+Airteagal 6 Pacáistíocht in-athchúrsáilte
---+Airteagal 6 1
---+Airteagal 6 2
---+Airteagal 6 3
---+Airteagal 6 4
---+Airteagal 6 5
---+Airteagal 6 6
---+Airteagal 6 7
---+Airteagal 6 8
---+Airteagal 6 9
---+Airteagal 6 10
---+Airteagal 6 11
---+Airteagal 6 12

Airteagal 6 Pacáistíocht in-athchúrsáilte

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil
Airteagal 6 1

1.   Beidh gach pacáistíocht a chuirfear ar an margadh in-athchúrsáilte.

Airteagal 6 2

2.   Measfar go bhfuil pacáistíocht in-athchúrsáilte má chomhlíonann sí na coinníollacha seo a leanas:

(a)

deartar í ar bhealach le haghaidh athchúrsáil ábhar a chumasaíonn úsáid na n-amhábhar tánaisteach a eascraíonn aisti agus atá ar cháilíocht atá leordhóthanach i gcomparáid leis an ábhar bunaidh gur féidir iad a úsáid chun amhábhair phríomhúla a ionadú, i gcomhréir le mír 4; agus

(b)

nuair a thagann sí chun bheith ina dramhaíl, is féidir í a bhailiú ar leithligh i gcomhréir le hAirteagal 48(1) agus (5); agus is féidir í a shórtáil ina sruthanna sonracha dramhaíola gan difear a dhéanamh d’in-athchúrsáilteacht sruthanna dramhaíola eile; agus is féidir í a athchúrsáil ar an mórchóir, ar bhonn na modheolaíochta a leagtar amach i gcomhréir le mír 5 den Airteagal seo.

Measfar maidir le pacáistíocht atá i gcomhréir leis na gníomhartha tarmligthe arna nglacadh de bhun mhír 4 go gcomhlíonann sí an coinníoll a leagtar amach i bpointe (a) den chéad fhomhír den mhír seo.

Measfar maidir le pacáistíocht atá i gcomhréir leis na gníomhartha tarmligthe arna nglacadh de bhun mhír 4 agus leis na gníomhartha cur chun feidhme de bhun mhír 5 go gcomhlíonann sí na coinníollacha a leagtar amach sa chéad fhomhír den mhír seo.

Beidh feidhm ag pointe (a) den chéad fhomhír den mhír seo ón 1 Eanáir 2030 nó 25 mhí ó dháta theacht i bhfeidhm na ngníomhartha tarmligthe a ghlactar de bhun na chéad fhomhíre de mhír 4, cibé acu is déanaí.

Beidh feidhm ag pointe (b) den chéad fhomhír den mhír seo ón 1 Eanáir 2035 nó, a mhéid a bhaineann leis an gceanglas maidir le hathchúrsáil ar an mórchóir, ón 1 Eanáir 2035 nó 5 bliana ó dháta theacht i bhfeidhm na ngníomhartha cur chun feidhme a ghlactar de bhun mhír 5, cibé acu is déanaí.

Airteagal 6 3

3.   Déanfaidh an monaróir measúnú ar in-athchúrsáilteacht pacáistíochta ar bhonn na ngníomhartha tarmligthe a ghlactar de bhun mhír 4 den Airteagal seo agus sna gníomhartha cur chun feidhme a ghlactar de bhun mhír 5 den Airteagal seo. Déanfar in-athchúrsáilteacht pacáistíochta a shloinneadh sna gráid feidhmíochta in-athchúrsáilte A, B nó C mar a thuairiscítear i dTábla 3 d’Iarscríbhinn II.

Gan dochar do mhír 10, ón 1 Eanáir 2030 nó 24 mhí ó theacht i bhfeidhm na ngníomhartha tarmligthe a ghlactar de bhun mhír 4 den Airteagal seo, cibé acu is déanaí, ní chuirfear pacáistíocht ar an margadh murar féidir í a athchúrsáil laistigh de na gráid A, B nó C mar a thuairiscítear i dTábla 3 d'Iarscríbhinn II.

Gan dochar do mhír 10 den Airteagal seo, ón 1 Eanáir 2038, ní chuirfear pacáistíocht ar an margadh mura mbeidh sí in-athchúrsáilte faoi ghrád A nó B mar a thuairiscítear i dTábla 3 d'Iarscríbhinn II.

