+Airteagal 6 5
|
Airteagal 6 5
5. Faoin 1 Eanáir 2030, glacfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme lena mbunófar:
|
(a)
|
an mhodheolaíocht le haghaidh an mheasúnaithe ar an athchúrsáil ar an mórchóir in aghaidh na catagóire pacáistíochta a liostaítear i dTábla 2 d’Iarscríbhinn II, lena bhforlíontar Tábla 3 d’Iarscríbhinn II le tairseacha don mheasúnú ar an athchúrsáil ar an mórchóir agus, más gá, lena ndéanfar na gráid feidhmíochta in-athchúrsáilteachta fhoriomlána a dtugtar tuairisc orthu i dTábla 3 d’Iarscríbhinn II a thabhairt cothrom le dáta; beidh an mhodheolaíocht sin bunaithe ar na heilimintí seo a leanas, ar a laghad:
|
(i)
|
na cainníochtaí pacáistíochta de réir na catagóire pacáistíochta a liostaítear i dTábla 2 d’Iarscríbhinn II a chuirtear ar an margadh san Aontas ina iomláine agus i ngach Ballstát;
|
|
(ii)
|
na cainníochtaí dramhaíola ó phacáistíocht athchúrsáilte, arna ríomh ag an bpointe ríomha i gcomhréir le gníomh cur chun feidhme arna ghlacadh faoi Airteagal 56(7)(a), in aghaidh na catagóire pacáistíochta a liostaítear i dTábla 2 d’Iarscríbhinn II, san Aontas ina iomláine agus i ngach Ballstát;
|
|
|
(b)
|
an sásra um líne chúraim lena n-áirithítear go ndéanfar pacáistíocht a athchúrsáil ar an mórchóir; beidh an sásra le haghaidh líne chúraim sin bunaithe ar na heilimintí seo a leanas, ar a laghad:
|
Beidh an sásra um líne chúraim dá dtagraítear i bpointe (b) bunaithe ar na heilimintí seo a leanas ar a laghad:
|
(i)
|
doiciméadacht theicniúil ina dtagraítear do chainníocht na dramhaíola ó phacáistíocht a bhailítear agus a chuirtear chuig saoráidí sórtála agus athchúrsála;
|
|
(ii)
|
próiseas fíorúcháin lenar féidir le monaróirí na sonraí is gá a fháil ó na hoibreoirí iartheachtacha lena n-áiritheofar go bhfuil pacáistíocht á hathchúrsáil ar an mórchóir.
|
Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 65(2).
Beidh na sonraí dá dtagraítear sa chéad fhomhír den mhír seo ar fáil agus rochtain éasca ag an bpobal orthu.
1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
- Builddate: 22.01.2025 00:00:00 -Doknr: CELEX:32025R0040
- EULAW -
EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.
DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.
|