+Airteagal 5 Ceanglais maidir le substaintí i bpacáistíocht
---+Airteagal 5 1
---+Airteagal 5 2
---+Airteagal 5 3
---+Airteagal 5 4
---+Airteagal 5 5
---+Airteagal 5 6
---+Airteagal 5 7
---+Airteagal 5 8
---+Airteagal 5 9

Airteagal 5 Ceanglais maidir le substaintí i bpacáistíocht

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil
Airteagal 5 1

1.   Déanfar pacáistíocht a chuirtear ar an margadh a mhonarú ar bhealach ionas go n-íoslaghdófar láithreacht agus tiúchan substaintí, ar ábhar imní iad, ar comhábhair den ábhar pacáistíochta nó d’aon cheann de na comhpháirteanna pacáistíochta iad, lena n-áirítear i ndáil lena láithreacht in astaíochtaí agus aon toradh ar bhainistiú dramhaíola, amhail amhábhair thánaisteacha, luaith nó ábhar eile don diúscairt deiridh, agus i ndáil leis an tionchar díobhálach ar an gcomhshaol de bharr micreaphlaisteach.

Airteagal 5 2

2.   Déanfaidh an Coimisiún faireachán ar shubstaintí ar údar imní iad a bheith i bpacáistíocht agus i gcomhpháirteanna pacáistíochta agus déanfaidh sé, i gcás inarb iomchuí, na bearta leantacha ábhartha.

Faoin 31 Nollaig 2026, ullmhóidh an Coimisiún, le cúnamh ón nGníomhaireacht Eorpach Ceimiceán, tuarascáil maidir le substaintí ar údar imní iad a bheith i bpacáistíocht agus i gcomhpháirteanna pacáistíochta, chun a chinneadh a mhéid a dhéanann siad difear diúltach d’athúsáid nó athchúrsáil ábhar nó a mhéid a bhíonn tionchar acu ar shábháilteacht cheimiceach. Féadfar na substaintí ar údar imní iad i bpacáistíocht agus i gcomhpháirteanna pacáistithe a liostú sa tuarascáil sin agus féadfar a shonrú inti a mhéid a d’fhéadfadh riosca do-ghlactha do shláinte an duine agus don chomhshaol a bheith ag baint leo.

Cuirfidh an Coimisiún an tuarascáil faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa, na Comhairle agus an choiste dá dtagraítear in Airteagal 65 den Rialachán seo, ina leagfar amach na torthaí ar tháinig sé orthu agus déanfaidh sé bearta leantacha iomchuí a mheas, lena n-áirítear:

(a)

i gcás substaintí ar údar imní iad in ábhair phacáistíochta a dhéanann difear go príomha do shláinte an duine nó don chomhshaol, nósanna imeachta dá dtagraítear in Airteagal 68(1) agus (2) de Rialachán (CE) Uimh. 1907/2006 a úsáid chun srianta nua a ghlacadh;

(b)

i gcás substaintí ar ábhar imní iad a dhéanann difear diúltach d’athúsáid agus d’athchúrsáil ábhar sa phacáistíochta ina bhfuil siad, srianta a bhunú, i gcomhréir le hAirteagal 6(4) den Rialachán seo, mar chuid de na critéir maidir le dearadh le haghaidh athchúrsála.

Má mheasann Ballstát go ndéanann substaint difear diúltach d’athúsáid agus d’athchúrsáil ábhar sa phacáistíocht ina bhfuil sí i láthair, déanfaidh sé, faoin 31 Nollaig 2025, an fhaisnéis sin a sholáthar don Choimisiún agus don Ghníomhaireacht Eorpach Ceimiceán agus, i gcás ina mbeidh fáil orthu, déanfaidh sé tagairt do na measúnuithe riosca ábhartha nó do shonraí ábhartha eile.

