+Airteagal 10 Íoslaghdú pacáistíochta
---+Airteagal 10 1
---+Airteagal 10 2
---+Airteagal 10 3
---+Airteagal 10 4
|
Airteagal 10 Íoslaghdú pacáistíochta
1. Forbhreathnú
| Teideal |
Rialáil |
|
Airteagal 10 1
|
1. Faoin 1 Eanáir 2030, áiritheoidh an monaróir nó an t-allmhaireoir go ndéanfar an phacáistíocht a chuirtear ar an margadh a dhearadh ar chaoi a laghdófar a meáchan agus a toirt chuig an meáchan agus an toirt íosta is gá chun a feidhmiúlacht a áirithiú, agus cruth agus ábhar déanta na pacáistíochta á chur san áireamh.
|
|
Airteagal 10 2
|
2. Maidir le pacáistíocht nach gcomhlíonann na critéir feidhmíochta a leagtar amach in Iarscríbhinn IV den Rialachán seo agus pacáistíocht ag a bhfuil saintréithe nach bhfuil d’aidhm acu ach toirt bhraite an táirge a mhéadú, lena n-áirítear ballaí dúbailte, íochtair bhréige, agus sraitheanna nach bhfuil gá leo, áiritheoidh an monaróir nó an t-allmhaireoir nach gcuirfear an phacáistíocht sin ar an margadh, ach amháin sna cásanna seo a leanas:
|
(a)
|
tá an dearadh pacáistíochta faoi chosaint dearaidh Comhphobail de bhun Rialachán (CE) Uimh. 6/2002 ón gComhairle (64), nó le cearta deartha a thagann faoi raon feidhme Threoir 98/71/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (65), lena n-áirítear comhaontuithe idirnáisiúnta a bhfuil éifeacht acu i gceann de na Ballstáit, nó gur trádmharc é a chruth a thagann faoi raon feidhme Rialachán (AE) 2017/1001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (66) nó Threoir (AE) 2015/2436 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (67), lena n-áirítear trádmharcanna arna gclárú faoi chomhaontuithe idirnáisiúnta a bhfuil éifeacht acu i gceann de na Ballstáit, tá na cearta deartha agus na trádmharcanna faoi chosaint roimh an 11 Feabhra 2025, agus dhéanfadh cur i bhfeidhm na gceanglas faoin Airteagal seo difear do dhearadh na pacáistíochta ar bhealach ina n-athródh sé a úrnuacht nó a saintréith aonair, nó go ndéanfadh sé difear don trádmharc ar bhealach nach féidir leis an trádmharc an táirge marcáilte a idirdhealú a thuilleadh ó tháirgí na ngnóthas eile; nó
|
|
(b)
|
nó tairbhíonn an táirge pacáistithe nó an deoch de thásc geografach atá faoi chosaint faoi dhlí an Aontais, amhail faoi Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013 le haghaidh fíona, Rialachán (AE) 2019/787 le haghaidh deochanna biotáilleacha, nó Rialachán (AE) 2023/2411 le haghaidh táirgí ceardaíochta agus tionsclaíocha, nó a chumhdaítear le scéim cáilíochta dá dtagraítear i Rialachán (AE) 2024/1143.
|
|
|
Airteagal 10 3
|
3. Faoin 12 Feabhra 2027, iarrfaidh an Coimisiún ar na heagraíochtaí Eorpacha um chaighdeánú caighdeáin chomhchuibhithe a ullmhú nó a thabhairt cothrom le dáta, de réir mar is iomchuí, lena leagfar síos an mhodheolaíocht chun comhlíonadh na gceanglas maidir le híoslaghdú pacáistíochta faoin Rialachán seo a ríomh agus a thomhas. Maidir le formhór na gcineálacha agus na bhformáidí coitianta pacáistíochta, ba cheart sonrú sna caighdeáin sin teorainneacha leordhóthanacha uasta meáchain agus toirte, agus, i gcás inarb iomchuí, tiús ballaí agus an spás folamh uasta.
|
|
Airteagal 10 4
|
4. Léireofar comhlíonadh na gceanglas a leagtar amach i míreanna 1 agus 2 den Airteagal seo sa doiciméadacht theicniúil dá dtagraítear in Iarscríbhinn VII, agus beidh na heilimintí seo a leanas ann:
|
(a)
|
míniú ar na sonraíochtaí, caighdeáin agus coinníollacha teicniúla a úsáidtear chun measúnú a dhéanamh ar an bpacáistíocht i leith na gcritéar feidhmíochta agus na modheolaíochta a leagtar amach in Iarscríbhinn IV;
|
|
(b)
|
maidir le gach ceann de na critéir feidhmíochta sin, sainaithint na gceanglas deartha lena gcoisctear tuilleadh laghdaithe ar mheáchan nó ar thoirt na pacáistíochta;
|
|
(c)
|
aon toradh tástála, staidéar nó foinse eile, amhail samhaltú agus ionsamhlúcháin, a úsáidtear chun measúnú a dhéanamh ar thoirt riachtanach íosta nó meáchan riachtanach íosta na pacáistíochta.
|
I gcás pacáistíocht in-athúsáidte, cuirfear san áireamh sa mheasúnú ar chomhlíonadh na gceanglas a leagtar amach i mír 1 den Airteagal seo saintréithe na pacáistíochta, agus ar an gcéad dul síos, na ceanglais a leagtar amach in Airteagal 11.
|
,
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
- Builddate: 22.01.2025 00:00:00 -Doknr: CELEX:32025R0040
- EULAW -
EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.
DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.
|