|
+Airteagal 6 9 |
Airteagal 6 99. Léireofar comhlíonadh na gceanglas, a leagtar amach i míreanna 2 agus 3 den Airteagal seo, sa doiciméadacht theicniúil a bhaineann leis an bpacáistíocht a leagtar amach in Iarscríbhinn VII. I gcás ina bhfuil comhpháirteanna comhtháite in aonad pacáistíochta, áireofar sa mheasúnú ar chomhlíonadh na gcritéar maidir le dearadh le haghaidh athchúrsála agus comhlíonadh na gceanglas maidir le hathchúrsáil ar an mórchóir de na comhpháirteanna comhtháite uile. Féadfar measúnú ar leithligh ar chomhpháirteanna comhtháite a d’fhéadfadh teacht chun a bheith scartha ó chéile de dheasca strus meicniúil le linn iompair nó sórtála. I gcás ina bhfuil comhpháirteanna ar leithligh in aonad pacáistíochta, déanfar an measúnú ar chomhlíonadh na gceanglas maidir le dearadh le haghaidh athchúrsála agus comhlíonadh na gceanglas maidir le hathchúrsáil ar an mórchóir ar leithligh i gcás gach comhpháirte ar leithligh. Beidh comhpháirteanna uile aonaid pacáistíochta comhoiriúnach do na próisis bhailiúcháin, sórtála agus athchúrsála sheanbhunaithe, arna gcruthú i dtimpeallacht oibríochtúil, agus ní chuirfidh siad bac ar in-athchúrsáilteacht phríomhchabhail an aonaid pacáistíochta. 1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí1.2 Ceanglais aitheanta1.3 Caighdeáin ghaolmhara2. Ceanglais aitheanta
3. Caighdeáin ghaolmhara
|