Airteagal 6 4

4.   Faoin 1 Eanáir 2028, déanfaidh an Coimisiún, tar éis dó na caighdeáin arna bhforbairt ag na heagraíochtaí Eorpacha um chaighdeánú a chur san áireamh, gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 64 chun an Rialachán seo a fhorlíonadh tríd an méid seo a leanas a bhunú:

(a)

critéir maidir le dearadh le haghaidh athchúrsála agus gráid feidhmíochta athchúrsála, bunaithe ar Thábla 3 d’Iarscríbhinn II agus ar na paraiméadair a liostaítear i dTábla 4 d’Iarscríbhinn II maidir le catagóirí pacáistíochta a liostaítear i dTábla 1 d’Iarscríbhinn II; déanfar critéir maidir le dearadh le haghaidh athchúrsála agus gráid feidhmíochta in-athchúrsáilteachta a fhorbairt ar bhonn an phríomhábhair agus déanfar an méid seo a leanas:

(i)

cuirfear san áireamh a fhurasta atá sé dramhaíl ó phacáistíocht a dheighilt ina sruthanna ábhair difriúla le haghaidh athchúrsála, agus í a shórtáil agus a athchúrsáil, ionas go mbeidh na hamhábhair thánaisteacha a thiocfaidh as sin ar cháilíocht leordhóthanach i gcomparáid leis an ábhar bunaidh gur féidir iad a úsáid chun na hamhábhair príomhúla a ionadú i gcás ina n-úsáidtear na hamhábhair thánaisteacha siúd i bpacáistíocht nó feidhmeanna ina gcaomhnaítear cáilíocht an ábhair athchúrsáilte iad, i gcás inarb indéanta;

(ii)

breithneofar ar phróisis sheanbhunaithe bailiúcháin agus sórtála arna gcruthú i dtimpeallacht oibríochtúil agus cumhdófar gach comhpháirt phacáistíochta;

(iii)

cuirfear san áireamh na teicneolaíochtaí athchúrsála atá ar fáil, a bhfeidhmíocht eacnamaíoch agus chomhshaoil, lena n-áirítear cáilíocht an aschuir, infhaighteacht na dramhaíola, an fuinneamh a theastaíonn uathu agus a n-astaíochtaí gás ceaptha teasa;

(iv)

i gcás inarb iomchuí, sainaithneofar substaintí ar údar imní iad agus a dhéanann difear diúltach d’athúsáid agus athchúrsáil ábhar sa phacáistíocht ina bhfuil siad;

(v)

i gcás inarb iomchuí, bunófar srianta ar láithreacht na substaintí ar ábhar imní iad, nó ghrúpaí na substaintí sin, a bheith i bpacáistíocht nó i gcomhpháirteanna pacáistíochta ar chúiseanna nach mbaineann go príomha le sábháilteacht cheimiceach; d’fhéadfadh na srianta sin feidhmiú freisin chun rioscaí do-ghlactha do shláinte an duine nó don chomhshaol a laghdú, gan dochar do na srianta ar cheimiceáin a leagtar amach in Iarscríbhinn XVII a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 1907/2006 nó, i gcás inarb infheidhme, do na srianta agus do na bearta sonracha maidir le hábhair agus earraí a bhíonn i dtadhall le bia i Rialachán (CE) Uimh. 1935/2004;

(b)

conas measúnú ar fheidhmíocht in-athchúrsáilteachta a dhéanamh agus na torthaí a bhaineann leis a chur in iúl de réir gráid feidhmíochta in-athchúrsáilteachta in aghaidh an aonaid pacáistíochta, i dtéarmaí ualaithe, lena n-áirítear critéir ábharshonracha agus éifeachtúlacht sórtála chun a chinneadh an measfar pacáistíocht a bheith in-athchúrsáilte faoi mhír 2;

(c)

tuairisc, le haghaidh gach catagóire pacáistíochta a liostaítear i dTábla 1 d’Iarscríbhinn II, ar na coinníollacha faoina gcomhlíonfar a ngráid feidhmíochta in-athchúrsáilteachta faoi seach;

(d)

creat a bhaineann le modhnú na ranníocaíochtaí airgeadais atá le híoc ag táirgeoirí chun a n-oibleagáidí faoin bhfreagracht leathnaithe táirgeoirí a chomhlíonadh dá dtagraítear in Airteagal 45(1) a bheith bunaithe ar na gráid feidhmíochta in-athchúrsáilteachta pacáistíochta.

