9. Faoin 31 Nollaig 2026, ar bhonn an mheasúnaithe dá dtagraítear i mír 8, an dara fomhír, glacfaidh an Coimisiún gníomhartha tarmligthe i gcomhréir le hAirteagal 64 lena bhforlíonfar an Rialachán seo le critéir inbhuanaitheachta le haghaidh teicneolaíochtaí athchúrsála plaisteacha.
Chun críocha an Airteagail seo, déanfar ábhar athchúrsáilte a aisghabháil ó dhramhaíl phlaisteach iarthomhaltais a athchúrsáladh i gceann díobh seo a leanas:
|
(a)
|
suiteálacha atá lonnaithe laistigh den Aontas a úsáideann teicneolaíochtaí athchúrsála a chomhlíonann na critéir inbhuanaitheachta sin arna mbunú de bhun na míre seo; nó
|
|
(b)
|
suiteálacha atá lonnaithe i suiteáil tríú tír ina n-úsáidtear teicneolaíochtaí athchúrsála i gcomhréir le caighdeáin atá coibhéiseach leis na critéir inbhuanaitheachta a forbraíodh faoi na gníomhartha tarmligthe.
|