Airteagal 5 3

3.   Féadfaidh na Ballstáit a iarraidh ar an gCoimisiún breithniú a dhéanamh ar shrian a chur, de bhun Airteagal 6(4), pointe (a), le húsáid substaintí ar údar imní iad a d’fhéadfadh tionchar diúltach a imirt ar athúsáid agus athchúrsáil ábhar i bpacáistíocht ina bhfuil siad, ar chúiseanna seachas na cúiseanna sin a bhaineann go príomha le sábháilteacht cheimiceach na substaintí sin. Cuirfidh na Ballstáit tuarascáil leis na hiarrataí sin ina ndoiciméadófar céannacht agus úsáidí na substaintí agus tuairisc ar an gcaoi a gcuireann úsáid na substaintí i bpacáistíocht bac ar athchúrsáil, ar chúiseanna seachas na cúiseanna sin a bhaineann go príomha le sábháilteacht cheimiceach. Déanfaidh an Coimisiún meastóireacht ar an iarraidh agus tíolacfaidh sé torthaí na meastóireachta sin don choiste dá dtagraítear in Airteagal 65.

Airteagal 5 4

4.   Gan dochar do na srianta ar cheimiceáin a leagtar amach in Iarscríbhinn XVII de Rialachán (CE) Uimh. 1907/2006 nó, i gcás inarb infheidhme, do na srianta agus bearta sonracha i ndáil le hábhair agus earraí a bhíonn i dtadhall le bia i Rialachán (CE) Uimh. 1935/2004, ní bheidh suim na tiúchaintí luaidhe, caidmiam, mearcair ná cróimiam heicsifhiúsach atá i bpacáistíocht nó i gcomhpháirteanna pacáistíochta níos mó ná 100 mg/kg.

Airteagal 5 5

5.   Ón 12 Lúnasa 2026, ní chuirfear pacáistíocht a bhíonn i dtadhall le bia ar an margadh má tá substaintí sárfhluarailcile agus pholafluarailcile (PFAS) ann i dtiúchan atá cothrom leis na teorainnluachanna seo a leanas nó os a gcionn, sa mhéid nach bhfuil toirmeasc ar an bpacáistíocht sin, a bhfuil an cineál sin tiúchan PFAS inti, a chur ar an margadh de bhun gníomh dlí eile de chuid an Aontais:

(a)

25 ppb i gcás aon PFAS arna thomhas le hanailís PFAS spriocdhírithe (PFASanna polaiméireacha eisiata ón gcainníochtú);

(b)

250 ppb i gcás suim na PFASanna arna tomhas mar shuim na hanailíse spriocdhírithe PFAS, i gcás inarb infheidhme le díghrádú réamhtheachtaithe roimhe sin (PFASanna polaiméireacha eisiata ón gcainníochtú); agus

(c)

50 ppm i gcás PFASanna (PFASanna polaiméireacha san áireamh); más mó ná 50 mg/kg méid iomlán an fhluairín, tabharfaidh an monaróir, an t-allmhaireoir nó an t-úsáideoir iartheachtach, mar a shainmhínítear faoi seach in Airteagal 3, pointí (9), (11) agus (13) de Rialachán (CE) Uimh. 1907/2006, don mhonaróir nó don allmhaireoir mar a shainmhínítear faoi seach iad in Airteagal 3(1), pointí (13) agus (17), den Rialachán seo, cruthúnas, arna iarraidh sin, ar chainníocht an fhluairín agus é tomhaiste mar chion de na PFASanna nó de shubstaintí nach PFASanna iad chun go ndéanfaidh siad an doiciméadacht theicniúil dá dtagraítear in Iarscríbhinn VII a ghabhann leis an Rialachán seo a tharraingt suas.

