+Airteagal 7 Íoschion na n-ábhar athchúrsáilte i bpacáistíocht phlaisteach
---+Airteagal 7 1
---+Airteagal 7 2
---+Airteagal 7 3
---+Airteagal 7 4
---+Airteagal 7 5
---+Airteagal 7 6
---+Airteagal 7 7
---+Airteagal 7 8
---+Airteagal 7 9
---+Airteagal 7 10
---+Airteagal 7 11
---+Airteagal 7 12
---+Airteagal 7 13
---+Airteagal 7 14
---+Airteagal 7 15

Airteagal 7 Íoschion na n-ábhar athchúrsáilte i bpacáistíocht phlaisteach

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil
Airteagal 7 1

1.   Faoin 1 Eanáir 2030, nó faoi cheann 3 bliana ó dháta theacht i bhfeidhm an ghnímh cur chun feidhme dá dtagraítear i mír 8 den Airteagal seo, cibé acu is déanaí, beidh in aon chuid phlaisteach de phacáistíocht a chuirtear ar an margadh an t-íoschéatadán d’ábhair athchúrsáilte a leanas, a bheidh aisghafa ó dhramhaíl phlaisteach iarthomhaltais, de réir an chineáil agus na formáide pacáistíochta mar a thagraítear dóibh i dTábla 1 d’Iarscríbhinn II, de réir an ghléasra monaraíochta agus na bliana.

(a)

30 % i gcás pacáistíocht atá íogair ó thaobh teagmhála de a dhéantar de theireataláit phoileitléine (TPE), arb í sin an mhór-chomhpháirt, seachas buidéil deochanna aon úsáide;

(b)

10 % i gcás pacáistíochta atá íogair ó thaobh teagmhála de le haghaidh ábhair phlaisteacha seachas TPE, cé is moite de bhuidéil deochanna phlaisteacha aon úsáide;

(c)

30 % i gcás buidéil deochanna phlaisteacha aon úsáide;

(d)

35 % i gcás pacáistíocht phlaisteach cé is moite den phacáistíocht dá dtagraítear i bpointí (a), (b) agus (c) den mhír seo.

Airteagal 7 2

2.   Faoin 1 Eanáir 2040, beidh in aon chuid phlaisteach de phacáistíocht a chuirtear ar an margadh an t-íoschéatadán d’ábhair athchúrsáilte seo a leanas, a bheidh aisghafa ó dhramhaíl phlaisteach iarthomhaltais, de réir an chineáil agus na formáide pacáistíochta mar a thagraítear dóibh i dTábla 1 d’Iarscríbhinn II, arna ríomh mar mheán de réir an ghléasra monaraíochta agus na bliana.

(a)

50 % i gcás pacáistíochta atá íogair ó thaobh teagmhála de a dhéantar as TPE mar an phríomh-chomhpháirt, seachas buidéil deochanna phlaisteacha aon úsáide;

(b)

25 % i gcás pacáistíochta atá íogair ó thaobh teagmhála de le haghaidh ábhair phlaisteacha seachas TPE, cé is moite de bhuidéil deochanna phlaisteacha aon úsáide;

(c)

65 % i gcás buidéil deochanna phlaisteacha aon úsáide;

(d)

65 % i gcás pacáistíochta cé is moite den phacáistíocht dá dtagraítear i bpointí (a), (b) agus (c) den mhír seo.

Airteagal 7 3

3.   Chun críocha an Airteagail seo, déanfar ábhar athchúrsáilte a aisghabháil ó dhramhaíl phlaisteach iarthomhaltais a ndearnadh an méid seo a leanas ina leith:

(a)

bailíodh í laistigh den Aontas de bhun an Rialacháin seo nó, de bhun na rialacha náisiúnta lena dtrasuitear Treoracha 2008/98/CE agus (AE) 2019/904, de réir mar is ábhartha, nó bailíodh í i dtríú tír i gcomhréir le caighdeáin maidir le bailiú ar leithligh chun athchúrsáil ar ardcháilíocht atá coibhéiseach leo siúd dá dtagraítear sa Rialachán seo agus i dTreoracha 2008/98/CE agus (AE) 2019/904 a chur chun cinn, de réir mar is ábhartha; agus

(b)

i gcás inarb infheidhme, a athchúrsáladh i suiteáil atá lonnaithe laistigh den Aontas a bhfuil feidhm ag Treoir 2010/75/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (62) maidir léi, nó a athchúrsáladh i suiteáil atá lonnaithe i dtríú tír a bhfuil feidhm ag rialacha maidir le cosc agus laghdú astaíochtaí san aer, san uisce agus sa talamh a bhaineann leis na hoibríochtaí athchúrsála maidir léi, agus go bhfuil na rialacha sin coibhéiseach leis na rialacha a bhaineann le teorainneacha astaíochtaí agus leibhéil feidhmíochta comhshaoil arna mbunú i gcomhréir le Treoir 2010/75/AE a bheadh infheidhme maidir le suiteáil atá lonnaithe san Aontas a dhéanann an ghníomhaíocht chéanna; ní bheidh feidhm ag an gcoinníoll sin ach amháin sa chás ina mbeadh na teorainneacha agus na leibhéil sin infheidhme maidir le suiteáil atá lonnaithe san Aontas agus a dhéanann an ghníomhaíocht chéanna a dhéanann suiteáil analógach atá lonnaithe sa tríú tír;

