|
+Airteagal 6 1. |
Airteagal 6 1.Áiritheoidh comhaltaí Cuibhreannais Óstaigh go gcomhroinnfidh a gCibearmhoil Náisiúnta, i gcomhréir leis an gcomhaontú cuibhreannais i scríbhinn dá dtagraítear in Airteagal 5(3), faisnéis ábhartha agus, i gcás inarb iomchuí, anaithnidithe, amhail faisnéis a bhaineann le cibearbhagairtí, neasteagmhais, leochaileachtaí, teicnící agus nósanna imeachta, táscairí maidir le cur i mbaol, teaicticí sáraíochta, faisnéis a bhaineann go sonrach le gníomhaithe bagartha, rabhaidh chibearshlándála agus moltaí maidir le cumraíocht uirlisí cibearshlándála chun cibirionsaithe a bhrath, ina measc féin laistigh den Chibearmhol Trasteorann i gcás ina ndéantar an méid seo a leanas le comhroinnt faisnéise den sórt sin:
(a)
brath cibearbhagairtí a chothú agus a fheabhsú agus treisiú a dhéanamh ar chumais líonra CSIRTanna teagmhais a chosc agus freagairt orthu nó a dtionchar a mhaolú;
(b)
an leibhéal cibearshlándála a fheabhsú, mar shampla trí fheasacht a mhúscailt i ndáil le cibearbhagairtí, cumas scaipthe bagairtí den sórt sin a theorannú nó bac a chur leis, tacú le réimse cumas cosantach, feabhsúchán agus nochtadh leochaileachta, bagairtí a bhrath, teicnící srianta agus coisc, straitéisí maolaithe, céimeanna freagartha agus téarnaimh nó taighde comhoibritheach ar bhagairtí idir eintitis phoiblí agus phríobháideacha a chur chun cinn. 1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí1.2 Ceanglais aitheanta1.3 Caighdeáin ghaolmhara2. Ceanglais aitheanta
3. Caighdeáin ghaolmhara
|