+Airteagal 15 Iarrataí ar thacaíocht ó Chúltaca Cibearshlándála an Aontais
---+Airteagal 15 1.
---+Airteagal 15 2.
---+Airteagal 15 3.
---+Airteagal 15 4.
---+Airteagal 15 5.
---+Airteagal 15 6.
---+Airteagal 15 7.
|
Airteagal 15 Iarrataí ar thacaíocht ó Chúltaca Cibearshlándála an Aontais
1. Forbhreathnú
| Teideal |
Rialáil |
|
Airteagal 15 1.
|
Féadfaidh na húsáideoirí dá dtagraítear in Airteagal 14(3) seirbhísí a iarraidh ó Chúltaca Cibearshlándála an Aontais chun tacú le freagairt ar theagmhais shuntasacha chibearshlándála, teagmhais mhórscála chibearshlándála nó teagmhais chibearshlándála choibhéiseacha ar mhórscála agus téarnamh uathu a thionscnamh.
|
|
Airteagal 15 2.
|
Chun tacaíocht a fháil ó Chúltaca Cibearshlándála an Aontais, déanfaidh na húsáideoirí dá dtagraítear in Airteagal 14(3) gach beart iomchuí chun éifeachtaí an teagmhais a bhfuil an tacaíocht á hiarraidh ina leith a mhaolú, lena n-áirítear, i gcás inarb ábhartha, cúnamh teicniúil díreach a sholáthar, agus acmhainní eile chun cúnamh a thabhairt don fhreagairt ar an teagmhas agus d’iarrachtaí téarnaimh.
|
|
Airteagal 15 3.
|
Déanfar iarrataí ar thacaíocht a tharchur chuig an údarás conarthach mar seo a leanas:
(a)
i gcás na n-úsáideoirí dá dtagraítear in Airteagal 14(3), pointe (a), den Rialachán seo, tríd an bpointe teagmhála aonair arna ainmniú nó arna bhunú de bhun Airteagal 8(3) de Threoir (AE) 2022/2555;
(b)
i gcás an úsáideora dá dtagraítear in Airteagal 14(3), pointe (b), déanfaidh an t-úsáideoir iarrataí den sórt sin a tharchur;
(c)
i gcás na n-úsáideoirí dá dtagraítear in Airteagal 14(3), pointe (c), tríd an bpointe teagmhála aonair dá dtagraítear in Airteagal 19(9).
|
|
Airteagal 15 4.
|
I gcás iarrataí ó na húsáideoirí dá dtagraítear in Airteagal 14(3), pointe (a), cuirfidh na Ballstáit líonra CSIRTanna agus, i gcás inarb iomchuí, EU-CyCLONe ar an eolas faoi iarrataí a n-úsáideoirí ar fhreagairt ar theagmhais agus ar thacaíocht téarnaimh tosaigh de bhun an Airteagail seo.
|
|
Airteagal 15 5.
|
Áireofar na nithe seo a leanas in iarrataí ar thacaíocht freagartha ar theagmhais agus ar thacaíocht téarnaimh tosaigh:
(a)
faisnéis iomchuí maidir leis an eintiteas dá ndéantar difear agus tionchar féideartha an teagmhais ar na nithe seo a leanas:
(i)
i gcás úsáideoirí dá dtagraítear in Airteagal 14(3), pointe (a), an Ballstát nó na Ballstáit agus na húsáideoirí dá ndéantar difear, lena n-áirítear an riosca iarmharta do Bhallstát eile;
(ii)
i gcás an úsáideora dá dtagraítear in Airteagal 14(3), pointe (b), institiúidí, comhlachtaí, oifigí nó gníomhaireachtaí an Aontais a ndéantar difear dóibh;
(iii)
i gcás úsáideoirí dá dtagraítear in Airteagal 14(3), pointe (c), tíortha atá comhlachaithe le CED a ndéantar difear dóibh;
(b)
faisnéis maidir leis an tseirbhís iarrtha, mar aon le húsáid bheartaithe na tacaíochta iarrtha, lena n-áirítear léiriú ar na riachtanais mheasta;
(c)
faisnéis iomchuí faoi bhearta arna ndéanamh chun an teagmhas a n-iarrtar an tacaíocht ina leith a mhaolú, dá dtagraítear i mír 2;
(d)
i gcás inarb ábhartha, faisnéis atá ar fáil faoi chineálacha eile tacaíochta atá ar fáil don eintiteas a ndéantar difear dó.
|
|
Airteagal 15 6.
|
Déanfaidh ENISA, i gcomhar leis an gCoimisiún agus EU-CyCLONe, teimpléad a fhorbairt chun cur isteach na n-iarrataí ar thacaíocht ó Chúltaca Cibearshlándála an Aontais a éascú.
|
|
Airteagal 15 7.
|
Féadfaidh an Coimisiún, trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme, na socruithe nós imeachta mionsonraithe a shonrú tuilleadh maidir leis an gcaoi a bhfuil seirbhísí tacaíochta Chúltaca Cibearshlándála an Aontais le hiarraidh agus an chaoi a bhfuil freagairt le tabhairt ar na hiarrataí sin de bhun an Airteagail seo, Airteagal 16(1) agus Airteagal 19(10), lena n-áirítear socruithe chun iarrataí den sórt sin a chur isteach agus chun na freagairtí agus na teimpléid le haghaidh na dtuarascálacha dá dtagraítear in Airteagal 16(9) a sholáthar. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 24 (2).
|
,
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
- Builddate: 15.01.2025 00:00:00 -Doknr: CELEX:32025R0038
- EULAW -
EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.
DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.
|