Agus na gníomhartha tarmligthe dá dtagraítear sa chéad fhomhír den mhír seo á nglacadh aige, cuirfidh an Coimisiún san áireamh torthaí an mheasúnaithe, más ann dó, a rinneadh de bhun Airteagal 5.

Tugtar an chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 64 chun Tábla 1 d’Iarscríbhinn II a leasú chun é a chur in oiriúint don fhorbairt eolaíoch agus theicniúil ar dhearadh ábhair agus táirgí, agus ar bhonneagar bailiúcháin, sórtála agus athchúrsála. Sna gníomhartha tarmligthe sin, féadfaidh an Coimisiún critéir maidir le dearadh le haghaidh athchúrsála a leagan síos le haghaidh catagóirí pacáistíochta breise nó fochatagóirí a chruthú laistigh de na catagóirí a liostaítear i dTábla 1 d’Iarscríbhinn II.

Comhlíonfaidh oibreoirí eacnamaíocha critéir nua nó nuashonraithe maidir le dearadh le haghaidh athchúrsála faoi cheann 3 bliana tar éis theacht i bhfeidhm an ghnímh tharmligthe ábhartha.

Airteagal 6 5

5.   Faoin 1 Eanáir 2030, glacfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme lena mbunófar:

(a)

an mhodheolaíocht le haghaidh an mheasúnaithe ar an athchúrsáil ar an mórchóir in aghaidh na catagóire pacáistíochta a liostaítear i dTábla 2 d’Iarscríbhinn II, lena bhforlíontar Tábla 3 d’Iarscríbhinn II le tairseacha don mheasúnú ar an athchúrsáil ar an mórchóir agus, más gá, lena ndéanfar na gráid feidhmíochta in-athchúrsáilteachta fhoriomlána a dtugtar tuairisc orthu i dTábla 3 d’Iarscríbhinn II a thabhairt cothrom le dáta; beidh an mhodheolaíocht sin bunaithe ar na heilimintí seo a leanas, ar a laghad:

(i)

na cainníochtaí pacáistíochta de réir na catagóire pacáistíochta a liostaítear i dTábla 2 d’Iarscríbhinn II a chuirtear ar an margadh san Aontas ina iomláine agus i ngach Ballstát;

(ii)

na cainníochtaí dramhaíola ó phacáistíocht athchúrsáilte, arna ríomh ag an bpointe ríomha i gcomhréir le gníomh cur chun feidhme arna ghlacadh faoi Airteagal 56(7)(a), in aghaidh na catagóire pacáistíochta a liostaítear i dTábla 2 d’Iarscríbhinn II, san Aontas ina iomláine agus i ngach Ballstát;

(b)

an sásra um líne chúraim lena n-áirithítear go ndéanfar pacáistíocht a athchúrsáil ar an mórchóir; beidh an sásra le haghaidh líne chúraim sin bunaithe ar na heilimintí seo a leanas, ar a laghad:

Beidh an sásra um líne chúraim dá dtagraítear i bpointe (b) bunaithe ar na heilimintí seo a leanas ar a laghad:

(i)

doiciméadacht theicniúil ina dtagraítear do chainníocht na dramhaíola ó phacáistíocht a bhailítear agus a chuirtear chuig saoráidí sórtála agus athchúrsála;

(ii)

próiseas fíorúcháin lenar féidir le monaróirí na sonraí is gá a fháil ó na hoibreoirí iartheachtacha lena n-áiritheofar go bhfuil pacáistíocht á hathchúrsáil ar an mórchóir.

Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 65(2).

Beidh na sonraí dá dtagraítear sa chéad fhomhír den mhír seo ar fáil agus rochtain éasca ag an bpobal orthu.

Airteagal 6 6

6.   Déanfaidh an Coimisiún measúnú ar ghráinneacht na sonraí is gá a thuairisciú don mhodheolaíocht maidir le hathchúrsáil ar an mórchóir. I gcás inarb iomchuí, déanfaidh an Coimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 64, chun Tábla 2 d’Iarscríbhinn II agus Tábla 3 d’Iarscríbhinn XII a leasú chun iad a oiriúnú don dul chun cinn teicniúil agus eolaíoch.

