+Airteagal 21 Sásra Eorpach um Athbhreithniú ar Theagmhais Chibearshlándála
---+Airteagal 21 1.
---+Airteagal 21 2.
---+Airteagal 21 3.
---+Airteagal 21 4.
---+Airteagal 21 5.
|
Airteagal 21 Sásra Eorpach um Athbhreithniú ar Theagmhais Chibearshlándála
1. Forbhreathnú
| Teideal |
Rialáil |
|
Airteagal 21 1.
|
Arna iarraidh sin don Choimisiún nó do EU-CyCLONe, déanfaidh ENISA, le tacaíocht ó líonra CSIRTanna agus le formheas na mBallstát lena mbaineann, athbhreithniú agus measúnú ar chibearbhagairtí, ar leochaileachtaí arb eol go bhféadfaí teacht i dtír orthu agus ar ghníomhaíochtaí maolaithe i ndáil le teagmhas suntasach cibearshlándála nó teagmhas mórscála cibearshlándála ar leith. I ndiaidh athbhreithniú agus measúnú ar theagmhas a chur i gcrích agus é mar aidhm acu leas a bhaint as na ceachtanna a foghlaimíodh chun teagmhais amach anseo a sheachaint nó a mhaolú, soláthróidh ENISA tuarascáil maidir le hathbhreithniú ar theagmhas do EU-CyCLONe, do líonra CSIRTanna, do na Ballstáit lena mbaineann agus don Choimisiún chun tacú leo a gcúraimí a dhéanamh, go háirithe i bhfianaise na gcúraimí a leagtar amach in Airteagail 15 agus 16 de Threoir (AE) 2022/2555. I gcás ina mbíonn tionchar ag teagmhas ar thríú tír atá comhlachaithe le CED, soláthróidh ENISA an tuarascáil don Chomhairle freisin. Sna cásanna sin, soláthróidh an Coimisiún an tuarascáil don Ardionadaí.
|
|
Airteagal 21 2.
|
Chun an tuarascáil maidir le hathbhreithniú ar theagmhas dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo a ullmhú, comhoibreoidh ENISA leis na geallsealbhóirí ábhartha uile, lena n-áirítear ionadaithe ó na Ballstáit, an Coimisiún, institiúidí, comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí ábhartha eile de chuid an Aontais, an lucht tionscail, lena n-áirítear soláthraithe seirbhísí slándála bainistithe agus úsáideoirí seirbhísí cibearshlándála, agus baileoidh sé aiseolas uathu. I gcás inarb iomchuí, i gcomhar le CSIRTanna agus, i gcás inarb ábhartha, leis na húdaráis inniúla arna n-ainmniú nó arna mbunú de bhun Airteagal 8(1) de Threoir (AE) 2022/2555, comhoibreoidh ENISA le heintitis dá ndéanann teagmhais shuntasacha chibearshlándála nó teagmhais mhórscála chibearshlándála difear. Na hionadaithe a dtéitear i gcomhairle leo, nochtfaidh siad aon choinbhleacht leasa a d’fheadfadh a bheith ann.
|
|
Airteagal 21 3.
|
Leis an tuarascáil maidir le hathbhreithniú ar theagmhas dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo, cumhdófar athbhreithniú agus anailís ar an teagmhas cibearshlándála suntasach sonrach nó teagmhas mórscála cibearshlándála, lena n-áirítear na príomhchúiseanna, na leochaileachtaí arb eol go bhféadfaí teacht i dtír orthu agus na ceachtanna a foghlaimíodh. Áiritheoidh ENISA go gcomhlíonfaidh an tuarascáil dlí an Aontais nó an dlí náisiúnta maidir le faisnéis íogair nó rúnaicmithe a chosaint. Má iarrann na Ballstáit ábhartha nó úsáideoirí eile dá dtagraítear in Airteagal 14(3) dá ndéanann an teagmhas difear amhlaidh, beidh na sonraí agus an fhaisnéis sa tuarascáil anaithnidithe. Ní áireofar ann aon mhionsonraí maidir le leochaileachtaí a dtagtar i dtír orthu go gníomhach agus atá fós neamhphaisteáilte.
|
|
Airteagal 21 4.
|
I gcás inarb iomchuí, déanfar moltaí sa tuarascáil maidir le hathbhreithniú ar theagmhas chun seasamh cibearshlándála an Aontais a fheabhsú agus féadfar dea-chleachtais agus ceachtanna a foghlaimíodh ó gheallsealbhóirí ábhartha a áireamh uirthi.
|
|
Airteagal 21 5.
|
Féadfaidh ENISA leagan den tuarascáil maidir le hathbhreithniú ar theagmhas atá ar fáil go poiblí a eisiúint. Ní bheidh sa tuarascáil sin ach faisnéis phoiblí iontaofa, nó faisnéis iontaofa eile le toiliú na mBallstát lena mbaineann agus, maidir le faisnéis a bhaineann le húsáideoir dá dtagraítear in Airteagal 14(3), pointe (b) nó (c), le toiliú an úsáideora sin.
|
,
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
- Builddate: 15.01.2025 00:00:00 -Doknr: CELEX:32025R0038
- EULAW -
EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.
DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.
|