+Airteagal 6 Comhar agus comhroinnt faisnéise laistigh de Chibearmhoil Trasteorann agus eatarthu
---+Airteagal 6 1.
---+Airteagal 6 2.
---+Airteagal 6 3.
---+Airteagal 6 4.

Airteagal 6 Comhar agus comhroinnt faisnéise laistigh de Chibearmhoil Trasteorann agus eatarthu

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil
Airteagal 6 1.

Áiritheoidh comhaltaí Cuibhreannais Óstaigh go gcomhroinnfidh a gCibearmhoil Náisiúnta, i gcomhréir leis an gcomhaontú cuibhreannais i scríbhinn dá dtagraítear in Airteagal 5(3), faisnéis ábhartha agus, i gcás inarb iomchuí, anaithnidithe, amhail faisnéis a bhaineann le cibearbhagairtí, neasteagmhais, leochaileachtaí, teicnící agus nósanna imeachta, táscairí maidir le cur i mbaol, teaicticí sáraíochta, faisnéis a bhaineann go sonrach le gníomhaithe bagartha, rabhaidh chibearshlándála agus moltaí maidir le cumraíocht uirlisí cibearshlándála chun cibirionsaithe a bhrath, ina measc féin laistigh den Chibearmhol Trasteorann i gcás ina ndéantar an méid seo a leanas le comhroinnt faisnéise den sórt sin:

(a) 

brath cibearbhagairtí a chothú agus a fheabhsú agus treisiú a dhéanamh ar chumais líonra CSIRTanna teagmhais a chosc agus freagairt orthu nó a dtionchar a mhaolú;

(b) 

an leibhéal cibearshlándála a fheabhsú, mar shampla trí fheasacht a mhúscailt i ndáil le cibearbhagairtí, cumas scaipthe bagairtí den sórt sin a theorannú nó bac a chur leis, tacú le réimse cumas cosantach, feabhsúchán agus nochtadh leochaileachta, bagairtí a bhrath, teicnící srianta agus coisc, straitéisí maolaithe, céimeanna freagartha agus téarnaimh nó taighde comhoibritheach ar bhagairtí idir eintitis phoiblí agus phríobháideacha a chur chun cinn.

Airteagal 6 2.

Leis an gcomhaontú cuibhreannais i scríbhinn dá dtagraítear in Airteagal 5(3), bunófar an méid seo a leanas:

(a) 

gealltanas faisnéis dá dtagraítear i mír 1 a chomhroinnt i measc chomhaltaí an Chuibhreannais Óstaigh, agus na coinníollacha faoina gcomhroinnfear an fhaisnéis sin;

(b) 

creat rialachais lena soiléireofar agus lena ndreasófar comhroinnt na faisnéise ábhartha agus, i gcás inarb iomchuí, anaithnidithe dá dtagraítear i mír 1 ag na rannpháirtithe uile;

(c) 

spriocanna maidir le rannchuidiú le harduirlisí agus ardteicneolaíochtaí, amhail uirlisí intleachta saorga agus anailísíochta sonraí, a fhorbairt.

Féadfar a shonrú sa chomhaontú cuibhreannais i scríbhinn go ndéanfar an fhaisnéis dá dtagraítear i mír 1 a chomhroinnt i gcomhréir le dlí an Aontais agus le dlí náisiúnta.

Airteagal 6 3.
Déanfaidh Cibearmhoil Trasteorann comhaontuithe comhair a thabhairt i gcrích le chéile, lena sonrófar na prionsabail maidir le hidir-inoibritheacht agus comhroinnt faisnéise i measc na gCibearmhol Trasteorann. Cuirfidh Cibearmhoil Trasteorann an Coimisiún ar an eolas faoi na comhaontuithe comhair arna dtabhairt i gcrích.
Airteagal 6 4.
Déanfar comhroinnt faisnéise dá dtagraítear i mír 1 idir Cibearmhoil Trasteorann a áirithiú trí ardleibhéal idir-inoibritheachta. Chun tacú leis an idir-inoibritheacht sin, eiseoidh ENISA, i ndlúthchomhar leis an gCoimisiún, gan moill mhíchuí agus in aon chás an 5 Feabhra 2026, treoirlínte maidir le hidir-inoibritheacht lena sonrófar go háirithe formáidí agus prótacail comhroinnte faisnéise, agus caighdeáin idirnáisiúnta agus dea-chleachtais á gcur i gcuntas, chomh maith le feidhmiú aon Chibearmhol Trasteorann atá bunaithe. Beidh ceanglais idir-inoibritheachta dá bhforáiltear sna comhaontuithe comhair de Chibearmhoil Trasteorann bunaithe ar na treoirlínte arna n-eisiúint ag ENISA.

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas
  • Builddate: 15.01.2025 00:00:00 -Doknr: CELEX:32025R0038
  • EULAW -

    EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.

    DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.