Airteagal 6 7

7.   Faoi 2035, féadfaidh an Coimisiún, ar bhonn fhorbairt na dteicneolaíochtaí sórtála agus athchúrsála, athbhreithniú a dhéanamh ar na híostairseacha ag a meastar pacáistíocht a bheith athchúrsáilte ar an mórchóir, agus, i gcás inarb iomchuí, féadfaidh sé togra reachtach a thíolacadh chun na tairseacha a athbhreithniú.

Airteagal 6 8

8.   Chun leibhéal in-athchúrsáilteachta na pacáistíochta a mhéadú, 18 mí ó dháta theacht i bhfeidhm na ngníomhartha tarmligthe a ghlactar de bhun mhír 4 den Airteagal seo agus na ngníomhartha cur chun feidhme ghlactar de bhun mhír 5 den Airteagal seo, modhnófar na ranníocaíochtaí airgeadais arna n-íoc ag táirgeoirí chun a n-oibleagáidí faoin bhfreagracht leathnaithe táirgeoirí mar a leagtar síos in Airteagal 45 a chomhlíonadh i gcomhréir leis na gráid feidhmíochta in-athchúrsáilteachta, mar a leagtar amach go sonrach sna gníomhartha tarmligthe a ghlactar de bhun mhír 4 den Airteagal seo agus sna gníomhartha cur chun feidhme a ghlactar de bhun mhír 5 den Airteagal seo.

Maidir le ranníocaíochtaí airgeadais arna n-íoc ag táirgeoirí chun a n-oibleagáidí faoin bhfreagracht leathnaithe táirgeoirí a chomhlíonadh mar a leagtar síos in Airteagal 45 i ndáil le pacáistíocht dá dtagraítear i mír 11, pointe (g), den Airteagal seo, cuirfidh na Ballstáit san áireamh indéantacht theicniúil agus inmharthanacht eacnamaíoch athchúrsáil na pacáistíochta sin.

Airteagal 6 9

9.   Léireofar comhlíonadh na gceanglas, a leagtar amach i míreanna 2 agus 3 den Airteagal seo, sa doiciméadacht theicniúil a bhaineann leis an bpacáistíocht a leagtar amach in Iarscríbhinn VII.

I gcás ina bhfuil comhpháirteanna comhtháite in aonad pacáistíochta, áireofar sa mheasúnú ar chomhlíonadh na gcritéar maidir le dearadh le haghaidh athchúrsála agus comhlíonadh na gceanglas maidir le hathchúrsáil ar an mórchóir de na comhpháirteanna comhtháite uile. Féadfar measúnú ar leithligh ar chomhpháirteanna comhtháite a d’fhéadfadh teacht chun a bheith scartha ó chéile de dheasca strus meicniúil le linn iompair nó sórtála.

I gcás ina bhfuil comhpháirteanna ar leithligh in aonad pacáistíochta, déanfar an measúnú ar chomhlíonadh na gceanglas maidir le dearadh le haghaidh athchúrsála agus comhlíonadh na gceanglas maidir le hathchúrsáil ar an mórchóir ar leithligh i gcás gach comhpháirte ar leithligh.

Beidh comhpháirteanna uile aonaid pacáistíochta comhoiriúnach do na próisis bhailiúcháin, sórtála agus athchúrsála sheanbhunaithe, arna gcruthú i dtimpeallacht oibríochtúil, agus ní chuirfidh siad bac ar in-athchúrsáilteacht phríomhchabhail an aonaid pacáistíochta.

Airteagal 6 10

10.   De mhaolú ar mhíreanna 2 agus 3, ón 1 Eanáir 2030, féadfar pacáistíocht nuálach nach gcomhlíonann na ceanglais faoi mhír 2 a chur ar fáil ar an margadh suas le 5 bliana ó dheireadh na bliana féilire inar cuireadh ar an margadh í.

I gcás ina mbaintear úsáid as an maolú sin, tabharfaidh an t-oibreoir eacnamaíoch fógra don údarás inniúil sula gcuirfear an phacáistíocht nuálach ar an margadh agus áireoidh sé na sonraí teicniúla go léir lena léireofar gur pacáistíocht nuálach í an phacáistíocht. Áireofar san fhógra sin amlíne chun na ceanglais maidir le hathchúrsáil ar an mórchóir a bhaint amach maidir leis an bpacáistíocht nuálach a bhailiú agus a athchúrsáil. Cuirfear an fhaisnéis sin ar fáil don Choimisiún agus do na húdaráis náisiúnta a dhéanann faireachas margaidh.

