+IARSCRÍBHINN

IARSCRÍBHINN




IARSCRÍBHINN

Leasaítear Rialachán (AE) 2021/694 mar a leanas:

(1) 

in Iarscríbhinn I, cuirtear an méid seo a leanas in ionad na roinne ‘Cuspóir Sonrach 3 – an Chibearshlándáil agus Iontaoibh’:

‘Cuspóir Sonrach 3 – an Chibearshlándáil agus Iontaoibh

Leis an gClár, spreagfar treisiú, tógáil agus fáil acmhainneachtaí bunriachtanacha chun geilleagar digiteach, sochaí agus daonlathas an Aontais a áirithiú trí acmhainneacht thionsclaíoch agus iomaíochas cibearshlándála an Aontais a threisiú, agus trí chumais na hearnála poiblí agus na hearnála príobháidí araon a fheabhsú chun saoránaigh agus gnólachtaí a chosaint ar chibearbhagairtí, lena n-áirítear trí thacú le Treoir (AE) 2016/1148 a chur chun feidhme.

Áireofar an méid seo a leanas sna gníomhaíochtaí tosaigh agus, i gcás inarb iomchuí, sna gníomhaíochtaí ina dhiaidh sin faoin gcuspóir seo:

1. 

Comhinfheistíocht leis na Ballstáit in ardtrealamh, ardbhonneagar agus ardfhios gnó cibearshlándála atá bunriachtanach chun bonneagair ríthábhachtacha agus an Margadh Aonair Digiteach trí chéile a chosaint. D’fhéadfaí a bheith san áireamh leis an gcomhinfheistíocht sin infheistíochtaí i saoráidí candamacha agus acmhainní sonraí le haghaidh na cibearshlándála, feasacht staide sa chibearspás lena n-áirítear Cibearmhoil Náisiúnta agus Cibearmhoil Trasteorann lena mbunaítear an Córas Eorpach um Rabhadh Cibearshlándála, chomh maith le huirlisí eile atá le cur ar fáil don earnáil phoiblí agus don earnáil phríobháideach ar fud na hEorpa.

2. 

Na hacmhainneachtaí teicneolaíochta atá ann cheana a mhéadú agus na lárionaid um inniúlachtaí sna Ballstáit a líonrú, agus a áirithiú go mbeidh na hacmhainneachtaí sin ag freastal ar riachtanais na hearnála poiblí agus na hearnála tionsclaíochta, lena n-áirítear trí tháirgí agus seirbhísí lena dtreisítear an chibearshlándáil agus iontaoibh laistigh den Mhargadh Aonair Digiteach.

3. 

A áirithiú go gcuirfear réitigh éifeachtacha úrscothacha chibearshlándála agus iontaoibhe chun úsáide go forleathan ar fud na mBallstát. Áirítear le cur chun úsáide den sórt sin slándáil agus sábháilteacht táirgí a neartú, óna ndearadh go dtí a dtráchtálú.

4. 

Tacú leis an mbearna scileanna cibearshlándála a dhúnadh, agus cothromaíocht inscne á cur san áireamh, mar shampla trí chláir scileanna cibearshlándála a ailíniú, trí na cláir sin a oiriúnú do riachtanais earnálacha ar leith agus trí rochtain ar oiliúint speisialaithe spriocdhírithe a éascú.

5. 

Dlúthpháirtíocht a chur chun cinn i measc na mBallstát maidir le hullmhú do theagmhais shuntasacha chibearshlándála agus teagmhais mhórscála chibearshlándála agus freagairt orthu trí sheirbhísí cibearshlándála a chur chun úsáide thar theorainneacha, lena n-áirítear tacaíocht le haghaidh cúnamh frithpháirteach idir údaráis phoiblí agus cúltaca soláthraithe iontaofa seirbhísí slándála bainistithe a bhunú ar leibhéal an Aontais.’;

(2) 

in Iarscríbhinn II, cuirtear an méid seo a leanas in ionad na roinne ‘Cuspóir Sonrach 3 – an Chibearshlándáil agus Iontaoibh’:

‘Cuspóir Sonrach 3 – an Chibearshlándáil agus Iontaoibh

3.1. Líon na mbonneagar cibearshlándála, nó na n-uirlisí cibearshlándála, nó an dá cheann, arna soláthar go comhpháirteach, lena n-áirítear i gcomhthéacs an Chórais Eorpaigh um Rabhadh Cibearshlándála

3.2. Líon na n-úsáideoirí agus na bpobal úsáideoirí ag a bhfuil rochtain ar shaoráidí cibearshlándála Eorpacha

3.3 Líon na ngníomhaíochtaí lena dtacaítear le hullmhacht do theagmhais chibearshlándála agus freagairt orthu faoin Sásra um Éigeandáil Chibearshlándála’

▼C1

Tá ráiteas déanta maidir leis an ngníomh seo agus is féidir teacht air in IO C, C/2025/310, 15.1.2025, ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2025/310/oj.

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas
  • Builddate: 15.01.2025 00:00:00 -Doknr: CELEX:32025R0038
  • EULAW -

    EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.

    DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.