+Airteagal 12 Tástáil ullmhachta chomhordaithe na n-eintiteas
---+Airteagal 12 1.
---+Airteagal 12 2.
---+Airteagal 12 3.
---+Airteagal 12 4.
---+Airteagal 12 5.
---+Airteagal 12 6.
---+Airteagal 12 7.
|
Airteagal 12 Tástáil ullmhachta chomhordaithe na n-eintiteas
1. Forbhreathnú
| Teideal |
Rialáil |
|
Airteagal 12 1.
|
Leis an Sásra um Éigeandáil Chibearshlándála, tacófar le tástáil ullmhachta chomhordaithe dheonach na n-eintiteas a oibríonn in earnálacha ardchriticiúlachta.
|
|
Airteagal 12 2.
|
D’fhéadfadh gníomhaíochtaí ullmhachta, amhail tástáil treáite, agus measúnú ar bhagairtí a bheith i gceist leis an tástáil ullmhachta chomhordaithe.
|
|
Airteagal 12 3.
|
Soláthrófar tacaíocht do ghníomhaíochtaí ullmhachta faoin Airteagal seo do na Ballstáit i bhfoirm deontas go príomha agus faoi réir na gcoinníollacha dá bhforáiltear sna cláir oibre ábhartha dá dtagraítear in Airteagal 24 de Rialachán (AE) 2021/694.
|
|
Airteagal 12 4.
|
Chun tacú le tástáil ullmhachta chomhordaithe na n-eintiteas dá dtagraítear in Airteagal 11, pointe (a)(i), den Rialachán seo ar fud an Aontais, déanfaidh an Coimisiún, tar éis dul i gcomhairle leis an nGrúpa Comhair maidir le Slándáil Gréasáin agus Faisnéise, EU-CyCLONe agus ENISA, na hearnálacha nó na fo-earnálacha lena mbaineann a shainaithint ó na hearnálacha ardchriticiúlachta a liostaítear in Iarscríbhinn I a ghabhann le Treoir (AE) 2022/2555 a bhféadfar glao ar thograí chun deontais a dhámhachtain a eisiúint ina leith. Is ar bhonn deonach a bheidh na Ballstáit rannpháirteach sna glaonna ar thograí sin.
|
|
Airteagal 12 5.
|
Agus na hearnálacha nó na fo-earnálacha dá dtagraítear i mír 4 á sainaithint aige, cuirfidh an Coimisiún i gcuntas measúnuithe riosca comhordaithe agus tástáil athléimneachta ar leibhéal an Aontais agus torthaí na measúnuithe nó na tástála sin.
|
|
Airteagal 12 6.
|
Déanfaidh an Grúpa Comhair maidir le Slándáil Gréasáin agus Faisnéise i gcomhar leis an gCoimisiún, le hArdionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála (‘an tArdionadaí’) agus le ENISA, agus, laistigh de shainchúram a shainordaithe, le EU-CyCLONe, cásanna riosca agus modheolaíochtaí comhchoiteanna a fhorbairt le haghaidh na tástála ullmhachta comhordaithe dá dtagraítear in Airteagal 11, pointe (a)(i), agus, i gcás inarb iomchuí, le haghaidh gníomhaíochtaí ullmhachta eile dá dtagraítear i bpointe (a)(ii) den Airteagal sin.
|
|
Airteagal 12 7.
|
I gcás ina nglacann eintiteas a oibríonn in earnáil ardchriticiúlachta páirt go deonach i dtástáil ullmhachta chomhordaithe agus go mbíonn moltaí i leith bearta sonracha mar thoradh ar an tástáil sin, ar moltaí iad a d’fhéadfadh an t-eintiteas rannpháirteach a chomhtháthú i bplean feabhsúcháin, déanfaidh an t-údarás Ballstáit atá freagrach as an tástáil ullmhachta chomhordaithe, i gcás inarb iomchuí, athbhreithniú ar an obair leantach a dhéanfaidh na heintitis rannpháirteacha maidir leis na bearta sin d’fhonn ullmhacht a threisiú.
|
,
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
- Builddate: 15.01.2025 00:00:00 -Doknr: CELEX:32025R0038
- EULAW -
EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.
DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.
|