Airteagal 7 4

4.   Ní bheidh feidhm ag míreanna 1 agus 2 maidir leis an méid seo a leanas:

(a)

neasphacáistíocht mar a shainmhínítear in Airteagal 1, pointe (23), de Threoir 2001/83/CE agus in Airteagal 4, pointe 25, de Rialachán (AE) 2019/6;

(b)

pacáistíocht phlaisteach atá íogair ó thaobh teagmhála de ar fheistí leighis, feistí atá beartaithe go heisiach don úsáid taighde agus feistí iniúchóireachta a chumhdaítear le Rialachán (AE) 2017/745;

(c)

pacáistíocht phlaisteach atá íogair ó thaobh teagmhála de le haghaidh feistí leighis diagnóiseacha in vitro a chumhdaítear le Rialachán (AE) 2017/746;

(d)

forphacáistíocht mar a shainmhínítear in Airteagal 1, pointe (24), de Threoir 2001/83/CE agus in Airteagal 4, pointe (26), de Rialachán (AE) 2019/6 i gcásanna inar gá an phacáistíocht sin chun ceanglais shonracha a chomhlíonadh chun cáilíocht an táirge íocshláinte a chaomhnú[…];

(e)

pacáistíocht phlaisteach inmhúirínithe;

(f)

pacáistíocht a úsáidtear chun earraí contúirteacha a iompar i gcomhréir le Treoir 2008/68/CE;

(g)

pacáistíocht atá íogair ó thaobh teagmhála de le haghaidh bia atá beartaithe do naíonáin agus leanaí óga amháin, bia chun críoch speisialta míochaine agus pacáistíocht le haghaidh deochanna agus bia a úsáidtear de ghnáth le haghaidh leanaí óga dá dtagraítear in Airteagal 1, pointí (a), (b) agus (c) de Rialachán (AE) Uimh. 609/2013;

(h)

pacáistíocht le haghaidh soláthairtí, comhpháirteanna, agus comhpháirteanna neasphacáistíochta le haghaidh monarú táirgí íocshláinte a chumhdaítear le Treoir 2001/83/CE agus le haghaidh táirgí íocshláinte tréidliachta a chumhdaítear le Rialachán (AE) 2019/6 i gcás ina bhfuil gá leis an bpacáistíocht sin chun bheith i gcomhréir le caighdeáin cháilíochta an táirge íocshláinte.

Airteagal 7 5

5.   Ní bheidh feidhm ag míreanna 1 ná 2 maidir leis an méid seo a leanas:

(a)

pacáistíocht phlaisteach a bheartaítear a bheith i dtadhall le bia i gcás ina bhfuil cainníocht an ábhair athchúrsáilte ina bhagairt do shláinte an duine agus i gcás nach gcomhlíonfadh táirgí pacáistithe Rialachán (CE) Uimh. 1935/2004 dá dheasca sin;

(b)

aon pháirt phlaisteach ar lú a cuid den aonad pacáistíochta ná 5 % de mheáchan iomlán an aonaid pacáistíochta uile.

Airteagal 7 6

6.   Léireoidh monaróirí nó allmhaireoirí san fhaisnéis theicniúil a bhaineann leis an bpacáistíocht dá dtagraítear in Iarscríbhinn VII go bhfuil na ceanglais a leagtar amach i míreanna 1 agus 2 den Airteagal seo á gcomhlíonadh.

Airteagal 7 7

7.   Féadfar na ranníocaíochtaí airgeadais arna n-íoc ag táirgeoirí chun a n-oibleagáidí faoin bhfreagracht leathnaithe táirgeoirí a chomhlíonadh, a leagtar síos in Airteagal 45, a mhodhnú bunaithe ar chéatadán den ábhar athchúrsáilte a úsáidtear sa phacáistíocht. Cuirfear san áireamh in aon mhodhnú critéir inbhuanaitheachta na dteicneolaíochtaí athchúrsála agus na costais chomhshaoil chun críoch ábhair athchúrsáilte.