Ciallaíonn ‘PFAS’ aon substaint ina bhfuil ar a laghad aon adamh carbóin meitile lánfhluairínithe amháin (CF3-) nó meitiléine (-CF2-) (gan aon H/Cl/Br/I ceangailte leis), cé is moite de shubstaintí nach bhfuil iontu ach na heilimintí struchtúracha seo a leanas: CF3-X nó X-CF2-X’, nuair is ionann X = -OR nó -NRR’ agus X’ = meitil (-CH3), meitiléin (-CH2-), grúpa aramatach, grúpa carbóinile (-C(O)-), -OR’, -SR’” nó —NR’R’”; agus i gcás inar hidrigin (-H) é R/R’/R’/R’”, meitiléin (-CH3), meitiléin (-CH2-), grúpa aramatach nó grúpa carbóinile (-C(O)-);

Faoin 12 Lúnasa 2030, déanfaidh an Coimisiún meastóireacht chun measúnú a dhéanamh ar an ngá atá leis an mír seo a leasú nó a aisghairm chun forluí a sheachaint leis na srianta nó na toirmisc ar úsáid PFASanna a leagtar síos i gcomhréir le Rialacháin (CE) Uimh. 1935/2004, (CE) Uimh. 1907/2006 nó (AE) 2019/1021.

Airteagal 5 6

6.   Léireofar comhlíonadh na gceanglas a leagtar amach i míreanna 4 agus 5 den Airteagal seo sa doiciméadacht theicniúil a tharraingeofar suas i gcomhréir le hIarscríbhinn VII.

Airteagal 5 7

7.   Chun dul chun cinn eolaíoch agus teicniúil a chur san áireamh, féadfaidh an Coimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 64, chun an Rialachán seo a leasú chun suim na tiúchaintí luaidhe, caidmiam, mearcair ná cróimiam heicsifhiúsach atá i bpacáistíocht nó i gcomhpháirteanna pacáistíochta dá dtagraítear i mír 4 den Airteagal seo a ísliú.

Airteagal 5 8

8.   Chun dul chun cinn eolaíoch agus teicniúil a chur san áireamh, féadfaidh an Coimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 64 chun an Rialachán seo a fhorlíonadh chun na coinníollacha a chinneadh nach mbeidh feidhm ag suim na dtiúchaintí dá dtagraítear i mír 4 den Airteagal seo maidir le hábhair athchúrsáilte nó lúba táirge atá i slabhra iata agus rialaithe, chomh maith le cineálacha pacáistíochta nó formáidí pacáistíochta a chinneadh, bunaithe ar na catagóirí pacáistíochta a liostaítear i dTábla 1 d’Iarscríbhinn II a ghabhann leis an Rialachán seo, a bheidh díolmhaithe ó na ceanglais a leagtar síos sa mhír sin. Maidir leis na gníomhartha tarmligthe sin, beidh údar cuí leo bunaithe ar anailís de réir an cháis, beidh teorainn ama leo, déanfar foráil leo do cheanglais mhargaíochta agus faisnéise iomchuí, agus áireofar iontu ceanglais maidir le tuairisciú tráthrialta chun a áirithiú go ndéantar athbhreithniú ar an díolúine go tráthrialta. Ní ghlacfar na gníomhartha tarmligthe a ghlacfar i gcomhréir leis an mír seo ach chun leasú a dhéanamh ar mhaoluithe arna mbunú i gCinntí 2001/171/CE agus 2009/292/CE.

Airteagal 5 9

9.   Faoin 12 Lúnasa 2033, déanfaidh an Coimisiún meastóireacht chun a mheas an ndearnadh, leis an Airteagal seo agus leis na critéir maidir le dearadh le haghaidh athchúrsála a leagtar amach i gcomhréir le hAirteagal 6(4), rannchuidiú leordhóthanach le híoslaghdú láithreacht agus tiúchan na substaintí ar ábhar imní iad ar comhábhair d’ábhair phacáistíochta iad.

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas
  • Builddate: 22.01.2025 00:00:00 -Doknr: CELEX:32025R0040
  • EULAW -

    EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.

    DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.