Má mheasann an t-údarás inniúil nach pacáistíocht nuálach í an phacáistíocht, comhlíonfaidh an t-oibreoir eacnamaíoch na critéir maidir le dearadh le haghaidh athchúrsála atá ann cheana.

Má mheasann an t-údarás inniúil gur pacáistíocht nuálach í an phacáistíocht, cuirfidh sé an Coimisiún ar an eolas dá réir sin.

Déanfaidh an Coimisiún measúnú ar iarrataí ó údaráis inniúla i ndáil le cineál nuálach na pacáistíochta agus déanfaidh sé gníomhartha tarmligthe nua a thabhairt cothrom le dáta nó a ghlacadh faoi mhír 4 den Airteagal seo, de réir mar is iomchuí.

Déanfaidh an Coimisiún faireachán ar thionchar an mhaolaithe dá dtagraítear sa chéad fhomhír ar chainníocht na pacáistíochta a chuirtear ar an margadh. Déanfaidh an Coimisiún togra reachtach a thíolacadh, i gcás inarb iomchuí, d’fhonn an fhomhír sin a leasú.

Beidh sé d’aidhm ag na Ballstáit ar bhonn leanúnach feabhas a chur ar bhonneagair bhailiúcháin agus shórtála le haghaidh pacáistíocht nuálach lena ngabhann tairbhí comhshaoil a mheastar a bheidh ann.

Airteagal 6 11

11.   Ní bheidh feidhm ag an Airteagal seo maidir leis an méid seo a leanas:

(a)

neasphacáistíocht mar a shainmhínítear in Airteagal 1, pointe (23), de Threoir 2001/83/CE agus in Airteagal 4, pointe(25), de Rialachán (AE) 2019/6;

(b)

pacáistíocht atá íogair ó thaobh teagmhála de le haghaidh feistí leighis a chumhdaítear faoi Rialachán (AE) 2017/745;

(c)

pacáistíocht atá íogair ó thaobh teagmhála de le haghaidh feistí leighis diagnóiseacha in vitro a chumhdaítear le Rialachán (AE) 2017/746;

(d)

forphacáistíocht mar a shainmhínítear in Airteagal 1, pointe (24), de Threoir 2001/83/CE agus in Airteagal 4, pointe (26), de Rialachán (AE) 2019/6 i gcásanna inar gá an phacáistíocht sin chun ceanglais shonracha a chomhlíonadh chun cáilíocht an táirge íocshláinte a chaomhnú[…];

(e)

pacáistíocht atá íogair ó thaobh teagmhála de le haghaidh bainne foirmle do naíonáin agus bainne foirmle leantach, bia gránachbhunaithe próiseáilte agus bia do naíonáin, agus bia chun críoch speisialta míochaine mar a shainmhínítear in Airteagal 1, pointí (a), (b) agus (c), de Rialachán (AE) Uimh. 609/2013;

(f)

pacáistíocht a úsáidtear chun earraí contúirteacha a iompar i gcomhréir le Treoir 2008/68/CE;

(g)

pacáistíocht díolacháin atá déanta as adhmad éadrom, corc, teicstíl, rubar, ceirmeach, poirceallán nó céir; beidh feidhm ag mír 8 maidir le pacáistíocht den sórt sin, áfach.

Airteagal 6 12

12.   Faoin 1 Eanáir 2035, déanfaidh an Coimisiún athbhreithniú ar na heisceachtaí faoi mhír 11 agus an méid seo a leanas á chur san áireamh, ar a laghad: éabhlóid na dteicneolaíochtaí sórtála agus athchúrsála agus taithí phraiticiúil atá faighte ag na hoibreoirí eacnamaíocha agus ag na Ballstáit. Ar an mbonn sin, déanfaidh an Coimisiún measúnú ar a iomchuí atá sé leanúint leis na heisceachtaí sin agus, i gcás inarb iomchuí, tíolacfaidh sé togra reachtach.

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas
  • Builddate: 22.01.2025 00:00:00 -Doknr: CELEX:32025R0040
  • EULAW -

    EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.

    DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.