12. Faoin 1 Eanáir 2028, déanfaidh an Coimisiún measúnú ar an ngá atá le maoluithe ar na híoschéatadáin d'ábhar athchúrsáilte a leagtar síos i mír 1, pointí (b) agus (d), le pacáistíocht phlaisteach shonrach, nó le hathbhreithniú ar an liosta eisceachtaí i mír 4 le haghaidh pacáistíocht phlaisteach shonrach.
Bunaithe ar an measúnú dá dtagraítear sa chéad fhomhír den mhír seo, i gcás nach n-údaraítear teicneolaíochtaí athchúrsála oiriúnacha chun pacáistíocht phlaisteach a athchúrsáil faoi rialacha ábhartha an Aontais nó nach bhfuil siad ar fáil go leordhóthanach sa chleachtas, agus aon cheanglas a bhaineann le sábháilteacht á chur san áireamh, go háirithe maidir le pacáistíocht phlaisteach atá íogair ó thaobh teagmhála de, lena n-áirítear pacáistíocht bhia, tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 64 chun an Rialachán seo a leasú chun an méid seo a leanas a dhéanamh:
|
(a)
|
foráil a dhéanamh do mhaoluithe ar an raon feidhme, ar an uainiú nó ar an leibhéal íoschéatadáin a leagtar síos i mír 1, pointí (b) agus (d) den Airteagal seo, le haghaidh pacáistíocht phlaisteach shonrach; agus
|
|
(b)
|
de réir mar is iomchuí, liosta na n-eisceachtaí a bhunaítear i mír 4 den Airteagal seo a leasú.
|