+Airteagal 17 2.

Airteagal 17 2.

Agus seirbhísí á soláthar le haghaidh Chúltaca Cibearshlándála an Aontais, cuirfidh an t-údarás conarthach na critéir agus ceanglais seo a leanas sna doiciméid soláthair:

(a) 

léireoidh an soláthraí go sealbhaíonn a phearsanra an leibhéal is airde ionracais ghairmiúil, neamhspleáchais agus freagrachta agus an inniúlacht theicniúil is gá chun na gníomhaíochtaí a dhéanamh ina réimse sonrach, agus go n-áirithítear buaine agus leanúnachas an tsaineolais chomh maith leis na hacmhainní teicniúla is gá;

(b) 

comhlíonfaidh an soláthraí, agus aon fhochuideachtaí agus fochonraitheoirí ábhartha, na rialacha is infheidhme maidir le cosaint faisnéise rúnaicmithe agus beidh bearta iomchuí i bhfeidhm acu, lena n-áirítear, i gcás inarb ábhartha, comhaontuithe eatarthu, chun faisnéis rúnda a bhaineann leis an tseirbhís a chosaint, agus go háirithe fianaise, torthaí agus tuarascálacha;

(c) 

cuirfidh an soláthraí cruthúnas leordhóthanach ar fáil go bhfuil a struchtúr rialaithe trédhearcach, nach dócha go gcuirfeadh sé isteach ar a neamhchlaontacht agus ar cháilíocht a sheirbhísí nó go mbeadh sé ina chúis le coinbhleachtaí leasa;

(d) 

beidh imréiteach slándála iomchuí ag an soláthraí, ar a laghad i gcás an phearsanra atá beartaithe chun na seirbhísí a chur in úsáid, i gcás ina n-éileoidh Ballstát sin;

(e) 

beidh an leibhéal ábhartha slándála ag an soláthraí le haghaidh a chóras TF;

(f) 

beidh na crua-earraí agus na bogearraí is gá chun tacú leis an tseirbhís iarrtha ag an soláthraí, ar crua-earraí agus bogearraí iad nach mbeidh leochaileachtaí iontu arb eol go bhféadfaí teacht i dtír orthu, lena n-áireofar na nuashonruithe slándála is déanaí agus lena gcomhlíonfar, in aon chás, aon fhoráil is infheidhme de Rialachán (AE) 2024/2847 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle ( 2 );

(g) 

beidh an soláthraí in ann a léiriú go bhfuil taithí aige ar sheirbhísí comhchosúla a sholáthar d’údaráis náisiúnta ábhartha, d’eintitis a oibríonn in earnálacha ardchriticiúlachta nó d’eintitis a oibríonn in earnálacha criticiúla eile;

(h) 

beidh an soláthraí in ann an tseirbhís a sholáthar laistigh de thréimhse ama ghearr sna Ballstáit inar féidir leis an tseirbhís a sholáthar;

(i) 

beidh an soláthraí in ann an tseirbhís a sholáthar i gceann amháin nó níos mó de theangacha oifigiúla institiúidí an Aontais nó de chuid Ballstáit de réir mar a éilítear, i gcás inarb infheidhme, ag na Ballstáit nó ag na húsáideoirí dá dtagraítear in Airteagal 14(3), pointí (b) agus (c), i gcás inar féidir leis an soláthraí an tseirbhís a sholáthar;

(j) 

nuair a bheidh scéim Eorpach um dheimhniú cibearshlándála do sheirbhísí slándála bainistithe de bhun Rialachán (AE) 2019/881 i bhfeidhm, déanfar an soláthraí a dheimhniú i gcomhréir leis an scéim sin laistigh de thréimhse 2 bhliain ó dháta theacht i bhfeidhm na scéime;

(k) 

áireoidh an soláthraí sa tairiscint na coinníollacha tiontaithe le haghaidh aon seirbhísí freagartha ar theagmhais nár úsáideadh agus a d’fhéadfaí a thiontú ina seirbhísí ullmhachta a bhaineann go dlúth le freagairt ar theagmhais, amhail cleachtaí nó oiliúint.

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas
  • Builddate: 15.01.2025 00:00:00 -Doknr: CELEX:32025R0038
  • EULAW -

    EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.

    DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.