Airteagal 7 8

8.   Faoin 31 Nollaig 2026, glacfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme lena mbunófar an mhodheolaíocht chun an céatadán d’ábhar athchúrsáilte a ríomh agus a dheimhniú a aisghabhtar ó dhramhaíl phlaisteach iarthomhaltais a athchúrsáladh agus a bailíodh laistigh den Aontas i gcomhréir leis na coinníollacha a leagtar amach i mír 3 den Airteagal seo, chomh maith le formáid na doiciméadachta teicniúla dá dtagraítear in Iarscríbhinn VII. Chun na críche sin, cuirfidh an Coimisiún san áireamh an úsáid a bhaintear as na hamhábhair thánaisteacha a eascraíonn as sin atá de cháilíocht leordhóthanach i gcomparáid leis an mbunábhar is féidir a úsáid chun amhábhair phríomha a ionadú. Féadfar a áireamh sa mhodheolaíocht fíorúcháin an oibleagáid iniúchadh neamhspleách tríú páirtí a dhéanamh ar mhonaróirí ábhair athchúrsáilte san Aontas agus pacáistíocht phlaisteach a chuirtear ar an margadh mar aonad díolacháin ar leithligh ó tháirgí eile chun a áirithiú go gcomhlíonfar na coinníollacha a leagtar amach i mír 3 den Airteagal seo agus sa ghníomh tarmligthe a ghlactar faoi mhír 9 den Airteagal seo.

Agus na gníomhartha cur chun feidhme á nglacadh aige, déanfaidh an Coimisiún measúnú ar na teicneolaíochtaí athchúrsála atá ar fáil, agus a bhfeidhmíocht eacnamaíoch agus chomhshaoil á cur san áireamh, lena n-áirítear cáilíocht an aschuir, infhaighteacht na dramhaíola, an fuinneamh is gá agus astaíochtaí gás ceaptha teasa agus tionchair ábhartha eile ar an gcomhshaol.

Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 65(2).

Airteagal 7 9

9.   Faoin 31 Nollaig 2026, ar bhonn an mheasúnaithe dá dtagraítear i mír 8, an dara fomhír, glacfaidh an Coimisiún gníomhartha tarmligthe i gcomhréir le hAirteagal 64 lena bhforlíonfar an Rialachán seo le critéir inbhuanaitheachta le haghaidh teicneolaíochtaí athchúrsála plaisteacha.

Chun críocha an Airteagail seo, déanfar ábhar athchúrsáilte a aisghabháil ó dhramhaíl phlaisteach iarthomhaltais a athchúrsáladh i gceann díobh seo a leanas:

(a)

suiteálacha atá lonnaithe laistigh den Aontas a úsáideann teicneolaíochtaí athchúrsála a chomhlíonann na critéir inbhuanaitheachta sin arna mbunú de bhun na míre seo; nó

(b)

suiteálacha atá lonnaithe i suiteáil tríú tír ina n-úsáidtear teicneolaíochtaí athchúrsála i gcomhréir le caighdeáin atá coibhéiseach leis na critéir inbhuanaitheachta a forbraíodh faoi na gníomhartha tarmligthe.

Airteagal 7 10

10.   Faoin 31 Nollaig 2026, glacfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme lena mbunófar an mhodheolaíocht chun measúnú, fíorú agus deimhniú a dhéanamh, lena n-áirítear trí iniúchadh tríú páirtí, ar choibhéis na rialacha a chuirtear i bhfeidhm i gcásanna ina ndéantar an t-ábhar athchúrsáilte a aisghabhtar ó dhramhaíl phlaisteach iarthomhaltais a athchúrsáil nó a bhailiú i dtríú tír. Breithneofar sa mheasúnú na caighdeáin maidir le cosaint an chomhshaoil agus shláinte an duine, lena n-áirítear caighdeáin chun a áirithiú go ndéanfar athchúrsáil ar bhealach atá neamhdhíobhálach don chomhshaol, agus caighdeáin maidir le hathchúrsáil ar ardchaighdeán, amhail caighdeáin maidir le héifeachtúlacht acmhainní agus caighdeáin cháilíochta le haghaidh na n-earnálacha athchúrsála. Glacfar na gníomhartha cur chun feidhme sin i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 65(2).

Airteagal 7 11

11.   Faoin 1 Eanáir 2029 nó 24 mhí ó dháta theacht i bhfeidhm an ghnímh cur chun feidhme dá dtagraítear i mír 8, cibé acu is déanaí, comhlíonfar le ríomh agus fíorú chéatadán an ábhair athchúrsáilte atá i bpacáistíocht faoi mhír 1 na rialacha a leagtar síos sa ghníomh cur chun feidhme a ghlactar de bhun mhír 8.

Airteagal 7 12

12.   Faoin 1 Eanáir 2028, déanfaidh an Coimisiún measúnú ar an ngá atá le maoluithe ar na híoschéatadáin d'ábhar athchúrsáilte a leagtar síos i mír 1, pointí (b) agus (d), le pacáistíocht phlaisteach shonrach, nó le hathbhreithniú ar an liosta eisceachtaí i mír 4 le haghaidh pacáistíocht phlaisteach shonrach.

