2. Déanfaidh an Coimisiún faireachán ar shubstaintí ar údar imní iad a bheith i bpacáistíocht agus i gcomhpháirteanna pacáistíochta agus déanfaidh sé, i gcás inarb iomchuí, na bearta leantacha ábhartha.
Faoin 31 Nollaig 2026, ullmhóidh an Coimisiún, le cúnamh ón nGníomhaireacht Eorpach Ceimiceán, tuarascáil maidir le substaintí ar údar imní iad a bheith i bpacáistíocht agus i gcomhpháirteanna pacáistíochta, chun a chinneadh a mhéid a dhéanann siad difear diúltach d’athúsáid nó athchúrsáil ábhar nó a mhéid a bhíonn tionchar acu ar shábháilteacht cheimiceach. Féadfar na substaintí ar údar imní iad i bpacáistíocht agus i gcomhpháirteanna pacáistithe a liostú sa tuarascáil sin agus féadfar a shonrú inti a mhéid a d’fhéadfadh riosca do-ghlactha do shláinte an duine agus don chomhshaol a bheith ag baint leo.
Cuirfidh an Coimisiún an tuarascáil faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa, na Comhairle agus an choiste dá dtagraítear in Airteagal 65 den Rialachán seo, ina leagfar amach na torthaí ar tháinig sé orthu agus déanfaidh sé bearta leantacha iomchuí a mheas, lena n-áirítear:
|
(a)
|
i gcás substaintí ar údar imní iad in ábhair phacáistíochta a dhéanann difear go príomha do shláinte an duine nó don chomhshaol, nósanna imeachta dá dtagraítear in Airteagal 68(1) agus (2) de Rialachán (CE) Uimh. 1907/2006 a úsáid chun srianta nua a ghlacadh;
|
|
(b)
|
i gcás substaintí ar ábhar imní iad a dhéanann difear diúltach d’athúsáid agus d’athchúrsáil ábhar sa phacáistíochta ina bhfuil siad, srianta a bhunú, i gcomhréir le hAirteagal 6(4) den Rialachán seo, mar chuid de na critéir maidir le dearadh le haghaidh athchúrsála.
|
Má mheasann Ballstát go ndéanann substaint difear diúltach d’athúsáid agus d’athchúrsáil ábhar sa phacáistíocht ina bhfuil sí i láthair, déanfaidh sé, faoin 31 Nollaig 2025, an fhaisnéis sin a sholáthar don Choimisiún agus don Ghníomhaireacht Eorpach Ceimiceán agus, i gcás ina mbeidh fáil orthu, déanfaidh sé tagairt do na measúnuithe riosca ábhartha nó do shonraí ábhartha eile.