+Airteagal 16 An tacaíocht ó Chúltaca Cibearshlándála an Aontais a chur chun feidhme
---+Airteagal 16 1.
---+Airteagal 16 2.
---+Airteagal 16 3.
---+Airteagal 16 4.
---+Airteagal 16 5.
---+Airteagal 16 6.
---+Airteagal 16 7.
---+Airteagal 16 8.
---+Airteagal 16 9.
---+Airteagal 16 10.
---+Airteagal 16 11.
---+Airteagal 16 12.

Airteagal 16 An tacaíocht ó Chúltaca Cibearshlándála an Aontais a chur chun feidhme

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil
Airteagal 16 1.
I gcás na n-iarrataí ó úsáideoirí dá dtagraítear in Airteagal 14(3), pointí (a) agus (b), déanfaidh an t-údarás conarthach iarrataí ar thacaíocht ó Chúltaca Cibearshlándála an Aontais a mheasúnú. Tarchuirfear freagra chuig na húsáideoirí dá dtagraítear in Airteagal 14(3), pointí (a) agus (b), gan mhoill agus in aon chás tráth nach déanaí ná 48 n-uair an chloig ón uair a chuirtear isteach an iarraidh chun éifeachtacht na tacaíochta a áirithiú. Cuirfidh an t-údarás conarthach torthaí an phróisis in iúl don Chomhairle agus don Choimisiún.
Airteagal 16 2.

Maidir le faisnéis a chomhroinntear le linn seirbhísí Chúltaca Cibearshlándála an Aontais a iarraidh agus a sholáthar, déanfaidh na páirtithe uile a bhfuil baint acu le cur i bhfeidhm an Rialacháin seo an méid seo a leanas:

(a) 

úsáid agus comhroinnt na faisnéise sin a theorannú don mhéid is gá chun a n-oibleagáidí nó a bhfeidhmeanna a chomhlíonadh faoin Rialachán seo;

(b) 

gan aon fhaisnéis atá rúnda nó rúnaicmithe de bhun dhlí an Aontais agus an dlí náisiúnta a úsáid ná a chomhroinnt ach amháin i gcomhréir leis an dlí sin; agus

(c) 

malartú faisnéise éifeachtach, éifeachtúil agus slán a áirithiú, i gcás inarb iomchuí, trí phrótacail comhroinnte faisnéise ábhartha, lena n-áirítear an prótacal soilse tráchta, a úsáid agus a urramú.

Airteagal 16 3.

Agus measúnú á dhéanamh ar iarrataí aonair faoi Airteagal 16(1) agus Airteagal 19(10), déanfaidh an t-údarás conarthach nó an Coimisiún, de réir mar is infheidhme, measúnú ar dtús i dtaobh an bhfuil na critéir dá dtagraítear in Airteagal 15(1) agus (2) comhlíonta. Más amhlaidh atá, déanfaidh sé measúnú ar fhad agus ar chineál na tacaíochta is iomchuí, ag féachaint don chuspóir dá dtagraítear in Airteagal 1(3), pointe (b), agus do na critéir seo a leanas, i gcás inarb ábhartha:

(a) 

scála agus déine an teagmhais;

(b) 

cineál an eintitis dá ndéantar difear, agus tosaíocht níos airde á tabhairt do theagmhais lena ndéantar difear d’eintitis fhíor-riachtanacha dá dtagraítear in Airteagal 3(1) de Threoir (AE) 2022/2555;

(c) 

tionchar féideartha an teagmhais ar an mBallstát nó na Ballstáit, ar institiúidí, comhlachtaí, oifigí nó gníomhaireachtaí an Aontais nó ar thríú tíortha atá comhlachaithe le CED dá ndéantar difear;

(d) 

cineál féideartha trasteorann an teagmhais agus an riosca iarmharta do Bhallstáit eile, d’institiúidí, comhlachtaí, oifigí nó gníomhaireachtaí de chuid an Aontais nó do thríú tíortha atá comhlachaithe le CED;

(e) 

na bearta arna ndéanamh ag an úsáideoir chun cúnamh a thabhairt don fhreagairt, agus iarrachtaí téarnaimh tosaigh, dá dtagraítear in Airteagal 15(2).