Bunaithe ar an measúnú dá dtagraítear sa chéad fhomhír den mhír seo, i gcás nach n-údaraítear teicneolaíochtaí athchúrsála oiriúnacha chun pacáistíocht phlaisteach a athchúrsáil faoi rialacha ábhartha an Aontais nó nach bhfuil siad ar fáil go leordhóthanach sa chleachtas, agus aon cheanglas a bhaineann le sábháilteacht á chur san áireamh, go háirithe maidir le pacáistíocht phlaisteach atá íogair ó thaobh teagmhála de, lena n-áirítear pacáistíocht bhia, tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 64 chun an Rialachán seo a leasú chun an méid seo a leanas a dhéanamh:

(a)

foráil a dhéanamh do mhaoluithe ar an raon feidhme, ar an uainiú nó ar an leibhéal íoschéatadáin a leagtar síos i mír 1, pointí (b) agus (d) den Airteagal seo, le haghaidh pacáistíocht phlaisteach shonrach; agus

(b)

de réir mar is iomchuí, liosta na n-eisceachtaí a bhunaítear i mír 4 den Airteagal seo a leasú.

Airteagal 7 13

13.   I gcás ina mbeidh sé ródheacair na híoschéatadáin d’ábhar athchúrsáilte a leagtar amach i míreanna 1 agus 2 den Airteagal seo a chomhlíonadh mar gheall ar easpa infhaighteachta nó praghsanna iomarcacha ar phlaistigh athchúrsáilte shonracha, tabharfar de chumhacht don Choimisiún gníomh tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 64 chun na míreanna sin a leasú trí na híoschéatadáin a choigeartú dá réir. Agus meastóireacht á déanamh an iomchuí coigeartú den chineál sin, déanfaidh an Coimisiún measúnú ar iarrataí ó dhaoine nádúrtha nó daoine dlítheanacha lena mbeidh faisnéis ábhartha agus sonraí maidir le staid an mhargaidh i gcás na dramhaíola plaistí iarthomhaltais, chomh maith leis an bhfianaise is fearr a bhfuil fáil uirthi maidir leis na rioscaí gaolmhara do shláinte an duine agus sláinte ainmhithe, do shlándáil an tsoláthair bia agus don chomhshaol. Ní ghlacfaidh an Coimisiún an gníomh tarmligthe sin ach amháin i gcásanna eisceachtúla ina mbeadh éifeachtaí díobhálacha tromchúiseacha ann do shláinte an duine nó do shláinte ainmhithe, do shlándáil an tsoláthair bia nó don chomhshaol.

Airteagal 7 14

14.   Faoin 12 Feabhra 2032, agus éabhlóid úrscothacht na teicneolaíochta agus an taithí phraiticiúil atá faighte ag na hoibreoirí eacnamaíocha agus ag na Ballstáit á gcur san áireamh, tíolacfaidh an Coimisiún tuarascáil lena ndéanfar athbhreithniú ar chur chun feidhme íoschéatadán 2030 d'ábhar athchúrsáilte a leagtar amach i mír 1, agus ina ndéanfar meastóireacht ar a mhéid a eascraíonn réitigh as na céatadáin sin lena gcothaítear pacáistíocht inbhuanaithe atá éifeachtach agus éasca a chur chun feidhme, a indéanta atá sé na híoschéatadáin do 2040 a bhaint amach ar bhonn na taithí maidir le híoschéatadáin 2030 agus na himthosca atá ag athrú a bhaint amach, ar a ábhartha atá sé na heisceachtaí agus na maoluithe a leagtar amach san Airteagal seo a choinneáil, agus ar an ngá nó an ábharthacht a bhaineann le híoschéatadáin nua d’ábhar athchúrsáilte a shocrú. Beidh togra reachtach ag gabháil leis an tuarascáil sin, i gcás inarb iomchuí, lena leasófar an tAirteagal seo, go háirithe íoschéatadáin 2040 den ábhar athchúrsáilte.

Airteagal 7 15

15.   Faoin 12 Feabhra 2032, déanfaidh an Coimisiún athbhreithniú ar an gcás maidir le húsáid ábhar pacáistíochta athchúrsáilte i bpacáistíocht nach pacáistíocht phlaisteach í agus, ar an mbonn sin, déanfaidh sé measúnú ar a oiriúnaí a bheadh sé bearta a bhunú, nó spriocanna a shocrú, maidir le méadú ar úsáid an ábhair athchúrsáilte sa phacáistíocht eile sin, agus i gcás inarb iomchuí, togra reachtach a thíolacadh.

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas
  • Builddate: 22.01.2025 00:00:00 -Doknr: CELEX:32025R0040
  • EULAW -

    EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.

    DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.