+Airteagal 9 Cistiú an Chórais Eorpaigh um Rabhadh Cibearshlándála
---+Airteagal 9 1.
---+Airteagal 9 2.
---+Airteagal 9 3.
---+Airteagal 9 4.

Airteagal 9 Cistiú an Chórais Eorpaigh um Rabhadh Cibearshlándála

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil
Airteagal 9 1.
Tar éis glao ar léirithe spéise do Bhallstáit a bhfuil sé beartaithe acu a bheith rannpháirteach sa Chóras Eorpach um Rabhadh Cibearshlándála, roghnóidh ECCC na Ballstáit chun páirt a ghlacadh le ECCC i soláthar comhpháirteach uirlisí, bonneagair nó seirbhísí, chun Cibearmhoil Náisiúnta a chur ar bun nó chun feabhas a chur ar chumais na gCibearmhol Náisiúnta a ainmnítear agus a bhunaítear de bhun Airteagal 4(1). Féadfaidh ECCC deontais a dhámhachtain ar na Ballstáit roghnaithe chun oibriú na n-uirlisí, an bhonneagair nó na seirbhísí sin a chistiú. Leis an ranníocaíocht airgeadais ón Aontas, cumhdófar suas le 50 % de chostais fála na n-uirlisí, an bhonneagair nó na seirbhísí, agus suas le 50 % de na costais oibriúcháin. Déanfaidh na Ballstáit roghnaithe na costais eile a chumhdach. Sula seolfar an nós imeachta chun na huirlisí, an bonneagar nó na seirbhísí a fháil, tabharfaidh ECCC agus na Ballstáit roghnaithe comhaontú i gcrích maidir le hóstáil agus úsáid lena rialófar úsáid na n-uirlisí, an bhonneagair nó na seirbhísí.
Airteagal 9 2.
I gcás nach bhfuil Cibearmhol Náisiúnta Ballstáit rannpháirteach i gCibearmhol Trasteorann laistigh de 2 bhliain ón dáta a fuarthas na huirlisí, an bonneagar nó na seirbhísí, nó a fuair sé cistiú deontais, cibé acu is túisce a tharla, ní bheidh an Ballstát incháilithe le haghaidh tacaíocht bhreise ón Aontas faoin gCaibidil seo go dtí go mbeidh sé tar éis dul isteach i gCibearmhol Trasteorann.
Airteagal 9 3.
Tar éis glao ar léirithe spéise, roghnóidh ECCC Cuibhreannas Óstach chun páirt a ghlacadh i soláthar comhpháirteach uirlisí, bonneagair nó seirbhísí in éineacht le ECCC. Féadfaidh ECCC deontas a dhámhachtain ar an gCuibhreannas Óstach chun oibriú na n-uirlisí, an bhonneagair nó na seirbhísí sin a chistiú. Leis an ranníocaíocht airgeadais ón Aontas, cumhdófar suas le 75 % de chostais fála na n-uirlisí, an bhonneagair nó na seirbhísí, agus suas le 50 % de na costais oibriúcháin. Déanfaidh an Cuibhreannas Óstach na costais eile a chumhdach. Sula seolfar an nós imeachta chun uirlisí, bonneagar nó seirbhísí a fháil, tabharfaidh ECCC agus an Cuibhreannas Óstach comhaontú i gcrích maidir le hóstáil agus úsáid lena rialófar úsáid na n-uirlisí, an bhonneagair nó na seirbhísí.
Airteagal 9 4.
Ullmhóidh ECCC, gach dhá bhliain ar a laghad, mapáil ar na huirlisí, an bonneagar nó na seirbhísí is gá agus ar cháilíocht leormhaith chun Cibearmhoil Náisiúnta agus Cibearmhoil Trasteorann a bhunú nó cumas na Cibearmhol sin agus a n-infhaighteacht a fheabhsú, lena n-áirítear ó eintitis dhlítheanacha atá bunaithe nó a mheastar a bheith bunaithe sna Ballstáit agus atá faoi rialú ag na Ballstáit nó ag náisiúnaigh de chuid na mBallstát. Agus an mhapáil á hullmhú aige, rachaidh ECCC i gcomhairle le líonra CSIRTanna, le haon Chibearmhoil Trasteorann atá ann cheana, le ENISA agus leis an gCoimisiún.

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas
  • Builddate: 15.01.2025 00:00:00 -Doknr: CELEX:32025R0038
  • EULAW -

    EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.

    DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.