|
+Airteagal 15 5. |
Airteagal 15 5.Áireofar na nithe seo a leanas in iarrataí ar thacaíocht freagartha ar theagmhais agus ar thacaíocht téarnaimh tosaigh:
(a)
faisnéis iomchuí maidir leis an eintiteas dá ndéantar difear agus tionchar féideartha an teagmhais ar na nithe seo a leanas:
(i)
i gcás úsáideoirí dá dtagraítear in Airteagal 14(3), pointe (a), an Ballstát nó na Ballstáit agus na húsáideoirí dá ndéantar difear, lena n-áirítear an riosca iarmharta do Bhallstát eile;
(ii)
i gcás an úsáideora dá dtagraítear in Airteagal 14(3), pointe (b), institiúidí, comhlachtaí, oifigí nó gníomhaireachtaí an Aontais a ndéantar difear dóibh;
(iii)
i gcás úsáideoirí dá dtagraítear in Airteagal 14(3), pointe (c), tíortha atá comhlachaithe le CED a ndéantar difear dóibh;
(b)
faisnéis maidir leis an tseirbhís iarrtha, mar aon le húsáid bheartaithe na tacaíochta iarrtha, lena n-áirítear léiriú ar na riachtanais mheasta;
(c)
faisnéis iomchuí faoi bhearta arna ndéanamh chun an teagmhas a n-iarrtar an tacaíocht ina leith a mhaolú, dá dtagraítear i mír 2;
(d)
i gcás inarb ábhartha, faisnéis atá ar fáil faoi chineálacha eile tacaíochta atá ar fáil don eintiteas a ndéantar difear dó. 1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí1.2 Ceanglais aitheanta1.3 Caighdeáin ghaolmhara2. Ceanglais aitheanta
3. Caighdeáin ghaolmhara
|