh. Déanfar an comhaontú cuibhreannais i scríbhinn dá dtagraítear i mír 3 agus an comhaontú maidir le hóstáil agus úsáid a mhodhnú dá réir. Ní dhéanfaidh sé sin difear do chearta úinéireachta an Lárionaid Eorpaigh um Inniúlachtaí Tionsclaíochta Cibearshlándála, Teicneolaíochta Cibearshlándála agus Taighde Cibearshlándála (ECCC) ar na huirlisí, na bonneagair nó na seirbhísí arna soláthar go comhpháirteach leis an gCuibhreannas Óstach sin cheana.
|
,
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
- Builddate: 15.01.2025 00:00:00 -Doknr: CELEX:32025R0038
- EULAW -
EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.
DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.
|