Airteagal 16 4.
Chun tús áite a thabhairt d’iarrataí, i gcás iarrataí comhthráthacha ó úsáideoirí dá dtagraítear in Airteagal 14(3), cuirfear na critéir dá dtagraítear i mír 3 den Airteagal seo i gcuntas, i gcás inarb ábhartha, gan dochar do phrionsabal an chomhair dhílis idir na Ballstáit agus institiúidí, comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí an Aontais. I gcás ina meastar go bhfuil dhá iarraidh nó níos mó comhionann faoi na critéir sin, tabharfar tosaíocht níos airde d’iarrataí ó úsáideoirí na mBallstát. I gcás inar cuireadh oibriú agus riar Chúltaca Cibearshlándála an Aontais de chúram ar ENISA, go hiomlán nó go páirteach, de bhun Airteagal 14(5, oibreoidh ENISA agus an Coimisiún i ndlúthchomhar le chéile chun tús áite a thabhairt d’iarrataí i gcomhréir leis an mír seo.
Airteagal 16 5.
Soláthrófar seirbhísí Chúltaca Cibearshlándála an Aontais i gcomhréir le comhaontuithe sonracha idir an soláthraí iontaofa seirbhísí slándála bainistithe agus an t-úsáideoir dá dtugtar an tacaíocht faoi Chúltaca Cibearshlándála an Aontais. Féadfar na seirbhísí sin a sholáthar i gcomhréir le comhaontuithe sonracha idir an soláthraí iontaofa seirbhísí slándála bainistithe, an t-úsáideoir agus an t-eintiteas dá ndéantar difear. Áireofar ar gach comhaontú dá dtagraítear sa mhír seo, inter alia, coinníollacha dliteanais.
Airteagal 16 6.
Beidh na comhaontuithe dá dtagraítear i mír 5 bunaithe ar theimpléid arna n-ullmhú ag ENISA, tar éis dul i gcomhairle leis na Ballstáit agus, i gcás inarb iomchuí, le húsáideoirí eile Chúltaca Cibearshlándála an Aontais.
Airteagal 16 7.
Ní iompróidh an Coimisiún, ENISA ná úsáideoirí Chúltaca Cibearshlándála an Aontais dliteanas conarthach i leith damáiste a dhéantar do thríú páirtithe leis na seirbhísí a sholáthraítear faoi chuimsiú chur chun feidhme Chúltaca Cibearshlándála an Aontais.
Airteagal 16 8.

Ní fhéadfaidh úsáideoirí úsáid a bhaint as seirbhísí Chúltaca Cibearshlándála an Aontais arna soláthar mar fhreagairt ar iarraidh faoi Airteagal 15(1) ach amháin chun tacú le freagairt ar theagmhais shuntasacha chibearshlándála, teagmhais mhórscála chibearshlándála nó teagmhais chibearshlándála choibhéiseacha ar mhórscála, agus téarnamh uathu a thionscnamh. Ní fhéadfaidh siad na seirbhísí sin a úsáid ach amháin i leith na nithe seo a leanas:

(a) 

eintitis a oibríonn in earnálacha ardchriticiúlachta nó eintitis a oibríonn in earnálacha criticiúla eile, i gcás úsáideoirí dá dtagraítear in Airteagal 14(3), pointe (a), agus eintitis choibhéiseacha i gcás úsáideoirí dá dtagraítear in Airteagal 14(3), pointe (c); agus

(b) 

institiúidí, comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí de chuid an Aontais, i gcás an úsáideora dá dtagraítear in Airteagal 14(3), pointe (b).

Airteagal 16 9.

Laistigh de dhá mhí ó dheireadh tacaíochta, soláthróidh úsáideoirí a bhfuil tacaíocht faighte acu tuarascáil achomair ar an tseirbhís a soláthraíodh, ar na torthaí a baineadh amach agus ar na ceachtanna a foghlaimíodh, mar a leanas:

(a) 

don Choimisiún, do ENISA, do líonra CSIRTanna agus do EU-CyCLONe i gcás úsáideoirí dá dtagraítear in Airteagal 14(3), pointe (a);

(b) 

don Choimisiún, do ENISA agus do IICB i gcás an úsáideora dá dtagraítear in Airteagal 14(3), pointe (b);

(c) 

don Choimisiún i gcás úsáideoirí dá dtagraítear in Airteagal 14(3), pointe (c).

Déanfaidh an Coimisiún aon tuarascáil achomair a fhaigheann sé ó úsáideoirí dá dtagraítear in Airteagal 14(3) de bhun na chéad fhomhíre, pointe (c), den mhír seo a tharchur chuig an Ardionadaí.

Airteagal 16 10.
I gcás ina gcuirfear oibriú agus riar Chúltaca Cibearshlándála an Aontais de chúram ar ENISA, go hiomlán nó go páirteach, de bhun Airteagal 14(5) den Rialachán seo, tuairisceoidh ENISA don Choimisiún agus rachaidh sé i gcomhairle leis ar bhonn tráthrialta ina leith sin. Sa chomhthéacs sin, seolfaidh ENISA láithreach chuig an gCoimisiún aon iarrataí a fhaigheann sé ó úsáideoirí dá dtagraítear in Airteagal 14(3), pointe (c), den Rialachán seo agus, i gcás inar gá chun críocha beartaithe tosaíochta faoin Airteagal seo, aon iarrataí atá faighte aige ó úsáideoirí dá dtagraítear in Airteagal 14(3), pointe (a) nó (b), den Rialachán seo. Beidh na hoibleagáidí sa mhír seo gan dochar d’Airteagal 14 de Rialachán (AE) 2019/881.
Airteagal 16 11.
I gcás úsáideoirí dá dtagraítear in Airteagal 14(3), pointí (a) agus (b), tuairisceoidh an t-údarás conarthach don Ghrúpa Comhair maidir le Slándáil Gréasáin agus Faisnéise, ar bhonn tráthrialta agus faoi dhó sa bhliain ar a laghad, maidir le húsáid agus torthaí na tacaíochta.
Airteagal 16 12.
I gcás na n-úsáideoirí dá dtagraítear in Airteagal 14(3), pointe (c), tuairisceoidh an Coimisiún don Chomhairle agus cuirfidh sé an tArdionadaí ar an eolas ar bhonn tráthrialta agus faoi dhó sa bhliain ar a laghad, maidir le húsáid agus torthaí na tacaíochta.

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas
  • Builddate: 15.01.2025 00:00:00 -Doknr: CELEX:32025R0038
  • EULAW -

    EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.

    DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.