+Airteagal 10 2
|
Airteagal 10 2
2. Maidir le pacáistíocht nach gcomhlíonann na critéir feidhmíochta a leagtar amach in Iarscríbhinn IV den Rialachán seo agus pacáistíocht ag a bhfuil saintréithe nach bhfuil d’aidhm acu ach toirt bhraite an táirge a mhéadú, lena n-áirítear ballaí dúbailte, íochtair bhréige, agus sraitheanna nach bhfuil gá leo, áiritheoidh an monaróir nó an t-allmhaireoir nach gcuirfear an phacáistíocht sin ar an margadh, ach amháin sna cásanna seo a leanas:
|
(a)
|
tá an dearadh pacáistíochta faoi chosaint dearaidh Comhphobail de bhun Rialachán (CE) Uimh. 6/2002 ón gComhairle (64), nó le cearta deartha a thagann faoi raon feidhme Threoir 98/71/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (65), lena n-áirítear comhaontuithe idirnáisiúnta a bhfuil éifeacht acu i gceann de na Ballstáit, nó gur trádmharc é a chruth a thagann faoi raon feidhme Rialachán (AE) 2017/1001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (66) nó Threoir (AE) 2015/2436 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (67), lena n-áirítear trádmharcanna arna gclárú faoi chomhaontuithe idirnáisiúnta a bhfuil éifeacht acu i gceann de na Ballstáit, tá na cearta deartha agus na trádmharcanna faoi chosaint roimh an 11 Feabhra 2025, agus dhéanfadh cur i bhfeidhm na gceanglas faoin Airteagal seo difear do dhearadh na pacáistíochta ar bhealach ina n-athródh sé a úrnuacht nó a saintréith aonair, nó go ndéanfadh sé difear don trádmharc ar bhealach nach féidir leis an trádmharc an táirge marcáilte a idirdhealú a thuilleadh ó tháirgí na ngnóthas eile; nó
|
|
(b)
|
nó tairbhíonn an táirge pacáistithe nó an deoch de thásc geografach atá faoi chosaint faoi dhlí an Aontais, amhail faoi Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013 le haghaidh fíona, Rialachán (AE) 2019/787 le haghaidh deochanna biotáilleacha, nó Rialachán (AE) 2023/2411 le haghaidh táirgí ceardaíochta agus tionsclaíocha, nó a chumhdaítear le scéim cáilíochta dá dtagraítear i Rialachán (AE) 2024/1143.
|
1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
- Builddate: 22.01.2025 00:00:00 -Doknr: CELEX:32025R0040
- EULAW -
EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.
DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.
|